Chaith Liz Curtis deireadh seachtaine in Amstardam le seachtar ban a raibh dhá phríomhchuspóir acu - drugaí a thógáil agus dul ag siopadóireacht.
Tá muintir Bhéal Feirste an-tógtha le hAmstardam na laethanta seo. An chúis atá leis sin ná gurb é an t-aon áit amháin ar an Mhór-Roinn ar féidir dul díreach ann ar eitilt sceidealta ó Bhéal Feirste. Téann Easyjet ansin agus tá na ticéid an-saor.
Chuaigh mise le seachtar ban a bhí ag céiliúradh breithlá. D’fhan muid in óstán ollmhór deas darb ainm Hotel Arena. Is iar-dhílleachtlann Chaitliceach é agus tá staighre an-mhór ina lár, le balastair ghalánta déanta as iarann.
Mhothaigh mé trua do na páistí ar ghnách leo cónaí ann, mar tá na síleálacha chomh hard sin agus na dorchlaí chomh fada. Sna hochtóidí, agus a lán daoine óga ag teacht go hAmstardam, bhain an chathair úsáid as an fhoirgneamh mar bhrú óige. Anois, áfach, tá úinéir príobháideach aige.
Bhí Amstardam galánta sa gheimhreadh, fiú agus é an-fhuar. Sheas na crainn loma go ciúin socair idir na canálacha agus na foirgnimh arda chúnga. Ní raibh ach fuaim rothar le cluinstin sna cúlsráideanna. Bhog na báid turasóireachta go suaimhneach tríd an uisce dorcha.
Teach Anne Frank
Thug mé cuairt ar an áit léanmhar chlúiteach sin, Teach Anne Frank. Chónaigh an cailín sin, a teaghlach agus roinnt daoine eile i seomraí rúnda sa teach agus iad i bhfolach ar na Naitsithe. Bhí siad ann idir mí Iúil 1942 agus mí Lúnasa 1944. Ansin braitheadh iad, agus fuair siad uilig bás sna sluachampaí, seachas athair Anne, Otto Frank. Fuair Anne bhocht bás i mBergen-Belsen ón tíofas agus ón anás mí roimh lá na saoirse.
Tá dath gruama ar na ballaí, tá na fuinneoga clúdaithe agus tá na staighrí cúng agus crochta. Mothaíonn tú an chlástrafóibe a bhíodh ann. Scríobh Anne ina dialann: “Screadann guth ionam: ‘Gabh amach, súigh isteach an t-aer, déan spraoi.’”
Ach bhí an t-uafás taobh amuigh. Scríobh sí faoi na Giúdaigh sna campaí: “Deir raidió Shasana go bhfuil siad á marú le gás. Mothaím go mór trína chéile.”
An rud is tábhachtaí faoi Theach Anne Frank, dar liomsa, ná an t-oideachas tréan díreach a chuirtear ar fáil faoin Naitseachas agus faoin ansmacht go ginearálta. Tá físeáin ghairide ann, agus nithe ón tréimhse féin - réaltaí déanta as éadach buí a bhí ar na Giúdaigh a chaitheamh, mar shampla.
Thíos staighre bhí físeán suimiúil ar siúl a phléigh an cheist dheacair seo: cad é an rud is tábhachtaí - saoirse cainte nó cosaint ón leithcheal? I measc na samplaí a pléadh, bhí páirtí nuafhaisisteach Jörg Haider atá ina pháirt de rialtas na hOstaire anois; agus naimhdeas an Phápa i leith mhórshiúl gay pride sa Róimh.
Caifí na ndrugaí
Bhí dhá phríomhsprioc ag mo chompánaigh: dul ag siopadóireacht agus dul go caife a dhíol haisís agus marachuan. Ní raibh suim ar bith agam sna rudaí sin - ní théim thar sáile le héadaí a cheannach, agus ní réitíonn drugaí liom. Cheannaigh mé an T-léine sin blianta fada ó shin, mar a déarfá. Tá daoine ann a éiríonn imníoch agus míshona faoi thionchar na ndrugaí boga, agus tá mise ina measc.
Ach bhí mé fiosrach agus chuaigh mé isteach i gcaife le mo chairde ina raibh drugaí ar díol. Tá caifí mar seo scaipthe thart fá na sráideanna ina bhfuil a lán de na siopaí galánta. Tá díol haisíse agus marachuain dlíthiúil sna caifí, ach níl taobh amuigh. Níl slabhra an tsoláthair dlíthiúil, rud atá ina chontrárthacht.
Bhí téama fomhuirí sa chaife seo agus saothar mór caite ag maisiú na háite. Bhí na ballaí clúdaithe le plaisteach bán garbh, agus bhí solas gorm turcaide ann. Bhí babhlaí agus iasc órga iontu ar crochadh faoi na soilse. Bhí fiseán ar siúl a thaispeáin piongainí ag bogadh thart. Nuair a bhí mo chairde stoned, d’éirigh siad an-tógtha leis na rudaí sin, ag stánadh orthu agus ag gáire.
Bhí scata beag daoine ina suí thart. Bhí cúpla fear agus cuma Mheánoirthearach orthu ansin, agus cúpla turasóir Meiriceánach - duine acu agus gruaig fhada air agus éadaí bróidnithe á gcaitheamh aige - agus roinnt daoine a raibh cuma oibrithe oifige orthu. Ghlac siad an haisís nó an marachuan i dtoitíní, ina gcuid tae nó i gcístí.
I ndiaidh tamaillín, d’éirigh an chuideachta iontach leadránach domsa agus mé stuama staidéartha. D’imigh mé liom go siopa leabhar taitneamhach. Chuaigh mé i mbun comhrá le cúntóir óg. Dúirt sí liom go raibh sí in Éirinn ar na mallaibh. Ansin thosaigh sí ag tabhairt amach faoi thurasóirí in Amstardam.
“Is fuath liom an dóigh a dtagann siad anseo agus nach mbíonn suim ar bith acu san áit seachas i gceantar na soilse dearga agus i gcaifí na ndrugaí,” ar sise. “Tarraingíonn na drugaí daoine míchuibhiúla. Tá a lán rudaí níos suimiúla sa chathair.”
D’aontaigh mé léi, go háirithe agus orm an oíche a chaitheamh le seisiúr a bhí stoned. Agus muid ag fanacht le tram, mar shampla, stán siad ar fhógra mór neon de chuid Heineken - bhí gloiní móra ann agus nuair a chlaon siad, dhoirt beoir amach. Shíl mo chompánaigh go raibh sé seo an-ghreannmhar.
Tramanna
Tháinig ár dtram agus chuaigh muid isteach ann. Is breá liom na tramanna in Amstardam. Bíonn an stiúrthóir ina shuí (nó ina suí) ar cúl, taobh thiar de chuntar. Tá a ríocht beag féin acu ansin, iad gealgháireach agus ag magadh leis na paisinéirí.
“Carb as sibh?” a d’fhiafraigh an stiúrthóir an oíche sin.
“As Éirinn,” a d’fhreagair muid.
Chuala páisinéir eile sin, agus d’fhiafraigh sé díom: “An Gael thú?”
“Tá Gaeilge agam,” a d’fhreagair mé.
“An bhfuil amhránaíocht na Gaeilge agat?”
“Tá, rud beag.”
Tháinig dreach tnúthánach air. “Is ceoltóir clasaiceach mé,” ar seisean. “Is aoibhinn liom amhránaíocht na Gaeilge.” Ansin thuirling sé ón tram sula bhféadfainn ailleog cheoil a chur asam.