Seift chliste ab ea é Sarah Palin a roghnú mar iarrthóir leasuachtaránachta an Pháirtí Phoblachtánaigh, dar le Brian Ó Broin, mar go rachaidh a cuid polaitíochta i bhfeidhm ar mhuintir na stát bocht tuaithe. Ach tá difríochtaí ollmhóra idir Alasca agus gach áit eile sna Stáit Aontaithe.
Thug mé suntas do roinnt rudaí faoi leith a bhí le feiceáil agus le cloisteáil ag coinbhinsiún an Pháirtí Phoblachtánaigh i St. Paul, Minnesota, ag tús na míosa seo caite. An chéad rud ná mana an choinbhinsiúin ("Country First"); an dara rud ná na glaonna a bhí ag teacht ón slua go spontáineach, mar dhea ("Drill baby, drill!"); an tríú rud ná an méid cainte a bhí le cloisteáil faoi iarrthóir leasuachtaránachta an pháirtí, Sarah Palin, ar gobharnóir Alasca í.
Tá dhá chiall le "Country First", agus cinnte, bhí an dá chiall ann d’aon ghnó. Ar dtús, is éard atá i gceist ná na Stáit Aontaithe, ar ndóigh. Dóibh siúd nach Meiriceánaigh iad, ba léir cén teachtaireacht a bhí i gceist: tús áite dúinne. Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
Le tamall anuas, tá cluas bhodhar á tabhairt ag muintir na gcathracha don "mhé-féineachas" atá ag bun an dearcaidh phoblachtánaigh anseo. Tuigeann muintir na gcathracha cheana féin go bhfuil orthu maireachtáil ar ghualainn na mílte eile thart timpeall orthu. Faoin tuath, is cuma cén sórt sceithphíopa atá ar do charr nó más suim leat gunnaí uathoibríocha a bheith agat, ach sna cathracha, is fadhbanna móra iad. Tuigeann muintir na gcathracha chomh tábhachtach agus atá sé srianta a chur ar dhaoine ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne.
ToirmeascSampla maith den scoilt seo idir tuath agus cathair ab ea an méid a tharla in Washington, D.C. le déanaí. Le beannacht na bpóilíní, na bpolaiteoirí agus na ngníomhaíoch pobail sa cheantar, socraíodh ar thoirmeasc iomlán a chur ar ghunnaí. In ainneoin gur le toil fhollasach an phobail a rinneadh an beart, chuir an National Rifle Association (NRA) an dlí ar an gceantar agus shocraigh cúirt uachtarach na tíre nach raibh cead ag Washington D.C. gunnaí a thoirmeasc.
Ar ndóigh, is cumann tuaithe é an NRA agus is sealgairí iad an chuid is mó dá bhaill. Má chuirtear toirmeasc ar ghunnaí sna cathracha, tá faitíos orthu go leathnóidh an cosc sin amach go dtí na ceantair thuaithe.
Tá dhá Mheiriceá ann anois agus tá an scoilt chomh mór eatarthu is a bhí riamh. Ní gá ach breathnú ar an léarscáil toghchánaíochta chun an scoilt sin a fheiceáil. Den chuid is mó, is sna stáit "ghorma" (is é sin, na stáit atá ag claonadh leis na Daonlathaigh) atá na príomhchathracha móra –Massachusetts, Nua Eabhrac, California, agus Illinois, cuir i gcás. Is stáit tuaithe iad na cinn atá ag claonadh leis na Poblachtánaigh – Idaho, Utah, Arizona, Texas, agus Georgia, mar shampla. Ach fiú sa dá stát dheireanacha a luadh ansin, is léir go bhfuil na cathracha féin – Dallas, Houston, agus Atlanta – ag claonadh leis na Daonlathaigh.
Ba mar gheall ar an tuath a thug George Bush an toghchán leis i 2000 agus arís i 2004, a bhuíochas sin ar an gcóras "Coláiste Toghchánaíochta", a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit seachas de réir vótaí na dtoghthóirí féin. Más ea, ámh, tá an léarscáil ag athrú agus tá cuid de na stáit tuaithe ag casadh i dtreo na nDaonlathach agus an liobrálachais – Colorado, Nua-Mheicsiceo agus Nevada, cuir i gcás. Níl casadh sa treo eile le sonrú sna stáit uirbeacha agus ar ndóigh, drochnuacht is ea í don pháirtí Poblachtánach. Más rud é go bhfuil pobal Mheiriceá ag éirí níos uirbí, agus más ag claonadh leis na Daonlathaigh atá pobail na mbailte agus na gcathracha, níl i ndán don Pháirtí Poblachtánach ach meath.
