Scoil cheoil thraidisiúnta a reáchtáiltear do dhéagóirí Chonamara aimsir na Cásca atá i gceist le Cumar. Bíonn an scoil ar siúl go bliantúil ó Luan Cásca go dtí an Satharn dár gcionn. I mbliana beidh Cumar ar siúl ón 1 - 6 Aibreán agus is i gCeantar na nOileán a bheas an scoil lonnaithe, thart ar an Trá Bháin agus Tír an Fhia. Le fáil amach go díreach cad atá pleanáilte ag Cumar i mbliana, chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Neansaí Ní Choisdealbha, duine de stiúrthóirí na féile.
Antaine: A Neansaí, feicim go bhfuil an fotheideal “Sainoiliúint sna hEalaíona Dúchasacha Gaeltachta” in úsáid agaibh. Céard go díreach atá i gceist agaibh leis sin?
Neansaí: Máistir-ranganna go bunúsach atá i gceist, sna huirlisí ceoil thraidisiúnta. Cuirimid máistir-ranganna ar siúl ar an mbosca ceoil, ar an bhfidil, an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an consairtín, an phíb uilleann agus an chláirseach. Ní dhéanann muid dearmad ar an amhránaíocht ach an oiread nó ar an damhsa ar an sean-nós ná ar an litríocht bhéil. Tá cuid de na huirlisí sin ag teacht ar aghaidh go mór i gConamara. Tá an-tóir ar ranganna ar an bhfidil, mar shampla, le tamall anuas.
Antaine: Agus an é go bhfuil siad seo ar siúl trí Ghaeilge nó ar bhonn dátheangach nó céard?
Neansaí: Reáchtáiltear chuile shórt trí Ghaeilge, na ranganna ar fad agus na himeachtaí eile ar fad. Tá neart féilte agus ceardlann ann trí Bhéarla cheana féin. Nílim cinnte ach ceapaim gurb í seo an t-aon cheann amháin atá go hiomlán trí Ghaeilge.
Antaine: Agus céard faoi dhaoine a bheadh ag teacht isteach ón taobh amuigh atá ar bheagán Gaeilge?
Neansaí: Go dtí seo ní raibh aon deacrachtaí againn. Ar aon chuma, muintir Chonamara is mó a bhíonns ag freastal ar na ranganna.
Antaine: Tá an fhéile lonnaithe i gCeantar na nOileán i mbliana. An mar sin é gach bliain?
Neansaí: Ní hea. Thosaigh muid amach an chéad bhliain, 1999, i Ros Muc. Ansin i 2000 bhí muid in Indreabhán. Bhí sé i gceist againn a bheith i gCeantar na nOileán anuraidh ach bhí orainn gach rud a chur ar ceal de bharr na ndeacrachtaí a bhí ann ag an am leis an ngalar crúibe is béil. Ach beidh muid ann i mbliana. Faigheann muid roinnt urraíochta ó Údarás na Gaeltachta agus bhí siad ag iarraidh orainn a bheith ag bogadh timpeall ó bhliain go bliain le freastal ar cheantrachaí éagsúla. Ach bíonn sé deacair uaireanta teacht ar na háiseanna cuí sna ceantrachaí éagsúla sin agus bíonn deacrachtaí praiticiúla ann. Cuir i gcás go bhfuil páiste amháin as clann áirid i scoil amháin agus páiste eile ón gclann chéanna i scoil eile ag rang eile. Cruthaíonn sin fadhbanna praiticiúla do na tuismitheoirí agus don fhoireann atá ag iarraidh a bheith ag na hionaid éagsúla. Agus ansin níl córas iontach taistil i gConamara. Eagraíonn cuid de na tuismitheoirí busanna iad féin uaireanta chun na gasúir a thabhairt chuig na ranganna agus abhaile.
Antaine: Cá bhfaigheann sibh na múinteoirí nó an mbíonn sé deacair teacht orthu?
Neansaí: Tá neart múinteoirí ar fáil agus bíonn fonn orthu teacht go minic. Tá an t-ádh linn go mbíonn múinteoirí ar ardchaighdeán againn gach bliain.
Antaine: Cé hiad i mbliana?
Neansaí: Ar an mbosca ceoil tá P J Ó hIarnáin, James Mac Giolla Chiaráin agus Nuala Ní Eithir; ar an bhfidil, Antóin Mac Gabhann, Áine Ní Raghallaigh agus Éanna Ó Catháin; ar na feadógaí, Máire Ní Ghrádaigh, Iarla Cartúir, Marcus Ó hIarnáin agus Adrian Ó Brádaigh; an consairtín, Micheál Ó Raghallaigh; an phíb uilleann, Micheál Ó Briain; an chláirseach, Freda Nic Giolla Chatháin; an amhránaíocht, Nan Mhaitiú, Mairéad Ní Cheallaigh agus Éamon Ó Donnchadha; an damhsa, Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha agus Máire Áine Ní Iarnáin; agus litríocht bhéil, Mairéad Ní Mhocháin.
Antaine: Cén saghas freastail a bhíonn ag na ranganna?
Neansaí: Bhuel, bhí thart ar 70 duine ann an uair dheireanach ach tá muid ag súil le 100 i mbliana. Tá muid ag fás an t-am ar fad.
Antaine: Céard iad na deacrachtaí is mó a bhíonn agaibh?
Neansaí: Cosnaíonn sé go leor airgid an fhéile a reáchtáil agus cé go bhfaigheann muid urraíocht ó leithéidí Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta, TG4, An Chomhairle Ealaíon agus daoine eile, fós féin bíonn orainn a bheith an-chúramach. Ní chlúdaíonn táillí na ranganna na costaisí ar fad.
Antaine: Cén fhís atá agaibh nó céard ba mhaith libh a bhaint amach le Cumar?
Neansaí: Deis a thabhairt do na ceoltóirí óga castáil le daoine eile ar comhaois leo féin agus ceol maith a chloisteáil agus a fhoghlaim. Nuair a thosaigh muid i dtosach ní raibh mórán eolais ag daoine faoi Cumar; anois tá a fhios ag go leor faoi agus bíonn siad ag súil go mór leis agus leis na seisiúin a bhíonn ar siúl lena linn. Tá an tionchar le feiceáil.
Tuilleadh eolais faoi Cumar: Neansaí Ní Choisdealbha (091) 574057/(087) 9363872; noirinrua@eircom.net.
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.