Is cuma cén cineál ráitis a eiseoidh an IRA san míonna atá romhainn, diúltóidh na haontachtaithe dó, dar le Robert McMillen, de bhrí go bhfuil drogall orthu an chumhacht a roinnt leis na poblachtánaigh.
Ar an 6 Aibreán i mbliana thug Gerry Adams óráid inar labhair sé go poiblí leis an IRA.
D’iarr sé orthu dul isteach “sa bhearna bhaoil” in athuair, mar a rinne siad mar shaighdiúirí de chuid Óglaigh na hÉireann, a dúirt sé. An t-am seo, ní bheadh siad “ag cur a mbeatha i mbaol mar óglaigh de chuid an IRA ach mar ghníomhaithe i ngluaiseacht náisiúnta i dtreo neamhspleáchais agus aontais.”
Thit daoine thart ag gáire. “Tá Adams ag caint leis féin,” a dúirt siad, ach ní sin an rud a bhí tábhachtach. Cinnte, bhí uachtarán Shinn Féin ag déanamh damhsa thar a bheith amaideach, ach i bplean mór na bpoblachtánach, b’éigean é a dhéanamh.
I mí an Aibreáin, scríobh Liam Clarke sa *Sunday Times *go raibh Adams agus Martin McGuinness réidh le “Comhairle Airm an IRA” a fhágáil.
Ni bheadh aon bhaint ag na daoine a ghlacfadh rólanna Adams agus McGuinness le Sinn Féin, a mhaígh sé, sa dóigh is go mbeadh deighilt iomlán idir an páirtí agus an IRA.
Tá *charm offensive *ar siúl ag poblachtánaigh faoi láthair. Thángthas ar chorp Gareth O’Connor i ndiaidh dó bheith ar iarraidh le dhá bhliain anuas. Creidtear gur mharaigh an IRA é; ghabh siad leithscéal as dúnmharú Kathleen Feeney i nDoire i 1973, nuair a scaoil ball de chuid an IRA í le linn ionsaí ar Arm na Breataine.
An t-éacht ba mhó, is dócha, ná an socrú a dtáinig áitreabhaigh Thaobh an Bhogaigh agus an tOrd Oráisteach air faoi stiúir an Chumainn Tráchtála a ligfidh d’Oráistigh ó thaobh amuigh de Dhoire siúl ar Bhruach Thiar na cathrach, ceantar náisiúnach, den chéad uair le ceithre bliana déag.
Tá an tsíocháin ag briseadh amach, is cosúil.
Ba doiligh a theacht ar phoblachtánach a d’inseodh dom cad é go díreach a bhí á phlé le linn na ndíospóireachtaí inmheánacha seo.
Cinnte beidh gníomhaithe an IRA ag iarraidh cinntiú cad é an ról atá in ndán dóibh sa todhchaí úr, saor ó fhoréigean.
Cad é tharlódh, mar shampla, dá mbeadh círéib ann le linn mháirseáil de chuid an Oird Oráistigh, mar a chonaic muid go minic roimhe seo. Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
Dá dtarlódh ionsaí náisiúnach ar cheantar Protastúnach, bheifeá ag dúil go gcuirfeadh iarbhaill an IRA deireadh leis ach an mbeadh siad mar chuid d’eagraíocht bheo? An gá go mbeidh an IRA ann go ceann fada go leor le timireacht a dhéanamh?
An dá thrá
Caithfidh cibé ráiteas a thiocfaidh ón IRA an dá thrá a fhreastal.
Caithfidh siad cur ina luí ar a lucht tacaíochta agus ar a mbaill “gurbh fhiú an braon fola”, go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe.
Beidh cuid mhór gártha molta le cluinstin, agus ceanglófar IRA an lae inniu leis na glúnta a tháinig roimhe. Déarfar, a bhuíochas don IRA, go bhfuil Éire shaor, aontaithe ar na gaobhair ach gur mithid anois an chuid dheireanach den bhealach a shiúl gan na gunnaí. Is trom cearc i bhfad.
Anois, an chuid dheacair. Caithfidh an ráiteas cur ina luí ar na haontachtaithe go bhfuil lá na láimhe láidre thart ó thaobh na bpoblachtánach de.
Ar an drochuair, tá cluasa cuid mhór aontachtach bodhar mar gheall ar thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire le linn 35 bliain na dtrioblóidí.
Tá a súile dall ar an bhealach atá siúlta ag poblachtánaigh le 20 bliain anuas. Tá siad dall ar an mhilleán agus ar an fhreagracht atá orthu féin as foréigean an chéid seo caite. Is léir don dall, áfach, go bhfuil poblachtánaigh réidh leis an lámh láidir a fhágáil ina ndiaidh agus sin an fáth go bhfuil ionsaithe aontachtaithe ar phoblachtánaigh ag géarú mar go n-aithníonn siad go mbeidh orthu, luath nó mall, an chumhacht a roinnt lena sean-naimhde agus tá siad an-neirbhíseach go deo.
Is cosúil go bhfuil siad ag déanamh réidh le diúltú do cibé ráiteas a chuirfidh an IRA amach, agus dearfaidh siad nach leor é.
Cad iad na pleananna atá ag an DUP má tharlaíonn an rud a bhfuil achan duine ag dúil leis on IRA. Ní fios. Cad é dearfaidh aontachtaithe liobrálacha má theipeann ar an togra is déanaí. Rien, nada, tada.
Is léir nach bhfuil fonn ar pholaiteoirí aontachtacha toiseacht as an nua. Is fearr leo an milleán a chur ar dhaoine eile agus an talamh ard morálta a ghlacadh chucu féin.
Bhí sé suimiúil chomh cóngarach is a tháinig Alan McFarland do Reg Empey sa rás do cheannaireacht an UUP. Polaitíocht phraiticiúil a chleachtann McFarland – aithníonn sé gur gá comhréiteach a dhéanamh le Sinn Féin chomh luath agus is féidir – nuair atá Empey ag iarraidh DUP-Lite a dhéanamh dá pháirtí féin.
Beidh le feiceáil, i ndiaidh ráiteas an IRA, an bhfuil an pobal aontachtach níos liobrálaí ná a gceannairí.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*