Tá sé i gceist cuid dlíthe leabhail na hÉireann a leasú gan mhoill agus comhairle preas a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin chlóite. Tá an baol ann, áfach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, nach mbeidh an chomhairle seo neamhspleách.
Magill, ainm atá ceangailte le fada an lá le hiriseoireacht fhiosraitheach Éireannach den chaighdeán is airde. Ach ón mhí seo caite, níl ann ach ainm a ndéanfar tagairt dó anois agus arís sna leabhair staire. Ainm ar nós Hibernia, iris eile den scoth a bhí ina bhior sa bheo ag údaráis an stáit seo nuair ba ghá, ach freisin a d’fhulaing go mór ó dhlíthe éagóracha leabhail an stáit seo.
I bhfad sula raibh aon trácht ar bhinse fiosrúcháin Flood, bhí *Magill *ag scríobh maidir le caimiléireacht i gcúrsaí pleanála. I bhfad sula raibh aon trácht ar fhiosrúchán Morris, bhí *Magill *ag scríobh faoi chaimiléireacht sna Gardaí. I bhfad sula raibh aon trácht ar fhiosrúchán Barr, bhí *Magill *ag scríobh faoi dhrochobair sheirbhísí rúnda na Breataine in Éirinn.
Dá leanfaí ag foilsiú Magill *ar feadh bliana eile, gach seans go mairfeadh sé. Mar táthar ag tuar go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar dhlíthe leabhail an stáit seo laistigh de bhliain agus go mbunófar comhairle preas nua, dhá chinneadh a chabhródh go mór leis an saghas iriseoireachta a chleacht *Magill. Ach is cúis mhór imní é toradh pobalmheasa a rinne an clár “Prime Time” an mhí seo caite, a léirigh gur tábhachtaí le pobal an stáit seo gardaí, dochtúirí, múinteoirí, sagairt, agus fiú dlíodóirí, ná baill an cheathrú eastát. Is léir ó seo gur beag cur i gcoinne a bheadh ann ón phobal dá mbeartódh an rialtas ar na baill a cheapadh iad féin don chomhairle preas nua atá le bunú (agus táthar ag rá go dtarlóidh sé seo). Tá sé riachtanach, áfach, go mbeadh pé comhairle a bhunófar go hiomlán neamhspleách ar na meáin agus ar an stát.
Is fada lucht mheáin chumarsáide na hÉireann ag gearán go bhfuil an tAcht Um Chlúmhilleadh 1961, agus an dlí maidir le leabhal sa stát seo, éagórach. Níl aon dabht ach gur chinntigh na dlíthe céanna thar na blianta go raibh lucht na meán fíorchúramach faoin méid a chraoladar nó a scríobhadar. Ach chinntigh sé leis nár foilsíodh go leor scéalta a bhí fírinneach agus a raibh géarghá ann go bhfoilseofaí iad.
I 1989, d’fhógair RTÉ go raibh beirt iriseoirí dá gcuid, Pádraig Mannion agus Joe Murray, le cur ar fionraí gan phá ar feadh seachtaine. Ar achainí beartaíodh go dtabharfaí ísliú pá don bheirt. Tuairisc a rinne siad ar an chlár “Farm Diary” ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi. Spreag seo litir aturnae láithreach ó chomhlacht amháin darbh ainm Larry Goodman’s Anglo-Irish Beef Processors. Ghabh RTÉ leithscéal agus d’admhaigh go rabhadar go hiomlán mícheart.
An mhí seo caite, ceithre bliana déag níos déanaí, agus sinn ar fad bréan de bhinsí fiosrúcháin, chuir an tUasal Goodman deireadh leis an gcás a bhí á thógáil aige i gcoinne an stáit. Dá mba rud é gur leasaíodh dlíthe leabhail an stáit seo ní ba luaithe, tá gach seans ann nár ghá binse fiosrúcháin a chur ar bun le theacht ar an fhírinne.
