Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn. Bhí Laoise Ní Chléirigh ag fuirseadh faoi thearmann do Chlann Mhic Conghaola, an Irish Seal Sanctuary, le teacht ar an eolas faoin ainmhí diamhrach seo.
Leis an samhradh álainn seo, tiocfaidh glúin nua ainmhithe ar an saol, ach ní fheicfidh tú roinnt de na sinigh seo go héasca, gan cuairt a thabhairt ar an trá. Chun eolas níos mó a fhoghlaim faoi na rónta atá againn in Éirinn, labhair mé leis an “Irish Seal Sanctuary” i Loch Garman le déanaí. Labhair muid faoi na rónta in Éirinn.
LNC: An bhfuil tú féin ag obair leis na rónta le fada?
S: Táim ag obair anseo le cúpla bliain anuas, agus tagaim isteach gach lá le mo mhadra Brody in éineacht liom. Is cuid den fhoireann í Brody anois. Siúlann sí timpeall ag coimeád súile ar na rónta i rith an lae. Is aoibhinn liom mo phost agus caithfidh mé a rá go bhfoghlaimím rud éigin nua faoi na rónta nó faoin bhfarraige i gcoitinne, chuile lá.
LNC: Conas agus cathain ar tosnaíodh an ISS agus an féidir leat an obair á dhéantar anseo a mhíniú dúinn?
S: Bhí bunaitheoir an ISS, Brendan Price, ag obair mar mhaor ag gairdín na n-ainmhithe fiche cúig bliain ó shin. Bhí an-eolas aige cúrsaí ainmhithe de ach tháinig sé ar rón a bhí an-tinn lá amháin agus ní raibh áit sábháilte ar bith ar fáil don rón. As an lá cinniúnach sin, cuireadh tús leis an “Irish Seal Sanctuary” i 1986 i ngairdín Bhreandáin mar thearmann do fhiadhúlra agus d’ainmhithe na mara, rónta ach go háirithe. Ansin, leis an obair a bhí agus atá ar siúl anseo le fada an lá, tugadh stádas carthanach dúinn i 1995.
Tá triúr fostaithe go buan san ISS, agus oibríonn achan duine eile go deonach. Faigheann na daoine atá ag obair anseo traenáil chuimsitheach. Go nuige seo, táimid tar éis níos mó ná 800 rón a scaoileadh saor agus ar an meán, faighimid níos mó ná 2,000 glaoch guaise in aghaidh na bliana.
Bhí an t-ádh orainn anuraidh nuair a thug “Gorey Courtown Forest Park Ltd” an-chuid cabhrach dúinn agus bhíomar in ann an áitreabh nua seo a fhorbairt. Táimid ag obair go dian ó shin anseo i mBaile na Cúirte, Loch Garman ar son na rónta.
Beag nó Glas
LNC: Cén sórt róin a thagann isteach chuig an tearmann?
S: Bhuel tá an rón glas agus an rón beag againn timpeall na tíre. Tá siad an-éagsúil nuair a fhéachann tú orthu. Maidir leis an rón glas, breathnaíonn sé cosúil le madra san éadan. Ar nós an labradór, bíonn an smut fada go leor. Leis an rón beag, ní bhreathnaíonn sé cosúil leis an madra céanna! De ghnáth, bíonn aghaidh bheag ghleoite air gan smut, ach le srón craptha agus an-chosúil le spáinnéar shéarlais san aghaidh i ndáiríre.
Níl geolbhaigh ar rón. Dúntar an tsrón agus na scoiltíní nó cluasa beaga atá aige nuair a thumann sé faoin uisce. Tá locaí aige ar bharr a chinn agus ar a aghaidh. Cabhraíonn sé seo go mór leis an rón, éisc a cheapadh nuair atá sé ag lorg bia faoin uisce. Is iad seo an dá chineál róin atá le haimsiú timpeall chósta na hÉireann. Níl an rón mór eachtrannach le feiscint i bhfarraigí na tíre in aon chor, taobh amuigh de ghairdín na n-ainmhithe i mBaile Átha Cliath!
Níl fíorchluasa ar an rón. Feicfear scoiltíní ar an dá thaobh den chloigeann ach, tá cluasa beaga le feiceáil ar an rón mór. Má théann tú go San Francisco i Méiriceá riamh, feicfidh tú roinnt mhaith rónta mór ag Pier 39 cuir i gcás.
LNC: Agus anois, cén fáth go dtagann na rónta chugaibh ag an ISS?
