TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Dún Chaoin
Mícheál de Mórdha Mícheál de Mórdha

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Mícheál de Mórdha ar Dhún Chaoin i gCiarraí.

Íomhá
Ag féachaint ó thuaidh trasna ar pharóiste Dhún Chaoin ón mBlascaod Mór. Tá Cruach Mhárthan agus Sliabh an Fhiolair le feiscint agus an paróiste á ghardú acu, agus tá Cnoc Bhréanainn sa chúlra. Cóipcheart Mícheál de Mórdha
Íomhá
Le linn don scannán Ryan's Daughter a bheith á dhéanamh i nDún Chaoin tógadh an pictiúr seo den bpríomhaisteoir Robert Mitchum agus dream de leanaí an cheantair - leanaí ó Dhún Chaoin ina measc. Cóipcheart Mícheál de Mórdha (as an leabhar "An Rialtas

Ní dócha go bhfuil aon pharóiste beag eile in Éirinn a bhfuil oiread tráchta air trí na blianta is atá ar pharóiste Dhún Chaoin agus is minic an paróiste céanna ar bhéalaibh daoine mar gheall ar rud amháin nó rud eile. Nach raibh sé le rá ag lucht staire tráth nach raibh géim bó le closint, tar éis léirscrios na Banraíona Eilíse, “ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan”. Más beag é an paróiste ní beag é a cháil ná a chlú.

Isteach is amach le 180 duine atá ina gcónaí de ghnáth sa pharóiste faoi láthair agus tá méadú beag ag teacht ar an ndaonra de réir an daonáirimh is déanaí. Áiríotar aon bhaile fearainn déag i nDún Chaoin ó Chom Dhíneoil ar an dtaobh thiar go Ceathrú an Fheirtéaraigh ar an dtaobh thuaidh. Ar ndóigh, is cuid ana-thábhachtach den bparóiste na Blascaodaí, sraith oileán tamaillín beag amach ón nDún Mór. Deirtear gurb é ceann an Dúna Mhóir an píosa talún is sia siar in Éirinn agus is minic a tugar “an paróiste is giorra do Mheiriceá” ar Dhún Chaoin, cé go bhfuil pobail eile ar chósta thiar na hÉireann a mbeadh an port céanna acu! Is é An Daingean an baile mór is giorra do Dhún Chaoin - isteach is amach le sé chiliméadar déag soir ó Dhún Chaoin ach, tá an fad cruinn ag brath ar cén treo a gheibheann tú nó cén córas iompair atá faoi do thóin.

Is í an Ghaeilge gnáth-theanga na ndaoine anseo go fóill, ach go háirithe iad siúd atá os cionn dhá scór bliain. Bhí tráth, nach fada ó shin é, a raibh daoine sa pharóiste nach raibh aon Bhéarla acu ach anois tá formhór na n-áitreabhach sa pharóiste dátheangach agus nuair a thagann an chrú dtín dtairne is é an Béarla is fearr leis an ndream óg a labhairt. Rud amháin suntasach is ea go bhfuil muintir an pharóiste dílis dá ndúchas agus ana-mhórálach as agus tá ceoltóirí agus amhránaithe óga den scoth ina gcónaí sa pharóiste seo anois. Is breá le muintir an pharóiste a gcultúr agus a ndúchas a roinnt le pobail eile in Éirinn agus thar lear. Le tamaillín anuas tá ceangail snaidhmthe le pobail in Oileán Chléire, in Oileán Mhanainn agus in Oileáin Thiar na hAlban. Braithimíd gur ag dul i dtreise a bheidh na ceangail seo sa bhfáistine.

Ceann de na rudaí a chloisfeá ráite go minic faoi Dhún Chaoin anois is ea go bhfuil níos mó tithe saoire ná gnáth-thithe cónaithe ann, rud atá fíor. Mar sin féin bhí muintir an pharóiste fial fáilteach i gcónaí agus tá iarrachtaí á ndéanamh ag Comharchumann Dhún Chaoin aird lucht na dtithe saoire a dhíriú ar thábhacht ár dteanga dhúchais agus gach a mbaineann léi. B’fhéidir go bhfuiltear ag snámh in aghaidh an easa ar uairibh ach mura gcuirtear an síol ní baintear an fómhar.