Atmaisféar féileMás ea, ní raibh aon mheath le haireachtáil in St. Paul. Go deimhin, bhí rí-rá ann – shílfeá go raibh margadh nó féile ar siúl seachas coinbhinsiún polaitiúil. An rud ba shuntasaí ná a laghad ama a tugadh le linn an choinbhinsiúin do chúrsaí móra na
tíre – cúrsaí geilleagair agus bonneagair, cuir i gcás – agus an easpa suime a léiríodh san iarrthóir uachtaránachta, John McCain. Seachas airsean, cuireadh an spotsolas ar an mbean óg as Alasca, Sarah Palin, a ainmníodh mar iarrthóir leasuachtaránachta ag an gcoinbhinsiún, in ainneoin nár chuala duine ná deoraí a hainm go dtí sin. I ndomhnach, ba sheift mhaith í nó fágadh nach raibh aird an phobail dírithe ar na ceisteanna móra, ach ar "chúlscéal" na mná seo.
Ó thaobh an dearcaidh nua tuaithe atá tagtha chun cinn sa Pháirtí Poblachtánach, is ionadaí maith í Sarah Palin. Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar labhairt-i-dteangacha. Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith. Dar léi, níor cheart don rialtas srian ar bith a chur ar ghnó agus ar an margadh nó aimseoidh siad an chothromaíocht chuí iad féin gan chúnamh.
I bhfírinne, tá Alasca ar cheann de na stáit tuaithe dheireanacha sa tír, agus is eisceacht é nó tá an stát dubh le hola. I ndomhnach, tairgeann Alasca an méid sin ola nach gá don stát cáin a ghearradh ar a shaoránaigh. Ina áit, faigheann siad seic gach bliain ón rialtas – a sciar féin den bhrabús a thuilltear as ola. Níl aon stát
eile sa tír mar é. Mar gheall ar nach bhfuil ach 700,000 duine ina gcónaí sa stát, is beag gá atá ann ollsheirbhísí poiblí nó póilíneacht dhian a bheith i bhfeidhm. Déanann an gnáth-Alascach mar is mian leis, beag beann ar na comharsana.
"Teorainn dheireanach"Ar ndóigh, is é sin an fáth a bhfuil Palin tarraingteach do thoghthóirí bochta tuaithe i stáit mar Wyoming agus North Dakota: ba mhaith leo maireachtáil mar a mhaireann na hAlascaigh ar an "teorainn dheireannach" – mar a thugtar ar an stát sin – gan rialacha, póilíní ná cáin a bheith ag cur isteach orthu. Ní bheadh srian ar ghunnaí, ar thorann, ar thobac ná ar alcól, agus bheadh sé de rogha ag gach duine maireachtáil go maith nó go holc, de réir mar a bheartódh sé féin.
Ach tá fadhb leis an bhfantaisíocht seo, is é sin, saol na cathrach. Murab ionann agus an tuath, tá seirbhísí móra agus costasacha de dhíth sna cathracha, idir shéarachas, phóilíneacht, thaisteal, agus iliomad rudaí eile. Is deacair a shamhlú go gcuirfeadh muintir na gcathracha a muinín i soiscéal Sarah Palin agus tuiscint acu nach ionann a saol agus a saolsa.
Níos measa fós, ámh, ná chomh solúbtha agus atá lucht tacaíochta na heite seo. Is deacair a oibriú amach an í soineantacht nó féinmhealladh atá ar siúl acu, ach is léir nach bhfuil ag teastáil uathu ach teachtaireachtaí simplí a thugann réitigh ar fhadhbanna, mar dhea, agus is é seo atá ar siúl ag lucht na dtionscal mór. Mar is eol do chách, tá praghasanna peitril ardaithe go mór le tamall anuas. Ach seachas a rá leis an bpobal go mb’fhearr dóibh carranna níos lú a thiomáint agus níos mó airgid a chaitheamh ar thaisteal poiblí, deir an tionscal ola gur cheart deireadh a chur le srianta ar dhruileáil ola sa tír, is cuma más in áiteanna fíorleochaileacha mar The Arctic National Wildlife Refuge a ndéanfaí an druileáil. Ba as seo, mar sin, a tháinig na glaonna "spontáineacha" ón urlár ag an gcoinbhinsiún, "Drill baby, drill."
Ní mór don Pháirtí Poblachtánach dianmhachnamh a dhéanamh sula ligeann siad don eite seo smacht a ghlacadh ar an bpáirtí. Agus an córas geilleagair ag titim as a chéile faoi láthair ceal rialaithe, is léir gur chun aimhleasa na tíre a bheadh sé dá dtiocfadh réimeas chun cumhachta a chreid gur ar mhaithe leis féin amháin a mhaireann an saoránach. Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.