AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Dearcadh Eile ar an Saol
Katie Nic Aidréis Katie Nic Aidréis

Is iníon léinn as Coláiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath í Katie Nic Aindréis. Tá sí ag caitheamh na bliana acadúla i Charlottesville, Virginia. Bhí sí ag coinneáil súile ar a comharsana i Charlottesville ó bhuail sí cos ar an talamh thall.

Íomhá
An tUachtarán Jefferson
Íomhá
Charlottesville

corradh le dhá mhí go leith anois ann ó tháinig mé go Charlottesville, Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tháinig mé anseo le staidéar a dhéanamh san ollscoil a bhunaigh an fear a dtugtar ‘Athair an Bhunreachta’ air - Thomas Jefferson. Tá go leor foghlamtha agam faoi phobal Mheiriceá ó shin i leith, agus tá difríochtaí go leor feicthe agam idir an áit seo agus Éire. Shocraigh mé, sular tháinig mé amach, ar chin lae de shórt éigin a choinneáil ionas go bhféadfainn, agus mé i mo sheanbhean, amharc siar ar an bhliain a chaith mé i m’iníon léinn i SAM.

Ba cheart a rá i dtús báire go bhfuil an t-ádh dearg orm a bheith anseo i mbliana agus ceann de na toghcháin is tábhachtaí i stair na tíre feicthe agam. B’iontach an rud é daoine a fheiceáil (mé féin ina measc) ag dul ó dhoras go doras ag iarraidh daoine a chlárú chun vótála; daoine ina seasamh uaireanta taobh amuigh faoin bhfuacht, fógraí crochta in airde acu, agus iad ag moladh dá gcomharsana a vóta a chaitheamh. Chuir rannphairtíocht an ghnáthdhuine sa phróiseas iomlán iontais orm, ach tchítear dom gur rud dearfach amach is amach atá ann, agus ba bhreá liom dá má amhlaidh an scéal sa bhaile. Is rud mórthaibhseach é cur chuige onnghníomhach na Meiriceánach.

CeasachtMá fheiceann Meiriceánach rud a chuireann as dó, maidir le gné ar bith den saol, déanfaidh sé nó sí cibé rud is gá chun an scéal a leigheas. Feictear dom gurb é seo ceann de na fáthanna ar toghadh Barack Obama. Bhí roinnt mhaith de mhuintir na tíre bréan den chóras a bhí curtha i bhfeidhm ag George Bush le hocht mbliana anuas, agus shocraigh siad ar dhul i ngleic leis an dúshlán agus an fhadhb a réiteach. Ag lorg athraithe a bhí siad, agus d’éirigh le Obama a chur ina luí orthu gurb eisean an duine is fearr chun é sin a dhéanamh. Cruthaíonn an onnghníomhacht seo corrthónacht áirithe i measc na Meiriceánach, áfach. Bíonn an tÉireannach níos sásta lena bhfuil aige ná mar a bhíonn an duine abhus. Cinnte, tá ghníomhaíocht le feiceáil in Éirinn, ach ní tréith dúchais é i measc na ndaoine mar atá anseo. Is dá bhrí sin a ghlacfaidh sé níos faide orainne deacracht a réiteach – níl an glacadh céanna sa Mheiriceánach le míthráthúlachtaí an tsaoil is atá ionainne in Éirinn.

Mar a dúirt mé, téann an éadulaingt seo i bhfeidhm ar gach gné den saol. Mar gheall ar seo, ní ghlacfaidh an Meiriceánach le rud nó le seirbhís nach bhfuil foirfe. Bíonn siad i bhfad Éireann níos toilteanaí gearán a dhéanamh i siopa nó i mbialann mura mbíonn siad sásta le rud. Is léir don dall go bhfuil buntáistí ag baint leis an dearcadh seo, ach ní rud iomlán dearfach atá ann ach oiread. Bíonn na Meiriceánaigh faoi stró i bhfad níos mó ná mar atá in Éirinn agus is fíor é sin, fiú anseo i Charlottesville, áit nach bhfuil ach 45,000 duine ann. Mothaím féin go mbíonn deifir orm i gcónaí abhus, agus cuirtear faoi strus mé in amanna agus mé díreach ag labhairt le daoine, bíonn siad chomh míshocair sin – daoine nach mbíonn ag féachaint sa tsúil orm toisc go bhfuil siad chomh gnóthach sin, daoine a labhraíos chomh gasta sin is go gcuirfidh siad mo chroí i mo bhéal!

Éire na Féile, más ea

Cuimhním go hiondúil ar an teideal a bhronntar ar Éirinn, gurb í tír na féile is na mílte fáilte í, go bhfuil clú agus cáil orainn fud fad na cruinne mar dhream a bhfuil féith an ghrinn agus fad na teanga le brath go mór ionainn. Is fíor an tuairim sin, dar liom, agus sílim gur féidir comparáid a dhéanamh idir muintir Mheiriceá agus muintir na hÉireann i dtaca leis na tréithe seo. Ní haon bhréag a rá gurb iad na daoine is cineálta, cneasta, is cuideachtúla agus is dea-bhéasaí ar casadh orm riamh iad formhór na Meiriceánach ar bhuail mé leo sna Stáit Aontaithe. Cuireann dearcadh fíordhearfach s’acu gliondar ar mo chroí agus cuireann siad mo mhuintir féin i gcuimhne dom.

Rud a chuireann iontas agus áthas orm ná an aigne neamhchlaonta, oscailte atá go mór le brath i measc na ndaoine ar bhuaileas leo abhus. Anois, tá go leor daoine ann nach bhfuil mórán eolais acu ar rud ar bith taobh amuigh dá dtír féin, daoine oilte ina measc siúd, faraor - daoine díchreidmheacha nuair a insím dóibh go bhfuil teanga ann a dtugaimid ‘Gaeilge’ uirthi, nó daoine a chuireann ceist orm an bhfuil an Ísiltír agus an Bheilg ina gcuid den Ghearmáin – ach tá an t-uafás acu ann fosta atá toillteanach rudaí nua a fhoghlaim.

Bíonn rudaí dearfacha agus rudaí diúltacha ag baint le gach tír, ach is maith an múinteoir an taisteal, gan amhras. Is maith an múinteoir dom féin é Meiriceá.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.