AR NA SAOLTA SEO
Dóchas linn Palladius
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Lá ’le Pádraig, lá ceiliúrtha na nGael ar fud an domhain ag teannadh linn. Ach céard faoi Lá ’le Palladius a cheiliúradh? Ardaíonn Donncha Ó hÉallaithe an cheist faoin easpa aitheantais a thugtar don té a chuir an Pápa Celestine go hÉirinn sa bhliain 431AD.

Íomhá
Naomh Pádraig
Íomhá
Lá le Pádraig i Siceagó
Íomhá
Obar Dheadhain; ceantar Phallaidigh

Bhíos ag freastal ar chomhdháil staire le gairid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a eagraíódh faoin teideal ‘Irish Socialist Lives’. Tugadh léachtaí ag deireadh seachtaine faoi roinnt de na pearsana móra de chuid na heite chlé i stair na hÉireann: daoine ar nós Big Jim Larkin agus Michael Davitt.

Bhí léachtaí ann chomh maith faoi chuid de na pearsana nach bhfuil a oiread sin aitheantais tugtha dóibh, ar nós an Árannaigh, Tom Ó Flaithearta, fear a raibh lámh aige i mbunú Páirtí Cumannach na Stáit Aontaithe. Ba deartháir é Tomás leis an scríbhneoir cáiliúil Liam Ó Flaithearta. An léacht ba spéisiúla domsa ag an gcomhdháil, ba é an léargas a thug an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín ar an leagan amach a bhí ag Palladius ar chúrsaí rachmais. Bhí cloiste agam roimhe sin faoin Palladius céanna ach níor thuig mé go raibh leagan amach sóisialach aige ar an saol. Cé go bhfuil fianaise ann gur chuir an Pápa Celestine go hÉirinn é sa bhliain 431AD, is beag eolas atá againn faoi obair Phallaidigh i measc na nGael. Deirtear linn gur cuireadh go hÉirinn é le freastal ar na Críostaithe a bhí sa tír cheana féin. Creidtear gur bhunaigh sé trí cinn de sheipéil i gCill Mantáin an fhad is a bhí sé i measc na nGael. Más fíor don staraí Prosper, d’éirigh leis ‘oileán na mbarbarach’ a ‘rómánú’, ach tugadh an chreidiúint do Phádraig, a tháinig ina dhiaidh. Níor fhág sé aon tuairisc ar a chuid oibre agus níl a fhios againn cén fhad a chaith sé in Éirinn nó céard a tharla dhó. Deirtear gur cuireadh chun báis é, go gairid th’éis dhó tíocht go hÉirinn ach tá sé ráite chomh maith go ndeachaigh sé go hAlbain ag craobhscaoileadh na Críostaíochta i measc na gCruithneach. Tús mí Iúil chuile bhliain, thart ar Obar Dheadhain, is cosúil go ndéantar a shaothar ar son na Críostaíochta in Albain a cheiliúradh. Ach níl aon ‘Lá ’le Palladius’ ag na Gaeil abhus. Glactar leis, de réir an traidisiúin, gur Pádraig a scaip teachtaireacht na Críostaíochta i measc na nGael agus a chuir an tír ina hiomlán faoi smacht na Róimhe.

Dar leis an lucht staire, is ceapadóireacht cuid mhór de na scéalta faoi Naomh Pádraig. Creidtear go bhfuil scéal Phallaidigh agus scéal Phádraig fite fuaite ina chéile agus gur deineadh pearsa amháin den bheirt le himeacht aimsire. Ar an gcaoi chéanna is ar éirigh le Stalin a áit sa Réabhlóid Boilséiveach a cheilt ar Trotsky, fágadh Palladius bocht amach as an gcuntas a scríobhadh in Ard Mhacha sa naoú haois, faoi thíocht an chreidimh Rómhánaigh go hÉirinn

Tráchtas De Divitiis

Ach cén fáth go mbeadh léacht ar Phalladius ag comhdháil staire faoi ‘Irish Socialist Lives’? Tá Dáibhí Ó Cróinín den barúil go mba é a scríobh an leabhrán ‘De Divitiis’ (Faoi Rachmas), blianta sarar cuireadh go hÉirinn é. Léiríonn a bhfuil sa leabhrán go raibh leagan amach sóisialach, nó fiú amháin, cumannach ag Palladius. Ba é bun agus barr a chuid fealsúnachta ná go raibh an mhíchothromaíocht idir saibhir is daibhir ag dul in aghaidh toil Dé. Dúirt sé gur bhronn Dia sciar cothrom aeir, spéire agus gréine ar dhaoine.

Does the rich man enjoy the blessings of fresh air more than the poor man? Does he feel the sun’s heat more keenly or less? When earth receives the gift of rain, do larger drops fall upon the rich man’s field than upon the poor man’s?” B’shin iad na cineálacha ceisteanna crua a chuir sé thart ar an Róimh, áit a raibh sé lonnaithe, sarar cuireadh é ar na misiúin go hÉirinn. Cró na Snáthaide

Bhí féith an ghrinn ann chomh maith. Ag trácht ar a raibh le rá ag Íosa Chríost, do réir Lúcáis, faoina dheacra is a bheadh sé ag an bhfear saibhir fáil isteach sna flaithis, chuir Palladius fainic ar lucht rachmais a linne nach mbeadh aon seans acu neamh a bhaint amach mura n-aimseofaí snáthaid sách mór don camall, é sin nó camall sách bídeach le fáil trí chró na snáthaide! Nach bhfuil Dia uilechumachtach? Scríobh sé: “Of course, it is possible for Him to let the rich into heaven, and to let them bring all their property and baggage and wealth with them; and possible to let the camels in too, into the bargain.”

Ceapaim go mba é an sóisialach as Dún na nGall, Peadar O Donnell a dúirt go mba de shliocht graibéara gach tiarna talún. Má dúirt, bhí an bharúil chéanna ag Palladius 1,500 bhliain roimhe. “Are not ‘oppression’ and ‘robbery’ the main origin of wealth?” Ba shin an cheist a chuir sé sa scríbhinn ‘De divitiis’. Bhí sé oibrithe amach aige go raibh trí aicme ann: daoine saibhre, daoine bochta agus an dream a raibh a ndóthain acu agus murach saint na ndaoine saibhre, ní bheadh daoine bochta ann:“Abolish the rich and you will have no more poor. If no one has more than he needs, then everyone will have as much as he needs. For it is the few rich who are the cause of the many poor.” Is dócha go bhféadfaí a rá gur saint an lucht rachmais, nach mbíonn sásta lena ndóthain, is bunchúis le teip an chórais airgeadais sa tír seo agus i dtíortha eile. Dá dtabharfaí níos mó aird ar fhealsúnacht Phallaidigh sa tír seo, b’fhéidir nach mbeadh muid sa bpoll portaigh ina bhfuil muid faoi láthair. Nóta Buíochais: Gabhaim buíochas leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín a chuir ar fáil na sleachta as scríbhinní Phallaidigh, atá reicthe agam san alt seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.