AR NA SAOLTA SEO
Deireadh na soineantachta
Nollaig Ó Néill Nollaig Ó Néill

Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal [i]Why Can’t I Speak[/i] scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi. San alt seo, míníonn Nollaig Ó Néill, páirtí Barbara, cén fáth ar theastaigh uaithi an leabhar a scríobh.

Íomhá
Íomhá
Bobby Molloy: d'éirigh sé as a phost mar aire stáit in 2002

Ar an 4 Deireadh Fómhair i mbliana, d’fhoilsigh mo pháirtí Barbara Naughton a céad leabhar, dar teideal Why Can’t I Speak. Tugann an leabhar léargas dúinn ar shaol Barbara agus í ag éirí aníos i gCamas agus ar an gCeathrú Rua, ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí. Agus Barbara ocht mbliana d’aois, thosaigh a hathair ag déanamh ionsaithe gnéis uirthi, agus ní ba dhéanaí, rinne sé í a éigniú. Ag an am, níor thuig Barbara céard go díreach a bhí ag tarlú di. Lean na hionsaithe gnéis ar aghaidh go dtí go raibh sí cúig bliana déag d’aois, agus rinneadh ionsaí amháin eile uirthi agus í ocht mbliana déag d’aois. An uair dheireanach a rinneadh ionsaí uirthi, bheartaigh Barbara go rachadh sí chuig na Gardaí. An lá dár gcionn, áfach, thit sí agus í ina hionad oibre. Nuair a d’fhreastail sí ar an dochtúir i gCarna, d’inis sí a scéal dó agus den chéad uair riamh ina saol bhraith sí go raibh sí saor ó bhrúidiúlacht a hathar. Ghlaoigh an dochtúir ar Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe agus chaith Barbara trí seachtaine ansin, áit ar shíl sí go mbeadh sí slán. D’fhág a hathair an baile agus cheap Barbara agus a teaghlach go raibh sé i ndiaidh an bád a thógáil chun na Breataine. Ach ní raibh. Oíche amháin, tháinig a hathair isteach san ospidéal agus bhagair sé go tréan ar a iníon go mbainfeadh sé díoltas amach uirthi mura mbeadh sí sásta na líomhaintí a tharraingt siar agus a béal a choinneáil dúnta ina dhiaidh sin. Ach bhí sé ródhéanach ...

TriailIn Aibreán na bliana 2002, sheas Patrick Naughton sna Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath, agus é cúisithe as éigniú a iníne. I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail. Eachtra urghnách a bhí inti, a raibh clampar sna nuachtáin náisiúnta agus sna meáin chumarsáide i gcoitinne fúithi.

Tá ceisteanna fós le freagairt faoin eachtra. Ní fios fós an raibh Molloy ag déanamh uiríll leis an mbreitheamh ar son an chúisí chun go mbeadh tionchar aige ar thoradh na trialach. Pléadh an cás sa Dáil agus, sa deireadh, d’éirigh Molloy as a phost mar aire stáit. Agus é ag fágáil a phoist, ghabh Molloy a leithscéal leis an bpobal, ach ní bhfuair mo pháirtí leithscéal riamh. I ndeireadh na dála, ciontaíodh athair Barbara as a héigniú, agus gearradh aon bhliain déag príosúnachta air. Bhí sé mar aidhm ag Barbara, agus an leabhar seo á scríobh aici, aird a tharraingt ar an bhfulaingt nimhneach a dtéann roinnt páistí trithi mar gheall ar ionsaithe gnéis, ionsaithe a mbíonn baill teaghlaigh ciontach astu go minic.

Why Can’t I Speak (Authorhouse, 2007) ar díol ar fud na tíre agus is féidir é an leabhar a cheannach freisin ó:

  • www.authorhouse.co.uk *

www.amazon.com

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Nollaig Ó Néill agus tá sé ag obair sa Roinn Comhshaoil. De bhrí gurb é páirtí údar an leabhair atá á phlé san alt seo, ní bhfuair sé aon chúiteamh as é a scríobh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.