Níl saoi gan locht agus tá Tomás Ó Maolalaidh den tuairim gurb shin é an scéal ag Maradona, bainisteoir na hAirgintíne, é. Tá sárpheileadóirí fágtha as agus tá seanfhondúirí roghnaithe ina n-áit.
Tá an comórtas peile is tábhachtaí ar domhan ag drannadh linn. Tá lucht leanta sacair an domhain fós faoi dhraíocht ag Diego Armando Maradona ach is beag acu, dar liom, a bhí ag súil go mbeadh ról baileach chomh lárnach ag éinín na gcéadta cath i bpríomhócáid spóirt an tsamhraidh seo.
Ceapadh Maradona ina bhainisteoir ar fhoireann na hAirgintíne i Meán Fómhair na bliana 2008. Ag an am sin bhí an-lagmhisneach tagtha ar imreoirí agus ar lucht tacaíochta na hAirgintíne araon i ndiaidh ré Alfio Basile. Le linn do Basile a bheith i gceannas ar an bhfoireann, bhí an Airgintín gan treoir agus gan chinnearacht. Bhí an t-anam súite as ardimreoirí cruthaitheacha fearacht Messi agus Tévez agus ba bheag den chíocras – rud a samhlaíodh riamh le sárfhoirne na hAirgintíne san am a caitheadh – a bhí le sonrú sna luathchluichí cáiliúcháin a d’imir siad d’fhonn áit i gCorn an Domhain a bhaint amach. Bheadh drogall orm dóigh a dhéanamh de mo bharúil sna cúrsaí seo, ach déarfainn gur tugadh an post do Maradona ní i ngeall ar a oiriúnacht don phost, ach i ngeall ar an ngean atá ag gnáthmhuintir na hAirgintíne air. Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
Bradán Beatha an Bhronco
Ar cheann de na focail is minice a luaitear i dtaobh Maradona is ea bronco agus ní miste breathnú níos doimhne ar a bhfuil i gceist leis an bhfocal seo i gcaint Spainnis na hAirgintíne, arae tugann sé léargas an-mhaith dúinn ar an cineál duine atá i Maradona. Samhlaítear roinnt de na tréithe seo a leanas leis an bhfocal bronco: cíocras; gráin; díocas; binb agus gangaid. Ní nach ionadh gur rímhinic le Maradona an focal céanna a úsáid agus é ag cur síos air féin – is é bradán a bheatha é, dar leis siúd. Measaim féin, ámh, nach é an focal seo is túisce a rithfeadh le duine a bheadh sa tóir ar thréithe inmhianta an tsárbhainisteora. An samhlófaí a léithéid le triúr de bhainisteoirí buacacha eile Chorn an Domhain le scór blianta anuas Franz Beckenbauer, Marcello Lippi agus Aimé Jacquet, cuirim i gcás?
Ina dhiaidh sin is uile, caithfear a admháil go ndearna Maradona gaisce de chineál éigin nuair a thug an Airgintín an eang leo i ngrúpa réigiúnach Mheiriceá Theas. Bíodh go raibh orthu fanacht go dtí an lá deiridh maidir lena n-áit a chinntiú i gCorn an Domhain, is léir go ndeachaigh pearsantacht mhealltach luaineach Maradona i bhfeidhm ar a chuid imreoirí ón mbealach a ndearna siad ceiliúradh leis tar éis do Mario Bolatti an cúl cinniúnach cáiliúcháin a aimsiú in aghaidh Uragua. Tar éis an tsaoil, rinne Maradona beart de réir a bhriathair ar an ábhar gur gheall ag tús a réimis go mbeadh ainm na hAirgintíne sa bpota don chomórtas mór.