Chinntigh dlíthe leabhail an stáit seo nach raibh ann ach fíorbheagán iriseoirí arbh fhiú dóibh fíoririseoireacht fhiosraitheach a chleachtadh. Ní rún é gur chaith an iris *Magill *go leor ama ag cosaint scéalta dá gcuid sna cúirteanna thar na blianta agus go minic go raibh orthu suimeanna móra airgid a íoc amach.
Tuarascáil
Go dtí gur fhoilsigh grúpa comhairleach dlí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt tuarascáil ar an leabhal i mí an Mhárta seo caite, níor admhaigh an stát gur ghá na dlíthe a leasú. Dúradh an méid seo sa tuarascáil: “It is clear that the law is out of step with developments in other jurisdictions which share our legal tradition. It is arguable, indeed, that it is out of step both with the values of which are enshrined in the Constitution and with the values enshrined in the European Charter of Human Rights.”
Faoi láthair, in aon chás clúmhillte a thógtar sa stát seo, tá dualgas ar an chosantóir a chruthú go bhfuil an rud a scríobh nó a dúirt sé fíor, seachas ar an chúisitheoir a chruthú go bhfuil sé bréagach. Is fíorannamh go mbíonn freagracht mar seo ar chosantóir.
Anuas air sin, i bhformhór na gcásanna dlí sibhialta, glactar le cruthúnas faoi chúraim an chosantóra mar chosaint. Mar shampla, má ghortaíonn páiste é féin ar scoil, fad is gur féidir leis an scoil a chruthú go ndearnadar iarrachtaí lena chinntiú nach ngortódh páistí iad féin, níl an scoil ciontach. Ach faoi láthair, i ngach aon chás clúmhillte, ní haon chosaint é ag iriseoir a chruthú go ndearna sé gach a d’fhéadfadh sé le bheith cúramach. Ciallaíonn sé seo go mbeidh leisce ar iriseoir riamh a admháil go ndearna sé botún, fiú más ceann *bona fide *é.
Creidtear muna gcloínn an rialtas lena ngeallúint agus dlíthe clúmhillte an stáit seo a leasú go dtiocfaidh an leasú i gcrích sna cúirteanna féin. Mar a dúradh i dtuarascáil an ghrúpa: “In the view of the group, if there is no statutory intervention on this point in the near future, it is only a matter of time before the deficiencies which now exist are addressed by way of judicial intervention, be it within our own courts or within the international arena.” Leagann [Cairt Chearta Daonna na hEorpa] béim i bhfad níos mó ar shaoirse cainte. Dúirt an tAire an mhí seo caite go dtiocfadh an tAcht a chlúdaíonn an chairt seo i bhfeidhm ar an 31 Nollag 2003. Chomh luath agus a dhéantar leasú ar na dlíthe leabhail is lú cúis a bheidh ag na meáin a bheith chomh cúramach faoina bhfoilsíonn agus faoina ndeir siad. Ní haon ionadh é, mar sin, gur moladh sa tuarascáil chéanna go mbunófaí comhairle preas ar bhonn reachtúil, ar a mbeadh naoi mball a cheapfadh an rialtas.
Saol pearsanta DJ Carey
Faoi láthair, tá go leor sna meáin den tuairim gur féidir gach rud a fhoilsiú, a fhad is nach bhfuil sé clúmhillteach. Ní gá ach breathnú ar ar fhoilsigh nuachtán áirithe Domhnaigh faoi shaol pearsanta an iománaí DJ Carey an mhaidin a bhí craobh iomána na hÉireann le himirt, lena aithint go bhfuil géarghá le struchtúr a dhéanfadh monatóireacht ar na meáin.
