Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtithe tábhairne tuaithe.
Is í an chaint sa tsráidbhaile na hoícheanta seo ná chomh ciúin is atá tithe tábhairne na tíre. Mar a deir Breandán Delap ina alt an mhí seo, is é an bhuairt is mó atá ar dhaoine ná go bhfuil deireadh á chur le gné de shaol na tuaithe, gné a bhí mealltach agus tarraingteach do go leor daoine. I dtithe cónaithe ar fud na tíre roimhe seo, ó Luan go Domhnach, sheasadh fear an tí suas, d’amharcadh sé ar a bhean agus a chlann agus gan mórán a rá, chuireadh sé air a chóta agus síos leis go dtí an tábhairne don phionta agus an ceann beag. Níor léirigh sé seo easpa measa ar a theaghlach – cleachtas cultúrtha a bhí ann a bhí préamhaithe i saol na tuaithe sa tír seo le fada an lá. Ní hiad na fir amháin a dhéanadh é seo; le breis is fiche bliain anois, tá níos mó agus níos mó ban agus daoine óga ag triall ar thithe tábhairne na tuaithe, go háirithe ag an deireadh seachtaine. Tá deireadh á chur leis an nósmhaireacht shóisialta seo anois, go tobann agus go críochnúil.
Ba é an cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí an chéad bhuille, cé nach raibh an tionchar diúltach aige is a bhí á thuar ag na tábhairneoirí ag an am. Bhí tábhairneoir amháin i nDún na nGall a gheall ar Raidió na Gaeltachta go rachadh sé chun an phríosúin mar agóid i gcoinne an choisc ar an tobac; níor tharla sin de bharr gur thosaigh go leor daoine nár thaitin an t-aer brocach a bhíodh ann roimhe seo ag dul amach go dtí na tábhairní den chéad uair. Mar thoradh air sin, chonacthas do dhaoine go raibh buntáistí ag baint leis an dlí chomh maith.
Scéal eile, áfach, an dlí úr a bhaineann le tiomáint agus ól. Má bheirtear ar dhuine anois agus leibhéal alcóil san fhuil de níos mó ná 80 milleagram do gach 100 millilítear fola aige, tabharfar go stáisiún na ngardaí é agus cúiseofar é. Tá na gardaí amuigh go leanúnach ar na bealaí móra, ní hamháin san oíche ach ar maidin chomh maith. An toradh atá air sin ná go bhfuil díolachán alcóil sna hollmhargaí i ndiaidh méadú go mór agus tá daoine ag fanacht sa bhaile in áit dul amach mar a théadh siad roimhe seo.
Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht
le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
Is cinnte go mbeidh toradh fiúntach ar chur i bhfeidhm na ndlíthe maidir leis an tiomáint agus an t-ól ach beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis. As seo amach, beidh go leor daoine ag iarraidh bheith ina gcónaí i sráidbhailte agus tréigfidh siad a mbailte fearainn dúchais. Ní bheidh fonn ar thurasóirí mórán ama a chaitheamh faoin tír. Beidh deireadh leis an cheol, leis an chraic agus leis na díospóireachtaí bríomhara i go leor de thithe tábhairne na tuaithe.
Is cinnte go bhfuil deireadh le ré agus go bhfuil saol difriúil romhainn. Nach bhfuil bealach eile ann?