CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cúig bliana slánaithe ag TG4

Agus muid ag ceiliúradh sheoladh Theilifís na Gaeilge Oíche Shamhna cúig bliana ó shin, tá sé tábhachtach nach ndéanfaí dearmad ar an dream misniúil a throid ar feadh na mblianta le cinntiú go gcuirfí an maoiniú ar fáil leis an stáisiún a bhunú.

Íomhá
Íomhá
Hiúdaí, réalt de chuid TG4
Íomhá
Treasa Bhreathnach, láithreoir de chuid an stáisiúin
Íomhá
An Teachta Dála Mícheál D. Ó hUiginn

Rinneadh éagóir throm ar phobal na Gaeltachta agus ar lucht na Gaeilge thar na blianta nuair nár cuireadh ar fáil seirbhís chuí teilifíse dóibh mar a rinneadh don phobal Béarla.

moladh tuillte ag Conradh na Gaeilge as ucht a bheith sásta leanúint ar aghaidh ag ardú na ceiste ar feadh na mblianta agus gan mórán ag tabhairt airde ar a gcuid éileamh. Coinníodh an cheist beo ach ní raibh mórán daoine, go leor Gaeilgeoirí san áireamh, a shíl go dtiocfadh an lá (nó an oíche) riamh a mbeadh stáisiún teilifíse Gaeilge ag craoladh beo.

Tá an cúig bliana bainte amach ag TG4 anois agus is féidir, den chuid is mó, a gcuid cláracha a mholadh go hard. Tá dlúthcheangal déanta acu idir an Ghaeilge agus cúrsaí ceoil traidisiúnta agus cúrsaí spóirt. Tá seirbhís nuachta den scoth acu, cé gur mhaith an rud é dá mbeadh níos mó scéalta áitiúla ann ón Ghaeltacht.

Tá na láithreoirí proifisiúnta agus dathúil, an dá rud atá riachtanach sna meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann.

Tá ag éirí go han-mhaith le TG4 anois, a bhuíochas sin ar lucht bunaithe an stáisiúin, saineolas an chéad cheannasaí Cathal Goan agus an modh oibre straitéiseach atá ag a chomharba Pól Ó Gallchóir agus a fhoireann.

Agus an chéad chúig bliana á gceiliúradh, ní miste cuimhneamh ar na daoine a chaith blianta ag plé leis an Fheachtas Náisiúnta Teilifíse, iad ag obair ó dhubh go dubh go minic. Is iomaí cleas polaitiúil a imríodh sa tréimhse éilimh agus is iomaí pionta a óladh in Óstán Buswells agus baill an fheachtais ag iarraidh greim a fháil ar pholaiteoirí ó gach taobh den Dáil. Bhí Máire Geogheghan-Quinn agus an Tánáiste i gcomhrialtas Chathail Uí Eochaidh, John Wilson, go láidir ar a shon. Bhí feidhmeannaigh shinsearacha sa Roinn Airgeadais agus i Roinn na Gaeltachta níos cúramaí, ach bhí cairde ag an fheachtas sa dá áit sin fosta.

Bhí go leor naimhde agus cairde sna meáin chlóite chomh maith ach is dócha, ag deireadh an lae, gur chuidigh leithéidí Kevin Myers agus é ag maslú lucht na Gaeilge go rialta san Irish Times. Má bhíonn leithéidí Myers in aghaidh rud éigin, is minic a mheallann sin tacaíocht don éileamh áirithe sin.

Thug Aireacht Mhíchíl D. Uí Uiginn tosaíocht don cheist agus gan é siúd is beag seans go mbeadh an stáisiún ann go deo. Má bhíonn deoch agaibh le cúig bliana TG4 a cheiliúradh, ná déanaigí dearmad sláinte Chiaráin Uí Fhinneadha, Dhonncha Uí Éalaithe, Fheargail Mhic Amhlaoibh agus a gcairde uilig a ól. Gan amhras ar bith, ba iad siúd san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse a bhain an cath ar ár son!

Bhur Sláinte!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.