S: Is oth liom a rá, go bhfuil neart cúiseanna ann. Tosaíonn rónta ag pórú ag trí bliana d’aois nó ag ceithre bliana d’aois. Tá níos mó rónta glasa ná rónta beaga againn anseo, agus is dócha mar thoradh ar sin, go bhfeicfimid an rón glas níos minice sa tearmann ná mar a fheicimid a chara an rón beag. Tá ráta báis níos airde ag an rón glas ach fágann an bhainirseach é ar an gcladach ar feadh tréimhsí agus mar thoradh ar seo, téann an t-eán róin i dteagmháil le daoine níos minice. Sílim mar sin go bhfuil saol níos contúirtí ag an rón glas ná mar atá ag an rón beag. Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
Scaradh na gCompánach
É sin ráite, b’fhéidir go scarfaí an rón beag lena mháthair le drochshíon. Beag beann ar an gcaoi a scarann eán an róin ghlais nó eán an róin bhig lena mháthair, tagann siad chugainn nuair a bhíonn siad gortaithe nó lag mar gheall ar an deighilt sin.
Feiceann baill an phobail iad ar na tránna go minic nuair atá siad i mbaol nó ag fulaingt agus cuireann siad fios orainn ionas gur féidir linn cuidiú leo. Ach caithfidh daoine a bheith cúramach. Cé go mbíonn sé i gceist acu cabhair a thabhairt don eán róin, uaireanta, ní bhíonn siad gortaithe ar chor ar bith, agus tá an bhainirseach san fharraige leis an mac ar an trá ag glacadh sosa! Bheadh an bhainirseach an-chrosta le duine ar bith a thiocfadh i ngaobhar dá heán, agus is féidir leo a bheith an-ionsaitheach ar fad má cheapann siad go bhfuil an t-eán i gcontúirt. An teachtaireacht atá ann is dócha ná, gan do lámh a leagan orthu in aon chor agus fios a chur orainn, le do thoil.
LNC: An féidir leat insint dúinn faoi sheal an róin sa tearmann?
S: Cinnte, bhuel, saolaítear an rón glas idir Mheán Fómhair agus Nollaig ar a dhéanaí. Réitíonn siad go maith leis an mianach eile fosta – an rón beag. Bíonn siad tuairim is 10kg nuair a rugtar iad. Tar éis trí nó ceithre seachtaine, nuair a chailleann siad an fionnadh a bhí acu, scoithfear den chíoch iad agus bíonn siad ullamh chun dul amach san fharraige. Go minic, ní bhíonn na rónta a thagann isteach chugainn ach 12 – 15 kg nuair ba chóir go mbeidís tuairim is 50 kg.
De ghnáth, codlaíonn an rón glas ar oitir nó ar an gcladach murab ionann agus ainmhithe eile ar nós an deilf a chodlaíonn san fharraige. Cloisimid na rónta ag srannadh uaireanta sa tearmann! Tá siad leisciúil go leor caithfidh mé a rá, agus i mo thaithí féin, codlaíonn siad tríd is tríd, cosúil linne i rith na hoíche, seachas i rith an lae.
Ite ina Bheatha
Téann eán ar iarraidh, amantaí, agus bíonn beirt bhainirseacha ag troid faoi eán amháin, nuair atá ceann acu trína chéile mar gheall ar an eán caillte. Fadhb eile a tharlaíonn ná, nuair a fheiceann na faológa an t-eán róin as féin. Leis an mblonag mealltach orthu, go feiceálach, bainfidh siad plaic i ndiaidh a chéile as an bhfeoil bhlasta. Bíonn na rónta óga faoi an-chontúirteach in am mar sin. Éiríonn siad níos laige. Bíonn cabhair phráinneach ag teastáil uathu roimh i bhfad.
Fadhb eile atá feicthe agam go rialta ná an galar ‘bolgach róin’. Tá sé cosúil leis an deilgneach a fhaigheann daoine ach bíonn sé an-phianmhar do na rónta. Tháinig rón glas darbh ainm Dustin chugainn le déanaí leis an ngalar seo air, agus is oth liom a rá nár oibrigh an leighis go hiomlán. Tá an bolgach róin air fós, mo léan. Fuaireamar comhairle ón tréidlia faoi agus tá sé ar intinn againn é a sheoladh ar ais chun na farraige anois. Dar leis an tréidlia, cé nach bhfuil an galar curtha de go hiomlán, tá Dustin níos láidre ann féin anois agus le cumhacht iontach an tsáile, chuile sheans go dtiocfaidh feabhas air ar ball.
LNC: An bhféadfá eolas ar bith eile a thabhairt dúinn faoin méid ainmhithe a tháinig chuig an tearmann i mbliana?
S: Is iondúil go dtógaimid isteach idir 50 agus 80 rón in aghaidh na bliana. Ó mhí an Mheithimh seo caite, thógamar isteach níos mó ná 50 agus bhíomar in ann 50 a scaoileadh ar ais chun farraige. An rud is tábhachtaí ná go gcaithfimid iad a chur ar ais ar an trá chéanna ar ar aimsíodh iad.
