Tá sé ag dul dian ar Shinn Féin a bheith ina sóisialaithe agus iad i gcumhacht, mar a mhíníonn Robert McMillen.
Tiocfaidh an lá a mbeidh bóthar ar gach logán,
Teach mór ar gach cnocán,
Droichead thar gach feadán,
Cóiste faoi gach breallán,
Béarla i ngach bothán,
Is an saol ina bhrachán.
Seo tairngreacht (atá le fáil in Aniar, leabhar úr Thaidhg Mhic Dhonnagáin) a scríobhadh san 18ú haois agus is iontach fadradharc an údair. Léimeann an Tíogar Ceilteach ina uaillmhian uaibhreach amach ó na focail ach, ag an am chéanna, mothaíonn tú nach bhfuil achan rud foirfe sa domhan úr seo lán de mhaoin shaolta.
Is minic nach mbíonn an todhchaí chomh maith is a rabhthas ag dúil leis. Níor réitigh an Tíogar Ceilteach gach fadhb agus ó thuaidh, ainneoin gur chuir an socrú nua deireadh leis an fhoréigean pholaitiúil – a bheag nó a mhór – tá fadhbanna eile a gcruthú, go háirithe do Shinn Féin.
Tá stailc na gcúntóirí ranga atá ar siúl faoi láthair ó thuaidh an-suimiúil agus tugann sé léargas glinn dúinn ar na contrárthachtaí taobh istigh de Shinn Féin agus ar an bhearna sin idir idé-eolaíocht agus praiticiúlacht atá fealsaimh pholaitíochta a phlé leis na céadta bliain.
Tá cúntóirí ranga, iad sin a chuidíonn le páistí atá faoi mhíchumas, ag rá go bhfuil ísliú pá i ndán dóibh má chuirtear plean úr oibre i bhfeidhm. Aithníonn an rialtas go bhfuil fadhb ann agus tá £30m curtha ar leataobh le haghaidh aisíocaíochtaí le cúpla bliain anuas. Tá trí cheardchumann – GMB, Unison, agus T&G Unite – i ndiaidh glacadh le téarmaí úra ach níl an ceann is mó, NIPSA, sásta.
Seo an cineál coimhlinte a mbíodh Sinn Féin páirteach ann go fonnmhar ar son na n-oibrithe. Ach ...
Is ball de chuid Shinn Féin í an tAire Oideachais, Caitríona Ruane. Agus an mana fá Phoblacht Shóisialach 32 Contae mar dhlúthchuid dá raison d’être polaitiúil, shílfeá go mbeadh lántacaíocht an Aire ag na cúntóirí ranga atá i gcoimhlint lena bhfostóirí - na Boird Oideachais agus Leabharlann – le 12 bhliain anuas maidir le cúrsaí pá.
Ach tá Sinn Féin páirteach i bhFeidhmeannas ina bhfuil an chomhfhreagracht mar bhunchloch an chórais.
Tá an dlúthcheangal agus an comhoibriú idir iad agus an DUP chomh láidir sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur stát dhá pháirtí atá ann ó thuaidh agus go bhfuil an dá pháirtí sin ceangailte le chéile mar a bheadh cúpla Siamach ann. Tá Peter Robinson ina Aire Airgeadais agus d’fhoilsigh sé dréachtphlean airgid an Tionóil ag deireadh na míosa seo caite. Nuair a dúirt an UUP ach go háirithe nach raibh siad sásta le cuid de na moltaí, mhaígh Robinson mura n-aontódh gach páirtí leis an bhuiséad pleanáilte, go dtitfeadh an Feidhmeannas.
“Bá” an AireTá coimhlintí beaga ag tarlú lá i ndiaidh lae sa Tionól – DUP v UUP agus Sinn Féin v SDLP – ach is annamh an DUP agus Sinn Féin i ndeabhaidh.
Is fiú coimhlint na gcúntóirí ranga a fheiceáil sa chomhthéacs seo.
Tá ráite ag an Aire Ruane go bhfuil “bá” aici leis na cúntóirí ach, ag an am chéanna, tá sí ag rá leis na Boird Oideachais nach dtig léi airgead breise a thabhairt dóibh leis an fhadhb a réiteach.
Ni fios cé uaidh atá an tAire ag glacadh comhairle – ó na státseirbhísigh a reáchtálann a Roinn nó óna páirtí, Sinn Féin – ach tharla eachtra amháin a bhí an-suimiúil.
Bhí cruinniú ag roinnt cúntóirí ranga de chuid NIPSA le Sinn Féin le gairid. Bhí MLA amháin i láthair a thug tacaíocht dóibh roimhe seo ach a bhí anois ag rá go raibh sé ag tacú leis an Aire, Caitríona Ruane.
Bhí MLA eile de chuid Shinn Féin ansin agus chuir na cúntóirí i gcuimhne dó gur vótaí s’acusan a thug suíochán dóibh i Stormont.
“Don’t come here threatening us with your votes,” a dúirt an Shinner.
Ah, an daonlathas.
Bhí na cúntóirí chomh míshásta sin go raibh póstaer acu agus aghaidh Chaitríona Ruane agus Margaret Thatcher, laoch stailc na mianadóirí, air.
Bhí Sinn Féin ar buile gur crochadh an póstaer seo taobh amuigh d’fhoighneamh s’acu ar Bhóthar na bhFál, an ceann a bhfuil múrphictiúr clúiteach Bobby Sands air, ach chaill siad an phointe; Bobby Sands féin, dúirt sé nárbh fhiú aon phoblacht nach raibh sóisialach.
Caithfidh lucht Shinn Féin cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad ag dul a bheith cosúil le New Labour thall i Sasana, páirtí nach bhfuil ag cur i gcéill níos mó gur páirtí sóisialach atá ann, nó an bhfuil siad chun cloí le fealsúnacht naofa Phoblacht na nOibrithe. Mar a dúirt cúntóir amháin, “Cad é a déarfadh James Connolly fá seo uilig!”
Tá realpolitik ag briseadh amach ó thuaidh agus, mura bhfuil sé léite acu cheana, ba cheart do na polaiteoirí Animal Farm le George Orwell a léamh.
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.