CÚINNE NA nEALAÍON
Domhan uaigneach Edward Hopper
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Beidh taispeántas de shaothar an ealaíontóra Mheiriceánaigh Edward Hopper (1882-1967) ar siúl i Londain an samhradh seo. Féachann Ciara Nic Gabhann ar shaol agus ar shaothar an aonaráin seo a ndeachaigh a chuid pictiúr i bhfeidhm ar go leor daoine, lucht déanta scannán ina measc.

Íomhá
Féinphortráid de chuid Edward Hopper
Íomhá
Nighthawks
Íomhá
New York Movie
Íomhá
Eleven A.M.

*"I don’t think I ever tried to paint the American scene; I’m trying to paint myself. The man’s the work. Something doesn’t come out of nothing.” *Edward Hopper

Rinne Edward Hopper léiriú lom fuarchúiseach ar thírdhreacha agus ar chathairdhreacha Mheiriceá, á gcur i láthair mar áiteanna uaigneacha marbhánta éadóchasacha. Bhain sé clú amach dó féin mar ealaíontóir a raibh léargas agus tuiscint aige ar an saol scáthach folamh a bhí coitianta le linn an *Great Depression *sna tríochaidí. Tá aonaracht uafásach le brath ina chuid carachtar, aonaracht a thuig Hopper agus a bhí mar chuid dá phearsantacht féin.

Thaispeáin sé an saol a bhí thart air gan trua, agus bhí rud éigin brónach le brath i gcónaí ina chuid pictiúr.

Rugadh Hopper in 1882 i Nyack, baile beag i Stát Nua-Eabhrac. B’as cúlra meánaicmeach é; bhí siopa earraí tirime ag a athair, áit ar oibrigh Hopper nuair a bhí sé óg. Léirigh sé spéis san ealaín agus é go fóill ina ghasúr agus chuir a thuismitheoirí ina luí air oiliúint a fháil mar mhaisitheoir. D’fhreastail sé ar an New York School of Illustrating agus níos moille, sa bhliain 1900, ar an New York School of Art.

B’ansin a tháinig sé faoi scáth Robert Henri, duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta ealaíne *American Realism *agus fear a mbeadh tionchar ollmhór aige ar shaothar Hopper. Chaith Hopper seal i bPáras nuair a bhí sé réidh sa choláiste ealaíne agus, in áit spreagadh a fháil ó shaol na healaíne ansin, ní dheachaigh an áit i bhfeidhm air ar bhealach ar bith. Bhí an méid seo le rá aige faoin chathair:

"Whom did I meet? Nobody. I’d heard of Gertrude Strein, but I don’t remember having heard of Picasso at all. I used to go to the cafés at night and sit and watch. I went to the theatre a little. Paris had no great or immediate impact on me."

Ar ais in Greenwich Village, Nua-Eabhrac rinne sé athnuachan ar chairdeas a bhí aige leis an ealaíontóir Jo Nivenson, comhscoláire dá chuid, agus phós an bheirt acu i 1924. Bhí caidreamh fada agus dian acu, agus d’fhan siad ina gcomhluadar féin amháin beagnach i gcónaí. Roinn siad an stiúideo céanna, a bhí mar áit chónaithe acu freisin, agus chruthaigh siad domhan samhlaíochta dorcha idir an bheirt acu.

Chaith siad roinnt ama ag taisteal i Maine, Massachusetts agus Meicsiceo ach, taobh amuigh de sin, chaith siad a saol i mullach a chéile, ceithre huaire is fiche sa lá, seacht lá na seachtaine. Dar ndóigh, chruthaigh sé seo teannas mór idir a bheirt acu; agus iad ag ceiliúradh cúig bliana is fiche le chéile, dúirt Jo go raibh an croix de guerre *tuillte acu agus rinne Hopper armas di as *rolling pin *agus liach in onóir *"mutual domestic violence".

Na pictiúir mar pháistí

Ní raibh páistí ar bith acu agus labhair Jo faoi phictiúir Hopper mar a bheadh sí ag labhairt faoina bpáistí. Níor bhain a saothar féin an t-aitheantas céanna amach riamh agus, spéisiúil go leor, níor lig sí dó bean ar bith eile a phéinteáil seachas í féin.

Feiceann muid í mar stripper rua i bpictiúr amháin, nó mar rúnaí ag fanacht go mall san oifig lena *boss *i gceann eile, nó mar bhean fhionn, sínte amach ar leaba.

Is í Jo an bhean rua sa phictiúr cáiliúil *Nighthawks *ina bhfeiceann muid í le beirt strainséirí i gcaife i Nua-Eabhrac, mall san oíche.

Mothaíonn a té a amharcann ar phictiúir Hopper mar a bheadh *voyeur *ann, ag amharc ar radharcanna dorcha tostacha atá reoite ina gcuid ama féin. Chruthaigh sé pictiúir ina raibh atmaisféar lom folamh; figiúirí iontu gan ainm, gan teagmháil le daoine eile, iad caillte ina gcuid uaignis féin.

Bhí dúil mhillteanach aige sna scannáin agus, nuair nach mbíodh fonn air a bheith ag péinteáil, chaitheadh sé seachtain nó níos mó ag dul chuig scannáin. Thaitin na scannáin *noir *go mór leis agus tá an tionchar sin le feiceáil ina chuid pictiúr féin.

Mhol Robert Henri dó am a chaitheamh in amharclanna agus i bpictiúrlanna, agus cur síos a dhéanamh ar na daoine a bhí iontu, ar an tslí a ndúnann daoine isteach iontu féin nuair a íslítear na soilse. Is sampla maith den aonaracht seo *The Balcony nó New York Movie *ina bhfuil beirt le feiceáil leo féin, iad ag amharc ar an scáileán lasta.

Nuair a d’oibrigh Hopper mar mhaisitheoir, bhí air sceál leabhair a thaispeáint ar an chlúdach in íomhá amháin, agus ina phictiúir chruthaigh sé *vignettes *ar shaol daoine a spreag na scannáin, nó an saol fantaisíochta a chaith sé le Jo.

In Eleven A.M. (1926) tá bean ghiobógach, nocht le feiceáil ina suí ag féachaint amach ar fhuinneog seomra, craiceann a coirp lasta ag solas an lae, a haghaidh clúdaithe ag a cuid gruaige, cruth a coirp ag léiriú éadóchais. Meallann Hopper isteach muid i ndomhan príobháideach mar peeping toms; amharcann muid isteach ar an saol uaigneach seo, muid ag brath ciontach de bharr ár bhfiosrachta ach ar bís le níos mó a fheiceáil.

Beidh taispeántas de shaothar Edward Hopper le feiceáil sa Tate Modern, Londain idir 25 Bealtaine - 5 Meán Fómhair. Eolas: www.tate.org.uk/modern/exhibitions/hopper/default.htm

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.