CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Diarmuid Ó Súilleabháin: laoch de chuid an tsean-nóis
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Beidh féile ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh den dara huair déag ag tús na míosa seo i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin, an t-amhránaí agus an craoltóir a cailleadh go tragóideach aon bhliain déag ó shin. Labhair Antaine Ó Faracháin le duine de lucht eagraithe na féile, an t-amhránaí Éilís Ní Shúilleabháin.

Tá Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ag tarlú arís i mbliana ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí na Nollag i nGaeltacht Mhúscraí agus is féidir a bheith cinnte de go bhfuil na sluaite bailithe i gCúil Aodha cheana féin agus iad i mbun ceiliúrtha. Ba ar an 2 Nollaig 1990 a fuair Diarmuid, duine de laochra móra an tsean-nóis, bás. An bhliain dár gcionn eagraíodh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin den chéad uair agus tá sí ar siúl gach bliain ó shin i leith. Chuaigh mé chun cainte le hÉilís Ní Shúilleabháin duine de lucht eagraithe na féile.

Antaine: A Éilís, céard í bunaidhm na féile seo?

Éilís: Comóradh a dhéanamh ar shaol Dhiarmada agus, ó tharla gur amhránaí ab ea é, amhránaíocht is mó a bhíonn ann. Ach bhí sé cairdiúil le ceoltóirí leis, mar sin tugaimid gach éinne isteach chun go mbeadh ceol agus rince ann chomh maith. Is í an amhránaíocht níos mó ná aon rud eile a bhíonn i gceist, ach is dócha nach féidir leat i ndáiríribh ceolchoirm a bheith agat le hamhránaithe amháin. Má tá tú chun coirm cheoil a bheith agat, measaim gur chóir go mbeadh meascán ann.

Antaine: Tá ceardlanna ann freisin. An do dhaoine fásta nó do pháistí iad sin?

Éilís: Éinne go bhfuil fonn air teacht chucu ach is páistí is mó a bhíonn ann. Bíonn meascán ann don damhsa ar an sean-nós ach is daoine fásta is mó a bhíonn i láthair. Tá Róisín Ní Mhainnín á dhéanamh sin arís i mbliana. Bhí thart ar dhaichead duine ag an gceardlann sin anuraidh!

Antaine: Agus tá léacht i gceist freisin.

Éilís: Tá, le John A. Murphy. “The Political Song in Modern Irish History” atá mar theideal air, ach beidh sé dátheangach. Déarfainn go mbeidh sé acadúil ar shlí ach, ar ndóigh, beidh sé ag caint le daoine go mbeidh eolas maith acu ar an ábhar.

Antaine: Céard faoi na scoileanna sa cheantar - an bhfuil aon rud ar siúl iontu sin?

Éilís: Nílid ag déanamh faic deireadh seachtaine na hÉigse i mbliana ach táid á dhéanamh an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin. Beidh ceoltóirí ag dul timpeall chun cur ar a súilibh dóibh go bhfuil a leithéid ann agus an saghas ceoil a sheinneann siad. Bheadh go leor páistí nach mbeadh cloiste acu in aon chor faoi a lán des na ceoltóirí a bhíonn againne.

Antaine: An cheolchoirm a bhí ann anuraidh, Sean-Nós na nÓg, níl sé sin ann i mbliana.

Éilís: Níl. Mar atá a fhios agat féin cosnaíonn a leithéid an t-uafás. Fuaireamar £25,000 anuraidh ach ní bhfaighimid an méid sin i mbliana! Agus tá ana-chuid go deo trioblóide ag baint leis. B’fhéidir go bhféadfaí rud éigin níos lú a dhéanamh amach anseo.

Antaine: An rud atá ann ina háit i mbliana, cad atá i gceist ansin?

Éilís: Tá dream ag teacht as Ciarraí. Táimid ag díriú isteach ar aíonna as ceantar áirithe. D’fhéadfaimis dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn agus aíonna a fháil as ceantar eile. Féachaimis conas a éireoidh leis an gceann so.

Antaine: Tá traidisiún dátheangach sa gceantar maidir leis na hamhráin, nach bhfuil?

Éilís: Tá, ach is dócha gur tháinig sin ón taobh eile den teorainn, ó Chiarraí, ó Chill Gharbháin, mar bhí traidisiún ana-láidir cumadóireachta acu ansan. Agus na hamhráin a tháinig ón áit sin bhídís á gcanadh i gCúil Aodha agus bhí daoine i gCúil Aodha leis a chumadh amhráin, mar sin de bhí an traidisiún dátheangach ann.

Antaine: An bhfuil na hamhránaithe ag canadh níos mó amhrán i mBéarla anois?

Éilís: Tá cuid againn go mbíonn níos mó amhrán as Gaelainn againn agus tá tuilleadh go bhfuil formhór a *repertoire *as Béarla acu. Ach tá na seanamhráin á gcanadh againn go fóill. Táim féin go háirithe ag iarraidh iad a chur ar aghaidh go dtí an dream óg.

Antaine: An bhfuil sé deacair urraíocht a fháil don fhéile?

Éilís: Tá a lán des na hurraí ag gearradh siar go mór. Tá sé deacair a dhóthain. Ach tá urraí beaga áitiúla againn.

Antaine: An mbíonn aon cheol le cloisteáil sa cheantar taobh amuigh d’aimsir na hÉigse?

Éilís: Bíonn coirmeacha ceoil san Ionad Cultúrtha ar an gcéad Aoine de gach mí agus bíonn seisiúin rialta sa Mhuileann agus i dTigh Uí Chonaill.

Antaine: Cé mhéad duine a bheas ag an bhféile i mbliana?

Éilís: Cúpla míle.

Antaine: Cén t-amhrán is mó a bhfuil tú ag súil le cloisteáil le linn an deireadh seachtaine?

Éilís: An leagan de “Bruach na Carraige Báine” atá ag Len Graham agus Pádraigín Ní Uallacháin, beirt a bheidh linn i mbliana.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoin bhféile ó Éilís Ní Shúilleabháin ag (061) 346489.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.