AR NA SAOLTA SEO
Dóchas ann go ndéanfar dul chun cinn go luath
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Má deir an IRA go luath go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, rachaidh sé seo go mór chun sochair do David Trimble agus dá pháirtí i dtoghchán an Tionóil, dar le Robert McMillen.

Íomhá
David Trimble, ceannaire an UUP

Tá an cogadh thart - imígí faoi shíocháin. Sin an teachtaireacht a bhfuiltear ag dúil leis ón IRA, ráiteas a eiseoidh P. O’Neill ar ball beag, má chreideann tú na tuairiscí nuachta.

Tá “léarscáíl bhóthair” aimsithe ag tiománaithe phróiseas na síochána má thig le paisinéirí thraein na síochána aontú ar na stáisiúin a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu - stáisiún an díchoimisiúnaithe, stáisiún an dímhíleataithe, stáisiún bhuanú na n-institiúidí - sula mbainfidh siad ceann scríbe amach.

D’fhéadfadh briseadh fríd drámatúil bheith “imminent” a dúirt foinsí poblachtánacha le gairid. Meastar go dtiocfaidh ráiteas ón IRA maidir leis na rúin mhíleata atá acu.

díospóireacht inmheánach ar siúl taobh istigh de ghluaiseacht na poblachta fán ráiteas, cuid acu i bhfách leis, cuid eile atá glan ina éadan. Is é a fhiafraíonn siad seo ná: “Cad é is fiú deireadh a chur leis an chogadh nuair atá Arm na Breataine go láidir sa tír, nuair atá dílseoirí ag éirí gníomhach arís agus nuair atá David Trimble chomh lag sin taobh istigh dá pháirtí féin nach dtig leis na gníomhartha críochnaithe atá poblachtánaigh ag iarraidh uaidh a chur i bhfeidhm?”

Ach tá bunús ghluaiseacht na poblachta ar chúl cheannaireacht Adams agus McGuinness. Bhí dhá chruinniú dhearfacha idir Adams agus David Trimble an mhí seo caite agus is léir go bhfuiltear sásta anois bogadh ar aghaidh leis an phacáiste a rinneadh in earrach na bliana seo.

Ní hé gur rúndiamhair Fatima eile é an beart a bhfuiltear ag obair air - gairm toghcháin an fómhar seo, barantáis ó na haontachtaithe nach scorfar an Tionól, an dímhíleatú (nó an normalú) ó thaobh Arm na Breataine de agus gníomh eile díchoimisiúnaithe ar a laghad ón IRA.

Toghchán an fómhar seo

Maíonn poblachtánaigh go bhfuil borradh faoi iarrachtaí toghchán a ghairm an fómhar seo. An 13 Samhain an dáta is fóirsteanaí, meastar.

Má deir an IRA go bhfuil an cogadh thart, thabharfadh sé buntáiste do Shinn Féin ar an SDLP, ach ag an am céanna [bhéarfadh sé deis] do na heasaontóirí poblachtánacha a rá go raibh an ceart acu an t-am ar fad, gur thréig na Sealadaigh prionsabail laochra 1916 agus na nglúnta a tháinig ina ndiaidh.

Tá seans ann go mbogfaidh daoine ó na Sealadaigh chuig leithéidí an Continuity IRA agus an Fíor-IRA. D’fhéadfadh gunnaí agus armlón bogadh an bealach céanna, ach dealraíonn sé go bhfuil David Trimble den bharúil go bhfuil éachtaí ag dul a theacht ó phoblachtánaigh sna seachtainí atá romhainn. Ligfidh sé seo dó cur ina luí ar vótairí gurb é polasaithe s’aigesan agus polasaithe an UUP a “shaothraigh” an comhghéilleadh seo (agus tuilleadh lena chois más fíor) ón IRA, rud a bhainfidh vótaí don pháirtí ag toghchán nuair a scairtear é.

Ach níl ansin ach an tús. Beidh go leor ball den pháirtí ag dul chun tosaigh sa toghchán agus iad in éadan géilleadh ar bith ar cheisteanna an RIR, Patton, agus an ilomad ábhar eile, agus tá an DUP an-tógtha i ndiaidh na mbuanna a bhí acu in Olltoghchán Westminster in 2001.

Le go dtig le haontachtaithe atá ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta an ceann is fearr a fháil ar an DUP, caithfidh siad cruthú dá bpobal go bhfuil siad ag baint níos mó amach ná atá siad ag géilleadh. Mar sin, caithfidh gníomhartha an IRA bheith mór go leor, bheith soiléir agus bheith iontaofa.

Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú de réir a mbriathra.

Má dhéanann siad seo, thiocfadh le Trimble bua ollmhór a bheith aige nuair a thiocfas ardfheis an UUP ar an 18 Deireadh Fómhair.

D’fhéadfadh sé ansin geallstan nach scorfaidh siad an Tionól arís má athbhunaítear é, ach tá fadhbanna anseo - má thoghtar go leor ball den DUP agus go leor easaontóirí ón UUP, d’fhéadfadh siad sáinn pholaitiúil eile a chruthú sa Tionól, gan Chéad- agus leas-Chéad Aire bheith ainmnithe.

Bhí muid ag an phointe seo roimhe agus theip ar na polaiteoirí an t-áiméar a thapú. Bhí leathbhliain acu le meabhrú ar an bhealach chun cinn - ná teipeadh orthu arís.

Cuireadh siad tús leis an choreography!

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.