AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Drochsceimhlitheoireacht, dea-sceimhlitheoireacht
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Deir Dáithí Ó Colchúin go raibh na daoine a cháin ionsaí sceimhlitheoireachta Mhaidrid ina dtost nuair a bhí na mílte ag fáil bháis san Iaráic.

Íomhá
Saighdiúir Astrálach i mBagdad
Íomhá
Mick Keelty, coimisinéir an Australian Federal Police
Íomhá
Mark Latham, ceannaire an fhreasúra

Maraíodh 190 in ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid ar an 11Márta. Bhí caoineadh, cáineadh agus olagón ann. Maraíodh 175 sibhialtach ar an meán in ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an Iaráic gach lá idir 20 Márta agus 30 Aibreán anuraidh. Cá raibh an caoineadh is an t-olagón? Is ar éigean go raibh trácht ar bith i meáin na hAstráile ná i bhformhór mheáin an domhain ar an líon a bhí á marú gach lá. Is beag trácht ach an oiread a bhí ar an 137 páiste neamhurchóideach sa ló faoi bhun chúig bliana d’aois a maraíodh san Iaráic de bharr na smachtbhannaí a bhí i bhfeidhm idir 1991 agus 2003.

Bhí sé suntasach go raibh cuid mhaith de na daoine a cháin an t-ionsaí i Maidrid ina dtost an t-am seo anuraidh agus faoi na smachtbhannaí. Is cosúil, mar sin, go bhfuil dhá chineál sceimhlitheoireachta ann agus rialacha áithrid ag baint leo. Más drochsceimhlitheoireacht atá ann cáin os ard, caoin os ard. Más dea-sceimhlitheoireacht atá ann, fan i do thost.

Bhí suim in ionsaí Mhaidrid san Astráil ach an oiread le háiteacha eile. Dúirt Mick Keelty, coimisinéir an Australian Federal Police, gur chosúil go raibh baint ag an ionsaí le tacaíocht rialtas na Spáinne don ionradh ar an Iaráic. Ní mó ná sásta a bhí an rialtas leis sin. Cáineadh Keelty go géar.

Dúirt an sceimhlitheoir Alexander Downer, Aire Gnóthaí Eachtracha, go raibh an méid a dúirt Keelty cosúil le bolscaireacht Al-Qaeda. Cuireadh iallach ar Keelty preasráiteas a eisiúint ag rá gur tógadh a raibh le rá aige “as a chomhthéacs”. Tá cead ag oifigigh shinsearacha a rogha rud a rá fhad is nach gcuireann sé isteach ar an rialtas. Ach is ag Keelty a bhí an focal deireanach. Dúirt sé tamall ina dhiaidh sin go raibh a ionracas slán. Níor dhúirt sé tada faoi ionracas an rialtais.

Ba léir gur ag Keelty a bhí tacaíocht an phobail. Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.

Tá sé ráite ó shin ag Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, go dtabharfar sceimhlitheoirí na hAstráile abhaile ón Iaráic roimh an Nollaig má bhíonn athrú rialtais ann i dtoghchán na bliana seo. Cháin an rialtas agus Tom Schieffer, ambasadóir Stát Aontaithe Mheiriceá, an méid a dúirt Latham. Dúirt rialtas nua na Spáinne go dtabharfar a gcuid saighdiúirí siúd abhaile i mí Iúil mura bhfuil na Náisiúin Aontaithe i gceannas. Tá rialtas na Polainne ag rá go hoscailte gur buaileadh bob orthu faoin Iaráic. Is léir go bhfuil imní ar na sceimhlitheoirí agus na dúnmharfóirí sin, Bush, Blair agus Howard.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.