Tá an t-eagrán deireanach den nuachtán Foinse ar na seilfeanna sna siopaí ar fud na tíre. Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig agus a d’imigh. Molann sé go mba cheart iontaobhas a bhunú le tabhairt faoi nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú, leis an mbearna atá fágtha ag Foinse a líonadh.
Ó cuireadh deireadh le Foinse, ní bheidh an fonn céanna orm éirí maidin Sathairn. Ba nós liom Foinse a fháil ón siopa is goire dhom ar an Satharn, agus sásamh a bhaint as ag an mbricfeasta. Bhíodh léitheoireacht ann. Bhíodh tuairimíocht ann. Bhíodh nuacht ann. Bhíodh greann ann. Bhíodh díospóireacht ann. Bhíodh míreanna ann a chuireadh ar buile mé. Bhíodh míreanna ann a ardaíodh dóchas ionam.
Bhíodh corr-rud uaim féin ann chomh maith. Thosaigh mé ag scríobh colún raidió ag an tús agus le beagnach bliain anois, tá an colún ‘Tráth dá Raibh’ á cur le chéile go míósúil agam. Bhí sásamh le baint as na míreanna a roghnú as nuachtáin éagsúla sna blianta atá caite, idir nuachtáin Bhéarla is Ghaeilge.
Inniu
INNIU, an nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a bhíodh ann, nuair a bhíos ar scoil. Díograiseoirí a bhain leis an eagraíocht Glún na Bua, a thosaigh an nuachtán siar sna ceathrachaidí. Chleacht INNIU caighdeán maith tuairisceoireachta agus iriseoireachta. Is foinse staire maith é do lucht taighde na linne seo, mar is beag a tharlaíodh i saol na Gaeilge, nach mbíodh tuairisc chuimsitheach in INNIU faoi.
Amárach
Bhíodh nuachtán seachtainiúil eile á fhoilsiú ar feadh na mblianta. AMÁRACH an t-ainm a bhí air agus is ar nuacht na Gaeltachta is mó a bhíodh an bhéim. Bhíodh an stíl scríbhneoireachta dílis do na canúintí Gaeltachta. Thóg sé i bhfad ar AMÁRACH an Cló Gaelach a thréigean agus glacadh leis an gCaighdeán Nua-Ghaeilge. Bhíodh píosaí nuachta curtha ar fáil ag comhfhreagróirí ar fud na Gaeltachta.
Nuair a d’éirigh Peadar Ó Ceallaigh as a fhoilsiú, thóg Comharchumann Chois Fharraige an nuachtán ar láimh agus foilsíodh é ar feadh roinnt blianta ar beagán deontais. Bhí faoi Roinn na Gaeltachta an dá pháipéar seachtainiúl a chomhnascadh, ach ní raibh lucht INNIU sásta glacadh le sin. Tús na n-ochtóidí cuireadh deireadh le AMÁRACH, lean INNIU ar feadh tamall eile, ach sa deireadh, baineadh an deontas den pháipéar agus bhí ar lucht a fhoilsithe éirí as, tar éis seirbhís iontach a thabhairt do lucht na Gaeilge in imeacht na blianta.
Anois
Seoladh ANOIS mar pháipéar ildaite sa bhliain 1984 le tacaíocht deontas maith ón Stáit agus é á fhoilsiú ag Gael Linn. Ba nuachtán maith é, go speisialta le linn do Mhícheál Ó Cearbhaill a bheith ina eagarthóir air.
Foinse
Tháinig FOINSE i gcomharbacht ar INNIU, AMÁRACH agus ANOIS. Bhí difríocht mhór amháin ag baint leis an bpáipéar nua. Tionscnamh gnó a bhí ann don fear fiontraíochta, Pádraig Ó Céidigh. Rinne sé gnó maith as, a fhad is a bhí raidhse airgid ag áisínteachtaí stáit le fógraíocht i nGaeilge a dhéanamh. D’fhostaigh sé daoine den scoth leis an bpáipéar a fhoilsiú agus bhí an chuma ar an scéal gur choinnigh sé a ladar amach as an eagarthóireacht. Is cinneadh gnó a rinne sé éirí as foilsiú an nuachtáin. Ní raibh aon deacracht airgid ag a chomhlacht Móinéar Teoranta. Go deimhin, más fíor don tuairisc san eagrán deiridh den nuachtán, bhí €618,000 mar cúlchiste brabúis ag Móinéar Teo. ag tús na bliana, ach ní raibh sé sásta leanacht dá fhoilsiú le linn lagtrá fógraíochta.
Nuair nach raibh brabach le déanamh a thuilleadh as foilsiú FOINSE, deineadh cinneadh gnó éirí as. Ní raibh baol ar bith go raibh fear gnó le suí siar ag breathnú ar an cúlchiste brabaigh á ídiú le gach eagrán. Fágann an cinneadh gnó sin, muintir na Gaeilge gan nuachtán seachtainiúil ar bith.
Tá ceacht le foghlaim as seo. Níor cheart dúinn a bheith ag brath ar lucht gnó le nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú. Creidim go mba cheart ag an bpointe seo iontaobhas a bhunú, a mbeadh sé d’aidhm aige nuachtán seachtainiúl Ghaeilge den scoth a chur ar ais ar an margadh chomh luath agus is féidir. An bhfuil 100 duine ann a bheadh sásta €1,000 an duine a chur isteach san iontaobhas, le go bhféadfaí leanacht ar aghaidh le foilsiú nuachtán Ghaeilge, le cabhair deontais ó Fhoras na Gaeilge? Sin í an cheist.