TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Cumann na bhFiann
Traic Ó Braonáin Traic Ó Braonáin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Traic Ó Braonáin, Cumann na bhFiann.

Íomhá
Íomhá
Cumann na bhFiann, Port Láirge
Íomhá
Duine de na daltaí a bhí i láthair ag Tóstal na bhFiann 2005
  1. Cén ról atá agat féin i gCumann na bhFiann (CnaF) agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé i mo bhainisteoir ar Chumann na bhFiann le ceithre bliana anuas agus ar fhoireann Chumann na bhFiann le naoi mbliana.

2. Cathain a bunaíodh Cumann na bhFiann agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh foireann lánaimseartha Choláiste na bhFiann Cumann na bhFiann ag deireadh na seachtóidí.3. Cén fáth ar bunaíodh é?Bunaíodh é le go mbeadh seirbhís náisiúnta ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí a bheadh ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, go háirithe iad siúd a bheadh tar éis freastal ar chúrsaí samhraidh Choláiste na bhFiann. 4. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an eagraíocht anois?Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha ag Cumann na bhFiann, duine amháin go páirtaimseartha, agus tá foireann dheonach d’ochtó duine ann chomh maith.5. Cén obair a dhéantar i gCnaF ó lá go lá?Seo a leanas samplaí den chineál oibre a bhíonn le déanamh:

Clubanna a reáchtáil (60 go seachtainiúil thart timpeall na tíre).

Imeachtaí náisiúnta a reáchtáil, ar nós Thóstal na bhFiann (lá spraoi do 2,000 déagóir), Scléip(lá na gCumann), Féile an Fhómhair, agus araile.

Imeachtaí réigiúnda a chur ar siúl, ar nós ceolchoirmeacha, céilithe, céilithe sráide, campáil, laethanta scléipe, agus araile.

6. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?Tá obair Chumann na bhFiann urraithe ag Foras na Gaeilge, agus bailíonn muid neart airgid eile trí bhailiúcháin sráide agus a leithéid. De bharr go mbíonn an t-eagras i gcónaí ag iarraidh bheith níos láidre agus forbairt a dhéanamh, d’fhéadfaí go leor eile a dhéanamh dá mbeadh tuilleadh airgid ar fáil!7. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Ceann de phríomhaidhmeanna a bhí ag an eagras ón tús ná na daoine óga a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, chun go mbeadh suim faoi leith acu inti. Nuair a fheictear an meon dearfach i leith na teanga atá ag na daoine óga atá ag plé le Cumann na bhFiann, tá sé soiléir go bhfuil an aidhm seo bainte amach. Mar thoradh air sin, tá iardhaltaí de chuid na heagraíochta an-ghníomhach i nGaelscoileanna na tíre. Níl mórán scoileanna mar seo sa tír nach bhfuil iardhalta de chuid Chumann na bhFiann ag múineadh inti nó ina phríomhoide uirthi. Tá an-chuid iardhaltaí ag plé le na heagrais Ghaeilge, Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Glór na nGael agus an tOireachtas ina measc.

8. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le CnabhF?An laige is mó atá ag an eagras ná an easpa cruinnis ó thaobh na Gaeilge de. An phríomhaidhm a bheadh againn ná suim sa teanga agus grá di a spreagadh sna daoine óga, roimh thabhairt faoin gcruinneas. I láthair na huaire, tá muid ag iarraidh caighdeán na Gaeilge a ardú sna coláistí agus sna clubanna.

Ó thaobh láidreachtaí de, tá an oiread sin acu ann! An rud is mó a bhfuil mé bródúil as i dtaca leis an obair a dhéanann muid ná an fonn atá ar fhoireann na heagraíochta seo feabhas a chur ar an tseirbhís i gcónaí – sin an fáth go bhfuil oiread rátha ar Chumann agus ar Choláiste na bhFiann faoi láthair. Tá na coláistí ag líonadh níos luaithe chuile bhliain, agus tá liosta feithimh anois i go leor de na cumainn – nílimid in ann glacadh leis na daltaí go léir a bhfuil suim acu bheith páirteach sa chumann.9. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CnaF faoi cheann cúig bliana.

Go mbeadh seirbhís níos fearr á tairiscint againn.

Go mbeadh muid ar fáil do níos mó daltaí agus eolas ag níos mó daoine orainn.

Go mbeadh caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí ag feabhsú i gcónaí.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Bhí athrú íomhá ag teastáil ón nGaeilge le fada an lá. Sílim gur thosaigh an t-athrú seo thart ar scór bliain ó shin, ach tá dlús curtha leis le déanaí. Is tríd an óige sna cathracha agus bailte móra is mó a láidreoidh an Ghaeilge mar theanga, agus is féidir an t-uafás a bhaint amach trí na seirbhísí atá á dtairiscint ag Cumann na bhFiann agus ag na hógeagrais eile.

Ar nós gach rud eile sa saol seo, caithfear “an t-earra” a dhíol le go bhfeicfidh an custaiméir an tábhacht agus na buntáistí atá ann dó/di. Caithfidh muid leanúint orainn ag forbairt íomhá dhearfach na teanga chun a chinntiú go mbeidh sí níos láidre sa todhchaí.

Coláiste na bhFiann, 4 Ardán Clifton, Baile na Manach, Contae Bhaile Átha Cliath (01) 280-8091; eolas@colaistenabhfiann.ie; www.colaistenabhfiann.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.