THALL IS ABHUS
Cúrsaí Fuinnimh
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá PJ Mac Gabhann ag meá cheist na glaine agus an chostais maidir le giniúint aibhléis na tíre. An féidir córas aibhléise feidhmiúil glan a chur i mbun seirbhíse in Éirinn?

Íomhá
Searnóbail 2007 (tarraingte ag Michael ar Picasaweb)
Íomhá
Cora na dTrí Ailt, an tSín (Christoph Filnkößl a tharraing, ar Vicipeid)
Íomhá
Fathaigh faoi cheo, ag giniúint leo, Cnoc an Chorráin, Sligeach.

Tuigtear gur ag an bhFrainc atá ceann de na rátaí is ísle ar an aonad aibhléise (kWh) san Eoraip. Ag féachaint siar ar bhillí aibhléise don tréimhse Meitheamh 2008/2009 don árasán ina bhfuil cónaí orm féin anseo sa Fhrainc agus don teach ina raibh mo mhac agus triúr eile ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, is féidir liom comórtas éigin a dhéanamh idir chostas an dá thír.

Ar dtús, an costas atá ar an aonad kWh. In Éirinn, tá €0.1410 ar gach aonad kWh faoi láthair (foinse eolais - suíomh gréasáin Bhord Soláthar an Leictreachais, 23.11.09), costas atá níos ísle ná mar a bhí sé i rith na tréimhse Samhain/Nollaig 2008 (€0.1597/kWh), nó sa tréimhse Eanáir/Aibreán 2009 (€0.1640/kWh). Sa Fhrainc, is é €0.0463 an costas atá ar an aonad kWh idir 10.30 p.m. agus 6.30 a.m. nó €0.0787 an chuid eile den am. Fiú ag an ráta is airde, €0.0787/kWh, cosnaíonn an t-aonad aibhléise dhá oiread níos mó in Éirinn ná sa Fhrainc. Don bhliain ar fad, €435.24 (3921 aonad kWh) a bhí ar mo bhille aibhléise don árasán, áit a n-oibríonn an teas agus an fearas cócaireachta mar aon leis na soilse ar an gcóras aibhléise. €756 (3742 aonad kWh) a thug mo mhac ar an aibhléis in Éirinn don tréimhse chéanna, costas a chuimsigh na soilse, an chócaireacht agus uisce te don chith. Is ar an mBord Gáis a bhí sé ag brath chun an teach a théamh.

Ar ndóigh, is i stáisiúin eithneacha a ghintear an chuid is mó den aibhléis sa Fhrainc, 84.2% sa bhliain 2007. Is ar bhreoslaí iontaise ar nós guail, is, ola agus móna a bhíonn muintir na hÉireann ag brath don chuid is mó chun an soláthar aibhléise a chinntiú. Gineadh 86% de riachtanais fuinnimh Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2007 ó na foinsí seo, rud a chinntíonn go bhfuil ceann de na rátaí astuithe CO2 is mó san Eoraip againn.

An Chumhacht Eithneach

Shocraigh an Fhrainc dul an bealach eithneach sna seascaidí/seachtóidí ar roinnt údar. Sa chéad áit, chinntigh na stáisiúin eithneacha neamhspleáchas fuinnimh don tír. Tar éis an chéad ghéarchéim ola ag tús na seachtóidí, tháinig méadú ar an gcéatadán aibhléise sa Fhrainc a gineadh i stáisiúin eithneacha, bliain i ndiaidh bliana. Ina theannta sin, agus costas na hartola ag ardú go seasta, bhí costas seasmhach ar an gcumhacht eithneach. Agus sa lá atá inniu ann, an buntáiste is mó atá ag an gcumhacht eithneach ná nach scaoileann sé aon dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar. Ach a luaithe is a luaitear ‘stáisiún eithneach’, cuimhnítear láithreach ar na heachtraí a tharla i Three Mile Island in 1979 agus i Chernobyl in 1986 nó ar an gconspóid ar fad faoin stáisiún eithneach i Sellafield (sea, < Windscale) ar chósta thiar Shasana. (Chernobyl: http://www.youtube.com/watch?v=101OEaksU0s&feature=fvw)

