CÚINNE NA nEALAÍON
Dorothy Cross - súil siar ar a saothar
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt le gairid ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Dorothy Cross, a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath go dtí mí Mheán Fómhair.

Íomhá
Virgin Shroud (1993)
Íomhá
Shark Lady in a Ball Dress (1988)
Íomhá
Stabet Mater (2005)

Is díol spéise é an chéad mhórthaispeántas de chuid an ealaíontóra Éireannaigh Dorothy Cross, a osclaíodh i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann ag tús na míosa seo caite. Is bailiúchán cuimsitheach é ina bhfuil saothar ó dheireadh na n-ochtóidí suas go dtí an t-am i láthair, a léiríonn an éagsúlacht leathan ábhar agus smaointe atá fiosraithe ag an ealaíontóir idirnáisiúnta seo i gcaitheamh na mblianta.

Tá breis is 40 píosa le feiceáil ann, ina measc dealbhóireacht, suiteálacha, grianghrafadóireacht, taibh-ealaín agus scannáin, agus tógann an t-ealaíontóir muid ar thuras, a dhéanann teagmháil fhisiciúil leis na céadfaí agus a spreagann iontas, greann agus, in amanna, míshuaimhneas ionainn. Tarraingíodh an cnuasach saothar seo le chéile ó dhánlanna agus ó bhailiúcháin éagsúla ar fud an domhain agus tá seoda icónacha le feiceáil ann, ar nós an *Virgin Shroud *(1993) ina n-úsáidtear acmhainní neamhghnácha (craiceann agus úth bó) mar amhábhar an tsaothair.

Dúirt Enrique Juncosa, feighlí an taispeántais, gurb é a bhí sa saothar seo “poetic amalgamation of found and constructed objects” a spreagann an intinn agus a bhíogann an tsúil agus is mar sin a ardaíonn Cross díospóireacht dhúshlánach ar ábhair éagsúla ar nós pholaitíocht na n-inscní.

Thug *Shark Lady in a Ball Dress *(1988) téamaí éagsúla le chéile i saothar amháin, téamaí atá go fóill faoi scrúdú aici féin. Is cúrsaí inscne atá á scrúdú sa phíosa seo fosta ina bhfuil siorc, a fheictear mar shiombail ionsaitheach go minic, le feiceáil ina sheasamh mar bhod ach a bhfuil cruth banúil air mar go bhfuil cíocha ar a bhrollach agus gúna air de chré-umha fite.

Feictear an téama céanna á scrúdú go spraíúil aici sa tsraith a tháinig chun cinn sna nóchaidí agus inar baineadh úsáid go tairbheach as craiceann bó leasaithe chomh maith le nathracha stuifeáilte chun píosaí guagacha spreagúla ar nós Shuttlecock (1993) nó *Rugby Ball *(1994) a dhéanamh.

Corcaíoch

Rugadh Dorothy Cross i gCorcaigh i 1956, agus tá cáil fhada leitheadach uirthi as feabhas agus éagsúlacht a saothair. Le blianta beaga anuas chonacthas í ag díriú isteach ar thionscadail phoiblí ar scála mór. Sampla suntasach den chlaonadh seo is ea Ghostship *(1998) a rinneadh in ómós do na longa solais agus a gcuid criúnna, a shaothraigh go crua ar feadh na mblianta ar chóstaí na hÉireann. Léirítear i *Ghostship long taibhsiúil, a rinneadh as fíorlong clúdaithe le péinteanna solasmhara, agus tháinig na sluaite go Cuan Átha Cliath le hamharc air nuair a bhí sé ar taispeáint. Rinneadh an taispeántas lonnrach seo a thaifeadadh ag an am agus tá an taifead le feiceáil anois mar chuid den chnuasach aisbhreathnaitheach seo.

Le blianta beaga anuas is ar scannáin agus ceoldrámaí, suite i suímh speisialta neamhghnácha, atá Cross ag díriú ina cuid oibre agus cé go bhfuil cuid de na píosaí atá

le feiceáil sa taispéantas teibí go maith agus ag brath go minic ar mhíniú scríofa fada chun a bheith intuigthe - *Stabat Mater *(2005), cuir i gcás - fágann siad rian ar do chuimhne agus an dánlann fágtha i do dhiaidh agat.

Tá an taispeántas seo mar chuid de chlár imeachtaí atá ar bun ag an Mhúsaem Nua-Ealaíne chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha a bhfuil clú idirnaisiúnta orthu, ina measc, go dtí seo, Willie Doherty agus Cathy Prendergast.

Críochnóidh an taispeántas ar an 11 Meán Fómhair agus beidh Dorothy Cross ag labhairt faoina saothar sa mhúsaem ar 7.00 p.m. ar an 6 Meán Fómhair. Saorchead isteach.

Tuilleadh eolais: www.imma.ie

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.