AR NA SAOLTA SEO
Dhá Shléacht gan Chéill
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

Dhá shléacht gan chéill, sa Bhrasaíl agus san Ísiltír. Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.

Íomhá
Wellington Menezes de Oliveria, Reprodução TV atirador realengo
Íomhá
Alphen aan den Rijn
Vicipéid
Íomhá
le Michael B
Picasaweb
Íomhá
Cuimhneachán ar an sléacht i gColumbine
le Denverjeffrey ar Vicipéid
Íomhá
Sean-Webley 45

Tá na mílte míle bealaigh idir cathair Rio de Janeiro sa Bhrasaíl agus an chathair bheag Alphen aan den Rijn san Ísiltír, ach bhain an dá áit na ceannlínte idirnáisiúnta amach ar an údar céanna an mhí seo caite: d’fholmhaigh beirt ógfhear a gcuid gunnaí le daoine neamhurchóideacha gan fáth ar bith, sular chuir siad iad féin den tsaol.

Ar maidin an 7 Aibreán, chuaigh Wellington Menezes de Oliveira, 23, isteach sa mheánscoil ar ar fhreastail sé féin tráth, sa bhruachbhaile Realengo i gcathair Rio de Janeiro. Rinne sé a bhealach suas go dtí an tríú urlár agus scaoil roiseanna urchar dhá ghunnán .38 le daltaí scoile ann. Bhí gléas athlíonta aige, rud a chuir ar a chumas a ghunnáin a athlíonadh go sciobtha. Mharaigh sé dáréag daltaí, faraor, iad ar fad idir 12 agus 14 bliana d’aois, sular mharaigh sé é féin. Gortaíodh dáréag eile.

Dhá lá ina dhiaidh sin, ar an taobh eile den domhan, thart ar mheán lae, shiúil Tristan van der Vlis, Ollannach de 24 bliana d’aois, isteach in ionad siopadóireachta in Alphen aan den Rijn, cathair bheag i gcroílár na hOllainne. Ar feadh nach mór fiche nóiméad, scaoil sé a chuid urchar leis na siopadóirí lena ghunna uathoibríoch. Líon na marbh: seachtar, an gunnadóir féin san áireamh. Gortaíodh seisear déag eile.

Fir Óga Scoite

Fir óga, ciúine a bhí sa bheirt dhúnmharfóirí, fir a mhair ina ndomhan féin, scoite amach ón ngnáthshaol. D’fhág an bheirt acu litir ina ndiaidh chun slán a fhágáil leis an saol, ach níor mhínigh ceachtar acu fáth ar bith leis an ár a bhí beartaithe acu. Ach más rud é go raibh go leor i gcoitinne ag Wellington agus Tristan, ní fhéadfadh codarsnacht níos mó a bheith idir tíortha na beirte acu ó thaobh na reachtaíochta maidir le arm tine=the ownership of fire arms">húinéireacht ="gloss" title="a fire arm">arm tine.

Tá gunnaí forleathan sa Bhrasaíl. Tá formhór mór na bpóilíní armtha, tá cead ag fir shlándála phríobháideacha gunna a iompar agus is iomaí gnáthdhuine a bhfuil gunna ina sheilbh. Ní hé go bhfuil siopaí gunnaí chomh flúirseach feiceálach ann agus atá sna Stáit Aontaithe, ach tá fáil sách éasca ar arm tine ag duine a dteastaíonn ceann uaidh. Níl ar dhuine ach a chruthú go bhfuil sé in ann gunna a láimhseáil agus a chruthú nár ciontaíodh as coir riamh é. Sin má theastaíonn uait gunna a cheannach go dleathach. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá sé an-fhurasta teacht ar airm thine ar an margadh dubh. Go deimhin, is ar an gcaoi sin a tháinig Wellington Menezes de Oliveira ar a ghunnáin. Níos mó ná 18 mbliana ó shin, goideadh ceann de na gunnáin a d’úsáid Wellington ón úinéir a raibh an t-arm fós cláraithe ina ainm. Ní raibh aon radharc ag an stát ar an ngunnán seo go dtí 7 Aibreán na bliana seo, nuair a fuarthas i lámha Wellington é. Tír í an Bhrasaíl ina bhfuil leabhair na reachtaíochta tiubh, ach nach gcuirtear cuid mhór dá bhfuil scríofa iontu i bhfeidhm.

Tá reachtaíocht righin ar úinéireacht ghunnaí san Ísiltír, agus cuirtear i bhfeidhm í. Cosúil leis an mBrasaíl, tá ar dhuine a dteastaíonn uaidh gunna a cheannach cead a fháil ó na póilíní. Dála na Brasaíle, caithfidh an duine seo a chruthú nár ciontaíodh é as coir riamh. Ach ina dhiaidh sin, caithfidh úinéir gunna san Ísiltír ballraíocht a ghlacadh i gclub gunnadóireachta oifigiúil, áit a gcaithfidh sé ar a laghad sé bhabhta traenála a dhéanamh in aghaidh na bliana. Caithfear an cead gunna a athnuachan gach bliain, agus caithfidh na póilíní cuairt a thabhairt ar theach úinéir an ghunna chun a chinntiú go bhfuil gunna agus armlón stóráilte mar is ceart gach bliain freisin. Tá cead gunna mar seo ag timpeall is 43,000 Ollannach. Bhí Tristan van der Vlis ar dhuine acu.

Righne Reachta

‘Guns don’t kill people, people kill people’ an mana atá ag brúghrúpa clúiteach na n-úinéirí gunnaí sna Stáit Aontaithe, an NRA. Ar an drochuair, léiríonn eachtraí na míosa seo caite sa Bhrasaíl agus san Ísiltír go bhfuil fírinne éigin ag baint leis an dearcadh sin. Más féidir le duine i dtír le reachtaíocht ghunnaí chomh righin leis an Ísiltír teacht ar arm go dleathach agus ár a dhéanamh leis, cén difear idir an tír sin agus tír ina bhfuil reachtaíocht ghunnaí i bhfad níos scaoilte – cosúil leis an mBrasaíl, nó go deimhin leis na Stáit Aontaithe.

Mar a mbeifí ag súil leis, tá polaiteoirí sa Bhrasaíl agus san Ísiltír ag breathnú ar bhealaí chun ár den chineál seo a chosc amach anseo. Tá athruithe dlí a d’éascódh úinéireacht ghunnaí a thuilleadh curtha ar athló sa Bhrasaíl agus tá reifreann nua á mholadh faoin gceist ar cheart díolachán arm tine a chosc go hiomlán. Reáchtáladh reifreann faoin gceist sin in 2005, ach níor glacadh leis an rún an uair sin.

Tá polaiteoirí san Ísiltír ag moladh conair na Fionlainne a leanacht. Tír í an Fhionlainn inar tharla dhá shléacht den chineál seo le hachar gearr de bhlianta anuas. Ó 2008, nuair a mharaigh fear 22 bhliain d’aois deichniúr i scoil in Kaunajoki sular iompaigh sé béal an ghunna air féin. Déantar tástáil shiceolaíoch ar dhuine ar bith san Fhionlainn a bhfuil cead á lorg aige arm a iompar. Dá ndéanfaí sin san Ollainn, ní bheadh cead gunna a iompar faighte ag Tristan van der Vlis: sa bhliain 2006, chaith seisean deich lá i bhforas dianchúram meabhairshláinte toisc go raibh sé ag bagairt lámh a chur ina bhás féin.

An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.