Ach chomh fada agus a bhain sé leis an eagraíocht Nuachtáin Náisiúnta na hÉireann (NNI), chreideadar i dtosach gur chóir monatóireacht na nuachtán a fhágáil fúthu féin. Dúradar go gceapfaidís féin comhairle preas agus *ombudsman *le féin-mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin. Is iomaí alt atá foilsithe sna meáin faoi chomh do-ghlactha agus atá sé go mbeadh na Gardaí féin ag fiosrú mhí-iompar na nGardaí, nó go bhfágfaí faoi pholaiteoirí a chéile a fhiosrú. Mar a dúirt an Taoiseach, ag caint dó ar an ábhar an mhí seo caite, “Imagine what the public would think of us if I referred Michael Collins [an TD a fuarthas ciontach le gairid as cuntas bréige a bheith aige lasmuigh den tír] the other day to a cumann in West Limerick to investigate him. It would be the same to refer a newspaper breach to four or five journalists.”
Ní haon iontas é, mar sin, gur athraigh an NNI a seasamh. Cé gur mian leo fós comhairle preas a bhunú nílid ag éileamh gurb iad féin a cheapfadh na baill. Ach is annamh a bhíonn struchtúr ar bith neamhspleách ar an dream a bhunaíonn agus a mhaoiníonn é agus, dá réir, ní chreidim go mbeidh seo inghlactha ach oiread.
An Star Chamber
I stair Shasana, aithnítear an Star Chamber, a bunaíodh i 1488, mar an chéad chomhairle preas sa tír sin. Bunaíodh seo go príomha le pé caitheamh anuas a bhí á dhéanamh ar an eaglais agus ar an stát a mhaolú. Cinnte dearfa ní leithéid an Star Chamber atá de dhíth ar shochaí na hÉireann sa 21ú haois.
Ach más rud é go bhfágtar faoin rialtas baill na comhairle preas nua a cheapadh, gach seans go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber. Nuair a bhí John Bruton ina Thaoiseach, bhí go leor scéalta sna nuachtáin faoi Michael Lowry TD. Ainneoin seo, sheas Bruton lena chara go dtí an nóiméad deireanach. Dá mba rud é go raibh ar chomhairle preas ag an am, lán le ceapacháin de chuid Fhine Gael, cinneadh a ghlacadh maidir le scéal a foilsíodh i nuachtáin áirithe maidir leis Uasal Lowry, is deacair a shamhlú go rialfaidís i bhfábhar na nuachtán. Tá a fhios againn anois, dar ndóigh, go raibh bunús le scéal an iriseora Sam Smyth faoin Uasal Lowry.
Tá easaontas idir an NNI agus an rialtas leis faoi cé acu ar cheart an chomhairle nua a bhunú ar bhonn reachtúil nó nár cheart. Chinnteodh comhairle reachtúil go mbeadh ar gach nuachtán a dháiltear sa stát seo, idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain, cloí leis na rialacha céanna. Dá bhféadfadh iriseoir a chruthú gur chloígh sé leis na treoirlínte seo, bheadh cosaint aige freisin i gcás clúmhillte. Chomh maith leis sin, bheadh ar an té a dhéanfadh gearán le comhairle preas reachtúil glacadh leis an bhreith. Ní fhéadfadh sé a chás a thógáil chun na cúirte muna dtaitneodh an toradh leis.
Creidim féin go bhfuil an ceart ag rúnaí Éireannach an NUJ, Seamus Dooley, nuair a deir sé go mba chóir do bhunús reachtúil a bheith ag an chomhairle preas nua ach gan é a bheith faoi smacht an stáit. Molann sé go gceapfaí *ombudsman *a bheadh freagrach don chomhairle, ar a mbeadh baill ó eagraíochtaí na meán cumarsáide, an NUJ agus ionadaithe ó réimsí eile den tsochaí.
Más rómhall a bhí leasú dhlíthe leabhail an stáit seo don iris Magill, d’fhéadfadh fós an leasú atá i ndán don stát borradh a chur faoin iriseoireacht fhiosraitheach, ach, chomh héasca céanna, d’fhéadfadh an chomhairle preas mar atá sí á beartú ag an rialtas a chinntiú nach bhfeicfí leithéidí Magill riamh arís. Agus, ainneoin dhearcadh an phobail i leith an cheathrú eastát, i mo thuairmse is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.