AR NA SAOLTA SEO
Cultúr rúndachta láidir fós sa Gharda Síochána
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

cultúr rúndachta le fáil le fada sa Gharda Síochána, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus ní chun leas na ngnáthghardaí é seo.

Íomhá
An Breitheamh Frederick Morris
Íomhá
Íomhá
Íomhá
An Teachta Dála Des O'Malley
Íomhá
An t-iar-Choimisinéir Pat Byrne

"What has been so serious about this inquiry has been the neglect of the fundamental duty of police management to ask questions and get answers. This is shocking." An Breitheamh Frederick Morris, 2004

Níl ceithre bliana slánaithe sa chéad úr, agus cheana féin san aonú haois is fiche tá an Stát tar éis a admháil go bhfuil, nó ar a laghad go raibh, rud éigin lofa sa chóras polaitiúil, i gcóras na hEaglaise Caitlicí agus anois i gcóras na nGardaí. I gcás na dtrí mhórinstitiúid seo, is é nádúr an chultúir, a léiríodh a bheith i bhfeidhm ón bharr anuas, an t-ábhar is mó buartha. Cultúr neamhfhreagrachta a leagann níos mó béime ar rúndacht; cultúr atá níos tógtha le haon drochscéal maidir leis féin a cheilt ar an phobal ná mar atá sé le haimsiú na fírinne. Is léir gur sin atá i bhfeidhm le fada an lá sa Gharda Síochána.

I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris, d’fhógair an Coimisinéir Noel Conroy go raibh grúpa ar leith bunaithe aige le moltaí an bhreithimh a scrúdú. Ach chomh fada agus a bhain sé le heagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (nó an GRA), ní raibh mar bhonn dar leo le tuarascáil an Bhreithimh Morris ach cúpla úll nó Garda lofa. Chomh fada agus a bhaineann sé leosan, ionsaí ar na Gardaí is ea aon chaint faoi fhadhb chultúir a bheith san fhórsa. Ach is é an cultúr céanna rúndachta agus neamhfhreagrachta seo is cúis le clann duine dá mbaill féin, a dúnmharaíodh agus é ar dualgas 30 bliain ó shin, a bheith fós ag lorg sásaimh.

B’as Coill na Rúscaí i Ros Comáin don Gharda Richard Fallon. Ar mhaidin an 3 Aibreán 1970 bhí Garda Fallon, in éineacht lena chomhghleacaithe an Garda Patrick Hunter agus an Garda Paul Firth, ag tiomáint i Sráid an Rí Thuaidh i mBaile Átha Cliath nuair a iarradh orthu líne theileafóin gearrtha ag an Royal Bank of Ireland ar Ché Árann a fhiosrú. Agus iad ag siúl isteach i dtreo an bhainc, rith triúr fear a raibh púicíní orthu agus gunnaí ina lámha amach an doras. Rinne an Garda Fallon iarracht breith ar dhuine acu, ach ag an bpointe sin scaoileadh leis agus thit sé marbh.

Ba é an Garda Fallon an dara Garda a dúnmharaíodh agus é ar diúté ó bunaíodh an Stát. (Maraíodh an Garda George Mordant i 1942.) D’fhág an Garda Richard Fallon cúigear páistí agus bean chéile ina dhiaidh. Tá a chlann anois i mbun feachtais go mbunófaí fiosrúchán poiblí le dúnmharú a n-athar a scrúdú in athuair. Creideann siad go bhfuil comhcheilg i gceist i gcás scéal a n-athar, comhcheilg atá fite fuaite le scéal Thriail na nArm.

Breis is dosaen banc

Idir Feabhra 1967 agus Eanáir 1970 rinne Saor Éire breis agus dosaen banc agus oifig poist a robáil. Creidtear go forleathan gur baill de Shaor Éire a bhí ag robáil an bhainc ar Ché Árann nuair a maraíodh an Garda Fallon. Ach ar nós fhormhór na gcoireanna a rinne Saor Éire, ar chúis amháin nó ar chúis eile ní bhfuarthas riamh aon duine ciontach astu.

Sé mhí roimh mharú an Gharda Fallon, fuair na Gardaí scéal go raibh baill ó Shaor Éire chun Banc Hibernian i Ráth Droma i gContae Chill Mhantáin a robáil. Ach ag an nóiméad deireanach tugadh ordú do na bleachtairí a bhí ar a mbealach le breith ar na robálaithe tarraingt siar. Ní bhfuarthas amach riamh cad as a dtáinig an t-ordú seo, ach ba é an toradh a bhí air ná gur éalaigh na fir.

Chreid na Gardaí gurb é an triúr a robáil an banc ar Ché Árann ná Sean Doyle, Tom O’Neil agus Joe Dillon. Níos lú ná dhá bhliain roimh an eachtra seo, ar an 3 Deireadh Fómhair 1968, ghabh na Gardaí an tUasal Doyle agus an tUasal O’Neil. Nuair a tháinig an bheirt os comhair na cúirte ar an 21 Eanáir 1970, d’eisigh an Stát nolle prosequi. Chiallódh sé sin go scaoilfí saor an bheirt fhear ach go mbeadh an Stát in ann iad a athghabháil agus a athchiontú. Ach arís, ar chúis éigin aisteach, níor deineadh amhlaidh agus d’imigh an bheirt fhear saor. I 1967 bhí Joe Dillon le dul os comhair cúirte ach, ar bhealach éigin, d’aimsigh sé gunna sna leithris agus d’éalaigh sé. Gabhadh arís é tamall ina dhiaidh sin ach an uair seo, agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise, deineadh botún in ordú aire agus bhí sé saor arís.

