AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Damáiste mór déanta ag an gCuaranfa Larry
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Is cúis iontais é, dar le Dáithí Ó Colchúin, nár maraíodh aon duine nuair a bhuail an Cuaranfa Larry an Astráil an mhí seo caite.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Níl sé coicís fós ó thug an Cuaranfa Larry fogha faoi thuaisceart Queensland agus is léir gurbh é ceann de na cuaranfaí ba mheasa a bhuail aon áit san Astráil le breis is leathchéad bliain. Meastar go raibh gaoth 295 ciliméadar san uair (c/u) ann agus rinneadh an-damáiste do thithe agus d’fhoirgintí de chuile chineál a bhí sa gceantar beag taobh ó dheas de Cairns a buaileadh. Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.

Is dóigh gurb é an Cuaranfa Tracy an ceann is mó a ndéantar trácht air de na cinn a tháinig le céad bliain anuas. Bhuail Tracy Darwin Lá Nollag, 1974 agus rinne sé scrios uafásach ar an gcathair sin. Maraíodh 71 duine agus scriosadh 70% de na tithe. Ní fios cé chomh láidir is bhí an ghaoth mar gur briseadh na gairis ghaoithe ar fad nuair a shroich sé 300 c/u. Bhí 43,000 duine ina gcónaí i Darwin, ceann de na cúiseanna a ndearnadh an oiread sin dochair.

Ceaptar go raibh an ghaoth i gcás Larry beagnach chomh láidir céanna le Tracy. Ba iad Innisfail agus Tully (daonra 8,000 agus 3,500 fá seach) an dá bhaile ba mhó sa gceantar a buaileadh. Dá mba i gCairns (daonra 128,000), 80 ciliméadar níos faide ó thuaidh, a thiocfadh Larry i dtír, is cinnte go ndéanfaí i bhfad níos mó dochair. In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine gan dídean. I gcás fhormhór na dtithe sin, níl le déanamh ach iad a leagan is a thógáil arís. Níor cuireadh an cheist fós cén fáth a raibh an oiread sin tithe nach raibh in ann gála den tsaghas seo a sheasamh, ós rud é go bhfuil a fhios ag chuile dhuine go mbíonn cuaranfaí go rialta ar an gcósta sin.

Éireannach, Thomas Fitzgerald, a bhunaigh Innisfail in 1880 ach tá an litriú agus an fuaimniú mícheart (fuaimnítear an focal mar bheadh focal Béarla ann). Tá sé de cháil ar Tully gurb é an áit is fliche san Astráil – 4,400 mm sa mbliain.

Chomh maith leis an damáiste a rinneadh sna bailte móra, rinneadh an t-uafás freisin do chúrsaí talmhaíochta. Is sa gceantar a buaileadh a fhásann barr iomlán bananaí na hAstráile nach mór agus ceaptar gur scriosadh níos mó ná 80% de sin. Fágfaidh sé sin gann iad agus beidh praghsanna arda ann go dtí deireadh na bliana ar a laghad. Scriosadh tuairim is 10% de bharr siúcra na tíre freisin. Ní raibh sé sin buailte chomh dona céanna mar go bhfástar siúcra ar fud chósta Queensland agus i dtuaisceart New South Wales.

Ceaptar go ndearnadh damáiste $1 billiún (€600 milliún) ar fad agus go gcaillfidh ar a laghad 4,000 daoine a gcuid postanna. Tá an rialtas feidearálach agus stáit ag teacht i gcabhair ar na daoine agus tá $100 milliún fógartha go dtí seo i bhfoirm deontas agus iasachtaí le ráta íseal úis. Beidh na daoine ag súil nach dtiocfaidh an chéad chuaranfa eile go dtí go mbeidh an obair atógála críochnaithe agus tithe níos láidre acu ná mar bhí an babhta seo.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.