CÚINNE NA nEALAÍON
Dia an cheoil thraidisiúnta Éireannaigh
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Bhí an-áthas ar Cholm Ó Snodaigh nuair a bhuail sé le dia an cheoil thraidisiúnta Éireannaigh le gairid arís, trí bliana déag tar éis bualadh leis ar dtús.

Íomhá
Dónal Lunny: tá a rian fágtha aige ar cheol traidisiúnta na hÉireann
Íomhá

Bealtaine 1994

Tá dia sa tigh. Tháinig sé timpeall ceathrú uaire an chloig ó shin. Tháinig sé chuig an tigh ar a rothar. Chuir a rothar faoi ghlas ar na ráillí lasmuigh agus suas leis an staighre chuig doras tosaigh an tí. M’athair a chuaigh go dtí an doras. Labhraíodar le chéile ar feadh tamaillín.

Tá dia sa tigh. Threoraigh m’athair suas chuig seomra codlata mo dheartháireacha é, ansin tháinig sé anuas chugamsa le rá liom go raibh sé tagtha agus go raibh sé thuas staighre leis na lads.

Tá dia tagtha agus tá sé suite os comhair an téipthaifeadáin ag caint le Rónán agus Rossa. Tá dia tagtha agus tá mé chun dul suas le bualadh leis agus labhairt leis faoi cheol.

Tá sé ródheacair saol duine a ríomh in uair an chloig. I bhfad ródheacair. Ar an ábhar sin do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny. Cúpla bliain ó shin bhí clár dhá uair an chloig ar an stáisiún céanna faoi Planxty. Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol ar fad gafa le healaín an cheoil a ríomh? Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol iomlán ag seinnt le roinnt de na bannaí is tábhachtaí i stair cheol traidisiúnta na hÉireann a ríomh?

Ní féidir, dar ndóigh, agus mar a dúras do theip go hiomlán ar an gclár. Thaitin sé liom, áfach, go mór mhór a mháthair ag caint faoina óige, ach ba é an ní ba mhó a thaitin liom ná a dheirfiúr ag rá go raibh a chluasa chomh mothálach sin nach n-íosfadh sé calóga arbhair ar maidin don bhricfeasta – an SNAP, CRACKLE agus POP ró-ard dó!

I lár na cathrach, ag seoladh taispeántas ealaíne de chuid Martin Egan, a bhuaileas leis den chéad uair. Mé féin Rónán, Rossa agus Eoin O’Brien a bhí ag seinnt – seisiún beag neamhfhoirmeálta. Do tháinig sé aníos chugainn chun labhairt linn. Bhí spéis aige inár gcuid ceoil. Bhí fonn air cabhrú linn dá mbeadh am agus spás ann.

Bhain seo preab mór asainn. Bhí muid tar éis an t-albam Mind The Gap a thaifeadadh, ach bhí an meascadh fós le déanamh. Ní raibh Dónal ábalta teacht isteach sa stiúideo le cabhrú leis an meascadh ach bhí sé sásta éisteacht leis an taifeadadh garbh agus a thuairimí a nochtadh dúinn. Gratis. Saor in aisce. Bhí fonn air cabhrú linn, b’in an méid. Dia ag iarraidh cabhrú linn.

Nuair a thosaigh mé ag cur spéise sa cheol traidisiúnta, ag freastal ar cheolchoirmeacha agus ag ceannach ceirníní, bhí lámh Dhónal Lunny ar beagnach gach rud maith. Ceirníní Mulligan, Planxty, the Bothy Band, mar léiritheoir ar go leor ceirníní, go mór mhór ceirníní Matt Molloy, Moving Hearts agus The Celtic Orchestra. Thar aon ní eile, áfach, a d’imigh i bhfeidhm orm féin agus ar an ngrúpa, bhí an t-albam gearr a d’eisigh Gael Linn tar éis cheolchoirm de chuid an Dónal Lunny Band sa Cheoláras Náisiúnta, mar chuid de chomóradh fiche bliain bhás Sheáin Uí Riada. Ceol iomlán nua den chuid is mó a bhí ann agus polca amháin a tharraing an tóin as rithim an phíosa chomh minic sin gur cheap mé nach raibh ann don cheol. A leithéid de dhraíocht. The Tolka Polka.

Labhraíonn sé linn faoin gceol a chuala sé. Labhraíonn sé faoi na smaointe atá againn. Ceapann sé go bhfuil smaointe spéisiúla againn, roinnt amaideach agus b’fhéidir beagáinín áiféiseach, ach spéisiúil mar sin féin. Táimidne sásta. Éisteann muid go cúramach. Bhí dia ceanúil, chomh ceanúil céanna is a bhí sé sa bhialann. Agus tar éis an chruinnithe tuigim gur Dónal é, ní dia.

Márta 2007

Cúpla seachtain ó shin bhíos ag taisteal go Londain agus cé a bhí ina shuí san aerfort ach Dónal agus é ag déanamh roinnt oibre ar a ríomhaire. Shuigh mé síos in aice leis agus thosaigh muid ag cabaireacht, faoi seo, faoi siúd agus faoi nithe eile. Ceol, craic, cailíní agus cibé.

Os ár gcionn, agus muid ag dul i dtreo ár n-eitleán difriúil, tháinig fógra grágach torannach an aerfoirt ag tabhairt rabhaidh dúinn faoinár n-eitilt. Bhreathnaigh muid ar a chéile agus cuma chráite ar an mbeirt againn. Bhí cluasa na beirte againn á n-ionsaí.

“Tá a fhios agam,” a dúirt sé, “agus tá mé tar éis scríobh chucu cúpla uair faoi.” Agus ansin san aerfort chuala mé an SNAP, CRACKLE agus POP fós ina chluasa.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.