Mar a thuigfeá, bhí fearg mhillteanach ar na Gardaí i ndiaidh mharú an Gharda Fallon. Bhí comrádaí neamharmtha dá gcuid dúnmharaithe ag duine de thriúr fear ba chóir a bheith i bpríosún as coireanna eile a dhéanamh. Mar a tharla cúpla seachtain roimhe sin, bhí an rialtas tar éis diúltú d’iarratas ón Gharda Síochána go mbeadh gunnaí ag gardaí a bheadh ar dualgas lasmuigh de bhancanna.

I 1972 gabhadh an tUasal Dillon agus fear eile, an tUasal Morrissey, agus cuireadh dúnmharú an Uasail Fallon ina leith. Dúirt na Gardaí go bhfuarthas méarloirg na beirte ar nuachtán an *Evening Herald *a fuarthas sa ghluaisteán éalaithe. Thug comrádaí an Gharda Fallon, an Garda Paul Firth, fianaise gur aithin sé aghaidh na beirte. Ar deireadh, thaobhaigh an giúré leis an bheirt fhear agus fuarthas neamhchiontach iad as an dúnmharú. Mar a tharla i 1977, léirigh an *Irish Times *go raibh amhras maidir leis an mbealach a ghlac na gardaí méarloirg na beirte fear.

Creideann Finian Fallon, mac de chuid an Gharda Fallon, gurbh é rialtas Jack Lynch, nó daoine a bhí bainteach leis ag an am, ba chúis le dunmharfóirí a athar imeacht saor. Níl aon dabht ach gur beag a rinne rialtas Fhianna Fáil idir 1967 agus 1970 le stop a chur le Saor Éire. Creideann sé go raibh baill áirithe de rialtas Fhianna Fáil ag baint úsáide as Saor Éire le gunnaí a smugláil isteach sa tír le cur ó thuaidh. Tagann seo le ráiteas Dála a rinne an TD Des O’Malley in Iúil 2001 ar Thriail na nAirm, go raibh fianaise ann a léireodh gur bhain an gunna a mharaigh an Garda Fallon le lasta gunnaí mídhleathacha a tugadh isteach sa tír seo.

Cara mór

Tá a fhios againn gur cara mór le Niall Blaney ab ea Liam Walsh, ball de Shaor Éire. Tá a fhios againn freisin gur thaistil ball eile de Shaor Éire darbh ainm Martin Casey go Londain i Samhain 1969 le ball d’Fhianna Fáil le gunnaí a cheannach. Thug an bheirt acu ainm bréige agus iad ag síniú san Irish Club in Eatons Square i Londain. D’úsáid ionadaí Fhianna Fáil an t-ainm George Dixon, an t-ainm céanna faoinar osclaíodh cuntas i mbanc i Sráid Bhagóid i mBaile Átha Cliath agus inar cuireadh £100,000 le cabhrú le náisiúnaithe sna Sé Chontae.

Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b’in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon. Ag an am, d’fhoilsigh an iris *Hibernia *alt inar dúradh go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith. Laistigh de chúpla seachtain bhí an tAire Dlí agus Cirt, Mícheál Ó Móráin, tar éis éirí as oifig, de bharr cúrsaí sláinte, a dúradh.

Ar a laghad deich mbliana sular fhoilsigh an Breitheamh Morris a thuarascáil, bhí ceisteanna crua á n-ardú ag daoine éagsúla, gardaí áirithe ina measc, faoi mhí-iompar gardaí i nDún na nGall. I 1999, chuir an Coimisinéir Pat Byrne fiosrúchán Carty ar bun, ach chinn sé ar thorthaí an fhiosrúcháin seo a choimeád rúnda.

Dar ndóigh, ní féidir linn a bheith cinnte gur cuid de chomhcheilg níos leithne ab ea marú an Gharda Fallon, ach is féidir a bheith measartha cinnte go raibh i bhfad níos mó eolais ag Coimisinéir Garvey na linne sin faoin eachtra ná mar a nochtadh go poiblí riamh. Tacaíonn an lagiarracht a rinne na Gardaí ar mhíniú sásúil d’fháil ar chuid de na rudaí aisteacha a tharla leis an tuairim nach bhfuil an fhírinne uilig ar eolas againn fós. In eagraíochtaí eile, mhothódh údaráis na heagraíochta go raibh dualgas orthu freagra sásúil d’fháil ar cheisteanna gan freagairt. Ach ní sin an cultúr a bhí ná atá go fóill i réim sa Gharda Síochána.

Níl aon amhras ach nár chuir an Breitheamh Morris fiacail ann agus é ag foilsiú a thuarascála. Ach tuigtear do Beo! nach raibh an tuarascáil chéanna iomlán, gur fágadh ar lár na giotaí a dhamnaigh an t-iar-Choimisinéir Pat Byrne.

Mar sin, má chreideann an GRA gur chun a leasa go mbeadh cultúr neamhfhreagrachta, rúndachta i bhfeidhm sa Gharda Síochána táid mícheart. Óir fad agus atá an cultúr seo i réim san fhórsa, is é an fear ag an bhun, sa chás seo an gnáthgharda a bheidh thíos i gcónaí leis agus ní an Coimisinéir ná an tAire.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.