Bíodh sin mar atá, baineadh stangadh as daoine go leor nuair a foilsíodh painéal na hAirgintíne i gcomhair Chorn an Domhain le gairid. Feictear dom go ndearna Maradona éagóir agus faillí mhór maidir leis an bpainéal seo. Is é is mó is cás liom cinneadh Maradona an bheirt atá ag imirt d’fhoireann bhuacach an Champions’ League, Inter – is é sin, Javier Zanetti agus Esteban Cambiasso, a fhágáil as an áireamh ar an bpainéal deiridh. Más é seanaois Zanetti – duine de na himreoirí cosanta is cumasaí agus is gairmiúla dá bhfuil ag imirt san Eoraip i láthair na huaire – an rud atá ag déanamh tinnis do Maradona, cén fáth ar roghnaigh sé Juan Sebastián Verón atá 35 bliain d’aois agus atá ag imirt a chuid peile i sraith na hAirgintíne. Tá Verón ar dhuine de chúigear imreoirí a roghnaíodh atá i mbun a gceirde i dtír dhúchais an bhainisteora agus is léir nach míbhuntáiste é bheith ag imirt sa tsraith seo de réir dhearcadh Maradona. Is léir, freisin, nach bhfuil an caighdeán imeartha chomh héilitheach céanna i sraith na hAirgintíne le hais mhórshraitheanna na hEorpa, cuir i gcás.
Neamhaird ar Scoth na nImreoirí
Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo. Léiriú eile ar éagumas Maradona ina chuid scileanna idirphearsanta is ea an chaoi ar caitheadh le Cambiasso. Chuirfeadh ról Cambiasso i bhfoireann Inter Roy Keane thús na mílaoise i gcuimhne do dhuine. Bíonn sé ag réabadh thart ó cheann ceann na páirce, tugann sé ugach d’imreoirí a bhíonn in ísle brí agus tugann sé íde béil fhíochmhar d’imreoirí nach mbíonn ag déanamh a gcuid ar son na foirne, saighdeann sé imreoirí níos réchúisí chun gnímh agus cuireann sé ’chuile mhónóg allais dá bhfuil ann ar son na cúise. Iontas na n-iontas, ní gá do Cambiasso a shuíochán ar an eitilt go dtí an Afraic Theas a chur in áirithe ach oiread. Is éard a thugann an dá shampla thuas le tuiscint gur deacair do Maradona coimhlintí pearsanta le himreoirí a scuabadh ar leataobh chun leasa na foirne atá faoina chúram. Is é bun agus barr an scéil gur laige a bheas foireann na hAirgintíne d’uireasa Cambiasso agus Zanetti.
Cá bhfágann an méid seo uilig foireann na hAirgintíne agus iad ar thóir an comórtas peile is mó a bhuachan don tríú huair? Tá rud amháin le rá i dtaobh imreoirí reatha na hAirgintíne, níl foireann idirnáisiúnta ar bith ar domhan (foireann na Brasaíle ina measc) inchurtha leo ó thaobh chumas a gcuid tosaithe de. Níl aon amhras ach gur seoda fíorluachmhara iad Lionel Messi, Gonzalo Higuaín, Diego Milito agus Sergio Agüero. Ina cheann sin, tá taithí na mblianta ag imreoirí dála Carlos Tévez, Javier Mascherano, Walter Samuel agus imreoirí eile nach iad a bheith ag imirt i mórchluichí peile an domhain.
Pé rud a tharlós i rith an tsamhraidh, agus tá mé cinnte gur iomaí cor agus casadh a bheas ann idir seo agus deireadh mhí Iúil, ní shamhlóinn go mbeadh tréimhse leamh ag iriseoirí sacair na hAirgintíne agus ealaín Maradona faoi thrácht acu. Tá súil agam nach dtiocfaidh tuar ar an tairngreacht seo, ach is é mo bharúil nach mbeidh aon rath ar an Airgintín ar chlár na himeartha an iarraidh seo. Ach, amhail gach rud eile a bhaineann le Maradona féin, bí ag súil leis an rud gan choinne i leith La Albiceleste sa gcomórtas seo!