Bíonn eagla ar dhaoine roimh an gcumhacht eithneach, an chaoi ina ndéantar an dramhaíl eithneach a thaisceadh agus an bhagairt shíoraí a bhíonn ann ó thruailliú radaíochta. Ní léir don fhaitíos sin roimh an gcumhacht eithneach a bheith ar dhaoine sa Fhrainc. Dar leis an mbealach teilifíse ARTE (www.arte.tv/fr), bíonn suas le fiche eachtra gach bliain i stáisiúin eithneacha na tíre a d’fhéadfadh a bheith contúirteach don phobal, ach is annamh a chloistear fúthu sna meáin. (Coimhéad! B’fhéidir go gcuirfeadh an físeán seo isteach ort:http://www.youtube.com/watch?v=rvAJ_u3Q0Hw&NR=1) Is é a mhalairt de scéal é ar an taobh eile den Réin. Tá cinneadh tógtha ag an nGearmáin deireadh de réir a chéile a chur le gach stáisiún eithneach sa tír idir seo agus 2020. Tá sé i gceist aici chomh maith gearradh siar ar an méid aibhléise a ghintear ó bhreoslaí iontaise i rith an achair chéanna. Ní fhágtar, mar sin, ach an ghaoth agus an ghrian chomh maith le fuinneamh in-athnuaite eile, bithmhais agus cumhacht hidrileictreach, cuir i gcás, chun freastal ar riachtanais fuinnimh an 80 milliún duine atá ina gcónaí sa tír. An sprioc réalaíoch é sin?

In eagrán an Mhárta 2008 den iris eolaíochta ‘Science et Vie’, caitear amhras ar an gcumas atá ag an gcumhacht gaoithe (nó gréine) ionad na cumhachta eithní nó ionad cumhacht ó bhreoslaí iontaise a thógáil. Dar leis na húdair, Yves Sciama agus Nicolas Chevassus, go dtí go dtuigtear conas fuinneamh aibhléise a thaisceadh ar bhealach feidhmiúil agus saor, is beag tairbhe iad na muilte gaoithe atá á dtógáil ar fud na hEorpa.

Guagacht na Gaoithe

Léirítear nach féidir a bheith cinnte riamh, cuir i gcás, go séidfidh an ghaoth ag an tráth díreach is mó spíonadh na haibhléise agus, dá bhrí sin, gur gá an dara córas ginte aibhléise a bheith ann mar chúltaca. Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua. Nuair a bhíonn easpa sa soláthar aibhléise ar na Gearmánaigh, is ar an bhFrainc agus ar a cumhacht eithneach a bhíonn siad ag brath.

Ní féidir a rá ach oiread go bhfuil na muilte gaoithe nó na painéil ghréine iomlánglas’ sa mhéid is nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an timpeallacht. Úsáidtear coincréit agus cruach chun na muilte gaoithe agus na painéil ghréine a thógáil agus a chur suas, modh atá trom go leor ó thaobh astuithe CO2 de. Is fiú a lua chomh maith go bhfuil an dearcadh ann gur gránna an radharc iad go feiceálach ar dhroim na talún agus go gcuireann an torann a dhéanann na muilte isteach ar dhaoine agus ar ainmhithe araon. Mar réiteach air sin, d’fhéadfaí na muilte a chrochadh amuigh ón gcósta, ach bíonn costas dhá oiread níos mó ar an obair agus ar an gcothabháil. (http://www.tierramerica.info/nota.php?lang=eng&idnews=3235&olt=3235) Cá bhfágann sé seo ár dtír féin? Tá dream amháin ag machnamh ar an gceist, is léir, ach ní léir go fóill céard a thiocfas as. (http://www.spiritofireland.org/solution.php) Tá roinnt de lucht saineolais ag faire orthu, ag súil le tionscnamh ar fónamh a fheiceáil ag eascairt as. (http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2009/0511/1224246254647.html) (http://www.spiritofireland.org/)

Chun na farraige atá roinnt eile ag féachaint le haibhléis a ghiniúint: (http://www.oceanenergy.ie/about-us/)

Is cosúil gurb é an t-aon réiteach atá againn ar an ngéarchéim fuinnimh go fóill, comhairle a chur ar dhaoine conas gearradh siar ar an méid fuinnimh a úsáidimid, nó conas an fuinneamh seo a úsáid ar bhealach níos feidhmiúla. Tá sé i gceist ag Bord Soláthar an Leictreachais, príomhsholáthraí aibhléise na tíre, a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoin bhliain 2035. Ní tharlóidh sé ach amháin go bhfuil sé i gceist cumhachtstáisiún eithneach a thógáil. Cén seans ar sin?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.