Conas mar a mhaireann na daoine

Baintear luach saothair cuibheasach maith as cúrsaí turasóireachta anois agus tá roinnt mhaith daoine sáite sa ghnó seo ar shlí amháin nó slí eile. Ó thaobh na feirmeoireachta de, tá titim ana-mhór i líon na ndaoine atá ag brath ar an dtalamh mar shlí bheatha agus tá tamall ann ó bhí an fheirmeoireacht ag cur aráin i mbéalaibh gach n-aon dár n-áitreabhaigh. Ó thosnaigh Grúpa Chiarraí ag cur deireadh leis an bhfeirmeoir beag éiríodh as táirgeadh an bhainne agus ní inniu ná inné a dhún an uachtarlann i nDún Chaoin, uachtarlann a bhí thar a bheith tábhachtach i saol an pharóiste tamall. Tá Comharchumann Dhún Chaoin ag iarraidh láthair na huachtarlainne a fháil ó Ghrúpa Chiarraí ach tá greim an duine bháite ag an ngrúpa fíorshaibhir seo ar an láthair agus iad ag iarraidh é a dhíol leis an té is mó a thabharfadh airgead dhóibh.

Is ag dul i léig leis atá cúrsaí iascaireachta agus tá iasc, ar nós an ghliomaigh, ag éirí ana-ghann. Tá roinnt daoine ag gabháil do chúrsaí farantóireachta ar na báid a thugann cuairteoirí go dtí an mBlascaod le linn bhiaiste na dturasóirí. Seachas a bheith ag caint ar bhiaistí iascaireachta, mar a bhítí tráth, is ag caint ar bhiaistí turasóireachta a bítear anois. Ag tús seo na mílaoise nua, lasmuigh dá bparóiste dúchais atá cuid mhaith de chosmhuintir an pharóiste ag déanamh a bpinginí (nó a centanna ba chórtaí a rá anois). Níor éirigh le hÚdarás na Gaeltachta aon mhonarcha a bhunú sa pharóiste go nuige seo ach, bíodh sin mar atá, ní luaitear mórán bochtanais leis an bparóiste ach oiread.

Is é áilleacht an cheantair agus muintearas na ndaoine is mó a tharraingíonn cuairteoirí go Dún Chaoin. Is dócha go bhfuil níos mó pictiúirí tógtha den dtaobh tíre a shíneann ó Cheann Sléibhe go Ceann Sraithe ná mar atá tógtha de mhórán ball álainn eile ar an ndomhan seo. Cuireann áilleacht na háite daoine faoi dhraíocht agus bíonn fonn orthu filleadh arís agus arís chun aer úr na háilleachta a shú go domhain ina scamhóga. Spreag an áilleacht seo David Lean chun a scannán iomráiteach “Ryan’s Daughter” a dhéanamh anseo sna blianta 1968 agus 1969, scannán a tharraingíonn daoine go dtí an gceantar suas go dtí an lá inniu féin. Ba é déanamh an scannáin sin agus an griothal agus an rachmas a lean é a chuir bonn faoi mhórán daoine agus “an rialtas ab fhearr a bhí againn ariamh”, mar a dúirt an seanchaí, Cáit “Bab” Feiritéar, atá fós linn, bail ó Dhia uirthi.

Scríbhneoirí an Bhlascaoid

Lasmuigh d’áilleacht an pharóiste tá gné eile den saol a mheallann daoine anseo agus is é sin an litríocht. Mar tháinig níos mó leabhar ón mBlascaod ná ó aon phobal dá leithéid ar fud an domhain ar fad. Is beag an baol go bhfuil dearmad déanta ar leithéidí Thomáis Criomhthain, Mhuiris Uí Shúilleabháin agus Pheig Sayers a thug seoda litríochta dúinn. Níl sa “Tríonóid Ró-Liteartha” seo ach cuid bheag d’údair an pharóiste agus go deimhin tá lón nach beag le fáil i nDún Chaoin acu seo atá ar thóir na litríochta, an tseanchais nó na staire. Gheobhair go leor eolais faoi mhuintir an Bhlascaoid in Ionad an Bhlascaoid, atá nach mór deich mbliana ar a bhonnaibh.

Ní bhfaighir cortha go deo lena bhfuil de sheanchas ar fáil anseo. Tair agus fiafraigh dúinn mar gheall ar Thig Mhóire, ar “Bhád na nGort nDubh”, ar an “Santa Maria de La Rosa”, ar “Dhóiteán Bhailícín” agus na gnéithe sin ar fad de shaol agus de stair an pharóiste atá fós ar bhéalaibh daoine. Fiafraigh i dtaobh carachtéirí móra atá ag tabhairt an fhéir anois: leithéidí “Kruger” Caomhanach nó a dheartháir “Seán A’ Chóta”, Séamus “An Pound” Ó Lubhaing, Seán “Charlie” Ó Conchubhair agus a lán eile. Is má tán tú ag teacht chugainn ná dein dearmad go bhfuil domhan draíochta eile ag feitheamh leat istigh sa Bhlascaod féin nó ar mhullach Chruach Mhárthan nó Shliabh an Fhiolair. Meallfar tú go cinnte agus tiocfaidh tú chugainn arís agus arís eile.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bparóiste féach ar an suíomh idirlín www.dunchaoin.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.