THALL IS ABHUS
Damhsa agus drabhlás in Provence
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Chaith Breandán de Gallaí seachtain in Aix, Provence le gairid, áit a raibh ag múineadh damhsa. go raibh ansin ar chúiseanna oibre, d’éirigh leis an cultúr áitiúilagus cuid mhór Rosé! – a bhlaiseadh.

Íomhá
Mont Sainte-Victoire, Provence
Íomhá
Fountain de la Rotunde suite i gcroílár Aix
Íomhá
D'imir Breandán Boules - Pétanque, mar a thugann muintir na háite air - le linn a bheith in Aix
Íomhá
"Mont Sainte-Victoire" le Paul Cézanne. Bhí an t-ealaíontóir an-tógtha le Provence

Bhí seacht n-oíche áille agam in Provence ag tús mhí Iúil. D’fhág an bháisteach agus an easpa gréine i mo dhiaidh in Éirinn agus ar maos sa ghrian i ndeisceart na Fraince. An t-aon rud liath a bhí le feiceáil mhistéireach Mont Sainte-Victoire, í liath-airgid, pastalach agus taibhsiúil Cézanne.

Bhí an aimsir níb fhearr mar a thiocfadh liom a shamhlú roimh bhí te agus raibh néal ar bith sa spéir i rith an lae. Bhí an teocht idir 25 agus 30 céim Celsiusa dhath ba theo, agus bheadh róthe domhsa. Agus an ghrian ag dul faoi gach oíche, thit an teocht léi agus fágadh muid in aeráid bhogthe, chompordach, shláintiúil. Bhí sraith amháin eile éadaí de dhíth ar an chorp, b’fhéidir, ach thiocfadh leat do chuid glad-rags a chur ort le dul amach fríd an bhaile gan a bheith ag bárcadh allais. Agus ag dul a luí, bhí teocht mhaith chodlata i gceist raibh ag teastáil ach braillín i mo mhullach blaincéad éadrom.

Mar is gnáth bhí ag obair, ach théadh an thart go gasta. Sula dtugainn faoi deara go raibh an t-am meilte agam, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán a cuireadh ar fáil domh féin agus don bheirt eile a bhí in éineacht liom.

Bhí orainn a bheith ag Fountain de la Rotunde ag a hocht a chlog gach maidin. Scairdeán mórthaibhseach atá ann atá suite i gcroílár Aix, ag bun Cour Mirabeau. Bhí árasán s’againne ag barr na sráide leithne sin, ar a bhfuil dhá shraith crann plána chomh maith le scoth na seanailtireachta. Baile na Scairdeán UisceTugtar Baile na Míle Scairdeán Uisce ar Aix corruair. Baile íonuisce atá ann; ba é sin an rud a mheall na

Rómhánaigh chun na háite i dtosach sa bhliain 123 RC agus sin an tuige a bhfuil an oiread sin scairdeán ann, is cosúil.

Bhí sa chathair le damhsa a mhúineadh, ach bhí achan rún agam sult a bhaint as an am saor a bhí agam. mhothainn an t-am ag dul thart go dtí go dtagadh a cúig a chlog agus ansin, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán le buidéal Rosé a shlogadh siar láithreachbhínn traochta tar éis a bheith ag damhsa i rith an lae.

Is é an rud is fearr liomsa faoi am a chaitheamh i dtíortha iasachta an deis a fhaigheann a bheith ag amharc ar an chultúr agus ar iompar na ndaoine, is é sin, an chuma atá ar mhuintir na háite, an dóigh a maireann siad agus an dóigh a gcaitheann siad a gcuid laethanta.

an oiread sin áiteanna ar féidir greim bia a ithe iontu in Aix, agus bíonn an bia úr, blasta agus tagtha díreach ón ghort. Is é Rosé, mar a luaigh , rogha mhuintir na háite; ólann siad le hoighear é. sráid ar leith in aice le Hotel de Ville nach bhfuil dadaí uirthi ach bialanna agus a gcuid bord amuigh faoin aer ag an chuid is acu.

