Tchítear do Robert McMillen go léiríonn cúlú an Chamshrónaigh ó nochtadh na fírinne go rialaíonn bunaíocht Shasana an tír thall.
Bhí mé ag caint a thug John Pilger i mBéal Feirste in 2009 agus grá-fest Barack Obama faoi lán seoil. Cuireadh ceist ar an iriseoir mór-le-rá cad é a mheas sé den Uachtarán úr. Dúirt sé gur chuma mar “nach raibh ann ach Uachtarán Mheiriceá”. - Em, is é an polaiteoir is cumhachtaí ar domhan é Obama, ach thuig mé cad é a bhí i gceist aige.
Tá Adam Curtis ar dhuine de na scannánóirí faisnéise is fearr dá bhfuil ag saothrú faoi láthair. Sa tsraith, The Trap, cuireann Curtis síos ar an dóigh a bhfuil saoránaigh an domhain faoi smacht ag daoine atá in ainm is a bheith ag cosaint a saoirse. Luann sé eachtra amháin a tharla cóicís sular insealbhaíodh Bill Clinton mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Bhí geallúintí tugtha ag Clinton go bhfeabhsódh sé cúram sláinte, go gcuirfeadh sé le líon na ndaoine a bhí i dteideal leasa shóisialaigh, go gcuirfeadh sé go mór le hinfheistíocht i gcruthú postanna agus go gcuirfeadh sé deireadh leis na neamhionannais a bhí cruthaithe le linn réimeas George Bush I.
Ach dhá sheachtain sular ghlac sé an mhóid dhílseachta i mí Eanáir 2003, labhair Alan Greenspan, ceannaire an Bhainc Chúlchiste Fheadarálaigh, agus Robert Rubin, Príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, leis an cheannaire nuathofa. Dúirt an dís le Clinton, dá rachadh sé ar aghaidh lena bheartais, go mbeadh an tír bancbhriste ach go raibh bealach eile ann, .i. hiomlán saoirse a thabhairt do na margaidh. Ghlac Clinton lena gcomhairle agus tá a fhios againn cad é an toradh a bhí leis an chinneadh sin.
Agus Geallúintí Abhus
Ach cén baint atá ag seo leis na Sé Chontae? Cúpla seachtain ó shin, fuair clann Pat Finucane scairt ghutháin ó oifigeach shinsearach de chuid Rialtas na Breataine, ag inse dóibh go raibh an Príomh-Aire, David Cameron, ag iarraidh bualadh leo agus go mbeadh siad sásta lena mbeadh le rá aige.
Le 22 bliain anuas, tá teaghlach Pat Finucane ag iarraidh fiosrúcháin ar dhúnmharú a fir agus a n-athar. Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
Siar sa bhliain 2003, ainneoin é á dhearbhú go raibh claonphaírtíocht i gceist agus gur chóir go leanfadh aithint agus gabhadh na ndaoine a bhí ciontach i ndúnmharú Pat Finucane i ndiaidh tamaill ghearr dá rachadh an RUC i mbun fiosrúcháin mar ba cheart, thug Geraldine Finucane "an embodiment of broken promises and dishonoured commitments" ar thríú tuarascáil Sir John Stevens.
I ndiaidh don Breitheamh Peter Cory an cás a scrúdú in 2004, ag maíomh go raibh áisinteachtaí an Stáit freagrach as tairgeadú agus dúnmharuithe, mhol an tAstrálach fiosrúchán poiblí. Ba thábhachtaí an fiosrúchán poiblí sin ná daoine a chur os comhair na cúirte, dar leis. I mí Meán Fómhair 2004, d’fhogair Rúnaí Stáit na linne sin, Paul Murphy, go mbeadh fiosrúchán poiblí á reáchtáil mar thoradh ar thuarascáil Cory - agus thosaigh a chur gach constaic sa bhealach, an Inquiries Act, 2005 ar cheann acu, acht a raibh sé mar aidhm aige gníomhaithe an Stáit a chosaint níos mó ná an chóir a sholáthar. Níor ghlac muintir Finucane leis an chur i gcéill, ar ndóigh.
An Bhunaíocht a Rialaíonn
Le bliain agus corradh anuas, tá dlíodóirí an teaghlaigh agus dlíodóirí ag feidhmiú chun leasa rialtas na Breataine, ag plé cineálacha éagsúla fiosrúcháin a bheadh inghlactha ag an teaghlach agus ag an rialtas araon agus nuair a fuair Geraldine cuireadh dul go Sráid Downing, mheas sí go raibh socrú bainte amach acu.
Sin an fáth go bhfuil an díoma agus an fhearg chomh mór sin orthu i ndiaidh iad an cur ó dhoras a fháil ó David Cameron. Ach níl i gCameron ach Príomh-Aire na Breataine. Tá daoine aonair agus páirtithe leasmhara bhunaíocht na Breataine níos cumhachtai ná é - MI5 a raibh smacht acu ar an timpeallacht iomlán slándála ó thuaidh, an Brainse Speisialta san áireamh, nuair a maraíodh Pat Finucane; na polaiteoirí Westminster sin a bhí ar an eolas maidir le cúrsaí slándála na linne sin; baill an FRU (Force Research Unit), buíon rúnda taobh istigh d’Arm na Breataine, ar dhúirt ball amháin dá chuid (de réir an Sunday Herlad): "We were able to take out leading Provos with the help of the UDA. It was a great military move.’'
Seo an bhuíon a raibh Brian Nelson, nach maireann, ina ghníomhaire luachmhar aige. Thug an FRU cead dó gunnaí a smuigleáil go tuaisceart na hÉireann ón Afraic Theas chun sochair an UDA - agus bhí luach ar a shaothar.
Sna sé bliana sular smuigleáladh na hairm ón Afraic Theas, ó mhí Eanáir 1982 go dtí mí na Nollag 1987, mharaigh dílseoirí 71 duine. Sna sé bliana ina dhaidh sin, Eanáir 1988 go dtí Nollaig 1993, mharaigh siad 229 nduine. Ní hionadh nach bhfuil na húdaráis mhíleata agus polaitíochta ag iarraidh go ndíreofaí solas ar an chogadh shalach seo. Fiú da mbeadh David Cameron i bhfách le fiosrúchán poiblí - agus níl aon fhianaise ann go bhfuil “an fear neamhonóra seo”, mar a thug Geraldine Finucane air, i bhfách lena leithéid - bheadh na fórsaí thart air róláidir aige.