TEANGA AGUS CULTÚR
Cúrsa nua MA ag díriú ar fhorbairt scileanna teanga
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tugann Éamonn Ó Dónaill eolas mar gheall ar chúrsa nua iarchéime, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, atá á thairiscint ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar lena chomhlacht féin.

Cuirfear tús le máistreacht nua, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, ag deireadh mhí Eanáir 2008 agus mairfidh an cúrsa páirtaimseartha seo dhá bhliain ar fad. Is í Scoil na dTeangacha in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) atá ag tairiscint an chúrsa, i gcomhar le mo chomhlacht féin, Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com).

Tá sé mar aidhm ag an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ardoiliúint teanga a chur ar fáil le freastal ar an éileamh atá ann ar chéimithe a bhfuil caighdeán sármhaith Gaeilge scríofa agus labhartha acu. Beidh sé dírithe go príomha ar na fostaithe de chuid na hearnála poiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge as seo amach agus ar chéimithe ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta atá tagtha chun cinn in Éirinn le roinnt blianta anuas, go háirithe ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm agus ó bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil san Eoraip. Beidh an cúrsa an-oiriúnach dóibh siúd ar mian leo poist a bhaint amach mar aistritheoirí, teangairí, dlí-theangeolaithe, léitheoirí profaí agus rúnaithe. Is cinnte go mbeidh spéis ag múinteoirí scoile, ag daoine atá ag obair sna meáin, i gcúrsaí gnó, sa turasóireacht chultúrtha agus i réimsí gaolmhara eile ann chomh maith.

Beidh na léachtaí ar siúl tráthnóna amháin sa tseachtain, Dé Máirt 6.00 – 9.00 p.m., in áras ITBÁC ar Shráid Aungier agus beidh ceardlanna Sathairn i gceist ó am go chéile chomh maith.

Bronnfar scoláireachtaí, atá á maoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag an Údarás um Ardoideachas, ar gach duine a gheobhaidh áit ar an chúrsa, rudaí a chiallóidh go mbeidh deis ag daoine nach mbeadh in acmhainn clárú do mháistreacht de ghnáth tabhairt faoin iarchéim seo. Táimid dóchasach go mbeidh an-ráchairt ar an MA seo sa Ghaeilge Fheidhmeach agus go mbainfidh an dream a fhreastalóidh air tairbhe agus taitneamh as.

Ní mór d’iarratais don MA a bheith faighte ag Scoil na dTeangacha, ITBÁC faoi 5.00 p.m., 30 Samhain 2007. Tá foirm iarratais agus bróisiúr le fáil ar shuíomh na Scoile: http://gaeilgefheidhmeach.dit.ie Tá eolas breise le fáil chomh maith ach scríobh chuig gfheidhmeach@dit.ie nó glaoch ar (01) 402-2828

Is as Gaoth Dobhair é Éamonn Ó Dónaill. Is iareagarthóir ar an iris seo é agus duine de stiúrthóirí an chomhlachta Gaelchultúr (www.gaelchultur.com).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.