San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Aralt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta - eagras atá ag iarraidh “Gaeltacht” a bhunú i gCalabogie, Ontario, Ceanada.
- Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?
D’fhéadfaí a rá gur mise “urlabhraí oifigiúil na heagraíochta”. Cé gur gnátheagraíocht é Cumann na Gaeltachta (tá táillí ballraíochta, cruinnithe ginearálta bliantúla agus toghcháin i gceist), seachnaímid an “múnla corparáideach”. In áit taoisigh, uachtaráin, leaschathaoirligh is araile, níl ann ach baill, agus baill an choiste stiúrtha - fíordhaonlathas atá i gceist. Is iad na daoine atá i mbun na heagraíochta an dream a dhéanann an obair. Tá mé féin ag feidhmiú mar urlabhraí anois le dhá bhliain anuas.
- Cathain a bunaíodh CnaG agus cé a bhunaigh é?
Is scéal fada é sin! Bhunaigh Séamus Mac Con Charraige (Aka. Séamus de Cregg), iarchigire scoile as Béal Feirste, an eagraíocht timpeall 1995. Tá an eagraíocht difriúil anois - tá ainm nua againn agus tá bunreacht nua á scríobh - ach is ó Shéamus a tháinig an fhís.
- Cén fáth ar bunaíodh é?
Tá an ráiteas misin atá againn gearr agus soiléir: “Gaeltacht a bhunú agus a chothú”.
Ach tá an ráiteas solúbtha fosta. An sainmhíniú atá againn ar an bhfocal “Gaeltacht” ná “áit ina labhraítear an Ghaeilge”. Nuair a thugaim cur síos ar na himeachtaí a bheidh againn sna blianta atá romhainn, deir daoine áirithe nach “fíor-Ghaeltacht” ach “campa samhraidh” atá i gceist. Glacaim leis sin agus tuigim go gcaithfimid a bheith cúramach faoi úsáid an fhocail “Gaeltacht”, ach ag an am céanna níor chóir dúinn teorainneacha cúnga a chur ar na féidearthachtaí atá ann. Níl aon phlean againn faoi láthair áit a chruthú ina mbeidh daoine ina gcónaí go leanúnach, ach b’fhéidir go mbeidh athrú intinne ag daoine i gceann caoga bliain. Má fhásann an tionscadal, caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta. Athraíonn an saol go tapaidh na laethanta seo - féach ar chúrsaí le cúpla bliain anuas.
- Cé mhéad duine atá páirteach san eagraíocht faoi láthair?
Idir 30 agus 60 - braitheann sé ar an chaoi a ndéanann tú an t-áireamh. Tá daoine áirithe nach bhfuil ina mbaill den eagraíocht, cuir i gcás, ach a bhfuil scaireanna ceannaithe acu. Tá baill aonair ann, agus eagraíochtaí atá ina mbaill. D’fhreastail 27 nduine ar an tseachtain samhraidh a bhí againn i mbliana.
- Cén obair a dhéanann sibh ó mhí go mí?
An rud is tábhachtaí dúinn faoi láthair ná airgead a bhailiú. Tá píosa talún roghnaithe againn (60 acra i gCalabogie - “na Cealla Beaga") d’ár n-ionad, agus an praghas ($30,000 Ceanadach) socraithe, ach caithfimid é a cheannach sula dtéimid ar aghaidh le pleananna eile. Tá cúrsaí aicmithe á socrú leis an chomhairle contae, cúrsaí bunreachta agus cúrsaí tógála (teachín folctha), agus tá pleanáil á déanamh don samhradh seo chugainn fosta. Ach is é an t-airgead an cheist is mó a bhfuil muid ag díriú uirthi faoi láthair.
- Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh?
Táimid ag díol scaireanna faoi láthair ($300 Ceanadach ar 1%). Nuair a bheas stádas carthanach againn, rachaimid go dtí na cumainn daonchairdis. Níl aon mhaoiniú againn ón Rialtas go fóill, agus táimid rud beag fainiciúil faoi sin. Níor mhaith linn aon téad a bheith timpeall orainn. Má ghlacaimid le maoiniú ón Rialtas, beidh ceangail orainn. B’fhearr linn fás níos moille agus a bheith neamhspleách. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an chumhacht ag gnáthbhaill na heagraíochta.
- An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Tá agus níl. Tá an suíomh roghnaithe againn, agus tá an t-úinéir toilteanach é a dhíol linn go réasúnta saor. Chuir muid imeachtaí samhraidh ar bun ansin, agus tá rudaí ag fás gach bliain. Ach tá bóthar fada romhainn agus muid ag iarraidh ionad buan a chruthú. Agus, ar ndóigh, is ceist oscailte í, cad is “fíor-Ghaeltacht” ann - beidh gach glúin inár ndiaidh in ann a rian féin a fhágáil ar ár saothar.
- Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an eagraíocht?
An láidreacht is mó ná go bhfuil ár n-aidhmeanna ceart. Aithníonn daoine é sin, agus tá siad réidh le cuidiú a thabhairt dúinn.
Táimid lonnaithe sa cheantar ceart. Tagann an t-ainm Calabogie as “na Cealla Beaga”, calafort iascaireachta ar imeall na Gaeltachta i nDún na nGall. Tá “sean-Éireannaigh” le fáil go forleathan sa cheantar, ó aimsir na chéad seadaitheoirí.
Is míbhuntáiste é nach bhfuil aon fhoirgneamh seasmhach ar an talamh anois ach sin an fáth go bhfuil suim ag na teaghlaigh óga sa scéim seo - is breá leis na páistí a bheith ag campáil. Tá súil againn gur féidir linn ceangal a chruthú le teaghlaigh in Éirinn. Ba mhaith linn an dearcadh a fhorbairt gur píosa den Ghaeltacht é an t-ionad seo atá lonnaithe i gCeanada - agus go mbeadh cuairteoirí as Éirinn oiread ar a suaimhneas anseo agus a bhíonn siad ar an Cheathrú Rua, i nGaoth Dobhair, nó i gCorca Dhuibhne.
- Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CnaG faoi cheann cúig bliana.
Caithfimid $30,000 Ceanadach a bhailiú, an suíomh a cheannach, agus dídean bhuan a thógáil. Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
- Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?
Caithfidh mé an cheist sin a fhreagairt i gcomhthéacs Ceanadach. Tá “géarchéim féiniúlachta” againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b’fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht” agus an “rud áirithe sin” atáimid ag lorg. Ach ní bheimid in ann glacadh leis an dearcadh seo go dtí go dtuigfimid féiniúlacht ár sinsear féin - daoine a labhair an Ghaeilge agus a chuir a ndearcadh domhanda féin in iúl tríd an teanga. Chím athshealbhú na Gaeilge mar chéim thábhachtach i saol roinnt mhaith de na gnáthdhaoine an tír seo sna blianta atá amach romhainn. Faoi láthair, creidim go gcaithfimid an Ghaeilge a chur ar fáil - sin rud nár tharla riamh i gCeanada. Is beag an t-éileamh atá ann faoi láthair, ach creidim go méadóidh sé.
Is fisiceoir é Aralt Mac Giolla Chainnigh atá ag obair i gColáiste Mhíleata Cheanada, Kinston, Onatario. Is de shliocht Éireannach é.