D’ordaíodh muid béilí móra bhí laethanta móra fisiciúla i gceist ( mar gur muck-savages muid, i bhfírinne!) agus d’ítheadh muid siar achan ghreim.

Thug muid faoi deara go bhfuil nósanna an-difriúla ag na Aixois, is é sin, siad tugtha do roinnt leitíse a bhrú timpeall ar phláta le forc gan a dhath a ithe. nós eile acu fosta: fágann siad leathghloine Rosé ar an bhord agus bailíonn siad leo chun an bhaile! Scannalach agus an méid sin ocrais agus gorta sa domhan! Ar scor ar bith, hiontas go bhfuil gach duine acu chomh caol le ! Pétanque

Oíche amháin d’imir muid Boules, Pétanque mar a deir siadsan. clós beag taobh amuigh d’Aix ag bun Montagne Sainte-Victoire a bhíonn lasta suas gach oíche go speisialta do dhuine ar bith atá ag iarraidh an cluiche a imirt. D’ordaigh muid píotsa a bhí an-bhlasta go deo; bhí Carbonara ar mo cheannsa. Taos fuar-ardaithe sáithithe le cáis, uachtar agus uibheacha, mmmm........blonag! Arís, d’ól muid Rosé, rud nach bhfuil ceadaithe sa chlós sin. Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d’oir domh nár thuig siad mo chuid Fraincise!

ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus ag imirt Boules bhí iontach maith aige, agus bímse cat go maith ag cluichí liathróide go hiondúil!

tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d’éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agusghlacainn grianmar a deir muintir na háite.

Fásann labhandar agus lus na gréine in Provence, cuibhrinn mhóra díofa, agus idir iad sin agus na dathanna éagsúla a bhíonn ar Mont Sainte-Victoire le linn an lae, hiontas ar bith go raibh Cézanne i ngrá leis an cheantar.

Bhí árasán s’againne ar an cheathrú hurlár. Bhí balcóin againn ónar fhéad muid amharc amach ar dhíonta dearga Aix. D’itheadh muid bricfeasta réidh uirthi agus an chathair ag múscailt. Ansin um thráthnóna, sula n-imíodh muid amach ar lorg diabhlaíochta, shuíodh muid siar uirthi ag amharc ar an ghrian ag dul faoi agus ar na céadta gealbhan ag faoileoireacht os ár gcionn ag ceapadh cuileog.

D’éistíodh muid le ceoltóirí na gceolfhoirne ag réamhchleachtadhbhí Festival International d’Art Lyrique, ar féile thábhachtach cheoldrámaíochta í, ar siúl in Aix fad is a bhí muidne ansin. Bhíothas ag léiriú leagan Sir Simon Rattle de shaothar dar teideal The Ring Cycle a chum Wagner. I gcomhpháirt le Ceolfhoireann Fhiolarmónach Bheirlín, léiríodh an saothar seo sna blianta 2006-08 agus léireofar arís é in 2009. Beidh ar siúl faoi bhaitín Rattle sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an 6 Meán Fómhair chomh maith.

Bheartaigh mise ar dhinnéar a ullmhú oíche amháin nuair a bhí muid róthuirseach le dhul amach. Roghnaigh na comhábhair ab fhearr a bhí ar fáil sa mhargadh, a bhíonn ar siúl go rialta i gcearnóg Aix. D’úsáid líomóid, mil agus sicín áitiúil agus d’ith muid é ar an bhalcóinblasta, orgánach, galánta.

dlúthchara liom ina cónaí sa cheantarphós fear ar de bhunadh na háite éagus iarrann orm ceardlanna a dhéanamh di go minic. Bím i gcónaí ag súil lena ríomhphost ag fiafraí díom an bhfuil ar fáil. Agus bíonn i gcónaí.

tuilleadh eolais faoi Provence ar fáil ar na suíomhanna greasáin seo a leanas: www.provenceweb.fr; www.aboutprovence.com; www.beyond.fr

Is féidir taisteal go Provence le Irish Ferries (www.irishferries.com), Brittany Ferries (www.brittanyferries.ie), Aer Lingus (www.aerlingus.com) agus Ryanair (www.ryanair.com).

Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4..

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.