Oibríonn Coláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath linn nuair a fhaigheann rón bás agus is oth liom a rá nach bhfuilimid in ann gach rón a shábháil. Déantar scrúdú iarbháis air sa Roinn Tréidliachta i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Cuidíonn sé seo go mór linn, agus insíonn na torthaí dúinn cad díreach ba thrúig báis don rón bocht. Scaití, taispeántar gur buaileadh an rón go trom ar shlí éigin agus sa chás seo, ní fhéadfaimid rud ar bith a dhéanamh. Ar a laghad, bíonn a fhios againn go ndearnamar ár ndícheall.
Cochall an Bhreis Mheácain
Sula gcuirfimid rón ar bith ar ais, féachfaimid ar a mheáchan toisc go mbraitheann an scaoileadh ar an meáchan i gcónaí. Caithfidh siad 5 kg éisc ar a laghad a ithe gach lá, cuireann siad níos mó meáchan orthu mar sin, agus tar éis tamaillín, nuair atá an rón tuairim is 50 kg nó níos mó, tá siad láidir go leor chun dul ar ais ar an bhfarraige.
Sula dtéann siad ar ais, cuirtear clibeanna ar a n-eireaball, ionas go bhfuilimid ábalta gluaiseacht nó taisteal na rónta a thaifeadadh. Ní chuirtear na clibeanna ar an dá lapa ach oiread. Ní fhéadfá a leithéid a dhéanamh leis an rón beag ar aon nós toisc go mbíonn an rón beag ag diúl a lapa cosúil le leanbh beag a bhíonn ag diúl a órdóige.
LNC: Iascairí agus na rónta. Cén taobh ar a bhfuil tú?
S: Bhuel, tá a fhios agam go bhfuil cáil ar na hiascairí mar naimhde i gcoinne an róin, ach i mo thaithí féin, bíonn roinnt mhaith iascairí an-chabhrach do na rónta chomh maith. Tá aithne agam ar fhear nó dhó a tharrtháil rón san fharraige a bhí in aice lena bhád, le plaisteach nó a leithéid i bhfastó ar a mhuineál srl.
Ina theannta sin, tá an-chuid iascairí tar éis nuachta a thabhairt dúinn faoi na rónta siúd a scaoilimid saor. Uaireanta, feiceann siad na clibeanna orthu agus cuireann siad glaoch isteach chugainn ag insint dúinn go bhfuil siad i mbláth na sláinte srl. Tá sé seo an-chabhrach ar fad, agus táimid in ann achan amharc a thaifead ansin.
Bí Cúramach
LNC: Agus mar fhocal scoir, dá bhféadfá aidhm an ISS a roinnt linn i mbeagán focal? Cabhróidh sé seo leis na rónta agus leis na daoine a thiocfas i dteagmháil leo gan choinne i rith an tsamhraidh!
S: Is carthantacht é an ISS agus cé go bhfuilimid go hiomlán dírithe ar athshlánú na rónta agus iad a scaoileadh saor. Tá sé an-tábhachtach dúinn freisin go scaipfí eolas faoi bhithéagsúlacht na mara chuig pobal níos leithne.
An áit is fearr daoibh chun rónta a fheiscint ná na hOileáin Shailtí nó le taobh na mBlascaodaí. Ach bígí cinnte nach gcuireann sibh isteach orthu. Tá turtar droimleathair le feiscint chomh maith, agus b’fhéidir nach bhfuil a fhios ag na léitheoirí ar fad é sin. Tá siorc sna farraigí Éireannacha fosta, darbh ainm an Liamhán Gréine, ach níl aon chontúirt ag baint leo.
Mar chomhairle, má thagann tú ar chara mara cosúil leis an rón, glas nó beag, i rith an tSamhraidh bhig seo, ná déan dearmad go mbíonn na rónta fiosrach agus uaireanta siamsúla. É sin ráite, ná spreag an tsuim sin má bhuaileann tú le rón sna tonnta. Glac leis na rialacha seo a leanas ar mhaithe leis na rónta agus ar mhaithe leat féin!
Ná bí ag snámh id’ aonar agus ná himigh le scaoll má thagann rón i do threo;
Ná spreag iad chun teacht chugat i slí chairdiúil nó ar bhealach bagrach;
Ná déan talamh slán d’iompar ‘cairdiúil’ an róin. Is rud nua é an idirghníomhaíocht seo idir daoine agus na rónta, agus coinnigh an rón faoi shúil ghéar i gcónaí;
Má bhíonn tú ag snámh go beoga, stad agus athraigh an bang snámha chuig an mbang brollaigh, nó snámh mar a bheifeá i do sheasamh;
Steall uisce i dtreo an róin má tá sé ar an dromchla nó séid feadóg má bhíonn a leithéid agat;
Tabhair rabhadh do lucht snámha eile san uisce.
Is múinteoir Gaelscoile í Laoise Ní Chléirigh a bhfuil spéis ar leith aici sa dúlra, i leabhair do pháistí agus i dtarraingt pictiúr.