Chaith Mairéad Ní Nuadháin cúpla lá san Iordáin le déanaí agus thaitin sé go mór léi go raibh a laghad sin turasóirí sa tír.
“Fáilte go dtí an Iordáin! Fáilte go dtí an Iordáin,” an bhéic a bhí le cloisteáil ó gach éinne thart orainn. Fiú amháin na cailíní in éide Moslamach a bhí ag snámh in uisce domhain na Mara Rua, amach ó chathair Aqaba, bhí an gháir chéanna acu - “Welcome in Jordan!”
Is daoine lácha, gealgháireacha iad muintir na hIordáine agus níl mórán acu faoi láthair le bheith sona faoi. Tá an tóin tite ar fad as tionscal na turasóireachta le cúpla bliain anuas. Tá míthuiscint fhorleathan ann faoina bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear agus ceaptar gur mar a chéile gach tír ann. Cé gur beag a tharla ó thaobh na sceimhlitheoireachta de san Iordáin féin, mar gheall go bhfuil sé an-ghar d’Iosrael, seachnaíonn turasóirí é.
Is mór an feall é, ach ag an am céanna ciallaíonn sé gur am an-mhaith é seo chun cuairt a thabhairt ar an tír. Ní bhíonn aon sluaite ag na láithreáin is clúití ar domhan - Petra mar shampla - agus bíonn rátaí an-réasúnta le fáil sna hóstáin is fearr.
Is san Iordáin atá cuid de na láithreáin is suimiúla ó thaobh scéal an Bhíobla de. Murab ionann agus in Iosrael, níl siad forbartha chomh mór sin, agus is féidir leis an taistealaí sásamh níos fearr a bhaint astu dá bharr. Is féidir leat, mar shampla, seasamh ar bharr Shliabh Nebo (tugann bus beagnach go dtí an barr tú) agus, thíos fút, tá an Tír Tairngire díreach mar a taispeánadh do Mhaois í na mílte bliain ó shin. I bhfoisceacht leathuair an chloig taistil uaidh sin, tiocfaidh tú go dtí abhainn na hIordáine féin agus an áit ina mbíodh Eoin Baiste ag obair.
Is féidir dul go dtí bruach na habhann agus, toisc nach bhfuil aon fhorbart rómhór déanta ann fós, shamhlófá go héasca gurb é seo an áit inar bhaist sé Íosa Críost. Go deimhin, le fíorghairid tháinig seandálaithe ar iarsmaí seanteampaill, agus a leithéidí, gar don áit seo agus táthar beagnach cinnte gur ionad an-naofa a bhí ann dhá mhíle bliain ó shin.
I dtuaisceart na hIordáine freisin atá an chathair ársa Rómhánach Jerash, ceann de na láithreáin Rómhánacha is fearr a chonaic mé riamh. Is beag a chloistear faoi toisc go dtéann a laghad sin daoine ann. Ach, arís, is deas an rud é sciurd a thabhairt timpeall air gan na mílte turasóir a bheith ag cur isteach ort.
Bheadh trua agat do na leaidíní beaga a bhíonn ag saothrú pingneacha suaracha ag díol cártaí poist ar an láthair seo. Ní dhéanfaidh siad saibhreas go deo.
An Mhuir Mharbh
Ní tír an-mhór í an Iordáin agus is féidir go leor iontas a fheiceáil taobh istigh de cheithre lá. Cúpla uair an chloig ar an mbóthar ó dheas agus beidh tú ar chósta na Mara Mairbhe. Is le cúpla bliain anuas atá an Iordáin ag forbairt áiseanna do thurasóirí le cois na mara seo. Tá roinnt mhaith óstán deas tógtha anois agus gach áis iontu don turasóir.
An ceann ar fhanamarna ann, bhain sé le sraith óstán ón Eilvéis, Movenpick Hotels. Agus cé gur óstán cúig réalt atá ann, d’fhéadfá margadh maith a fháil ann anois. Tá linnte snámha ansin, linnte speisialta i gcomhair teiripe, trá phríobháideach in aice na farraige féin agus gach áis eile a bheadh uait chun saoire thaitneamhach chiúin a bheith agat, agus faoiseamh a fháil ón saol mór. Tá bia den scoth ann - d’fhéadfá maireachtáil ar feadh seachtaine ar an méid a fhaigheann tú don bhricfeasta féin!
Déanann an snámh sa bhfarraige an-mhaitheas don chorp agus deirtear go bhfuil mianraí agus maithis eile ann do ghalair chnis agus mar sin de. Níl dabht ar bith ach go mothaíonn tú thar barr ar fad tar éis seisiúin ann - ar ndóigh is beag snámh a dhéanfas tú toisc nach féidir ach luí siar agus iarracht a dhéanamh gan é a shlogadh!
Is dócha gurb í Petra féin seoid turasóireachta na hIordáine. Aon duine a chonaic Indiana Jones and the Last Crusade, aithneoidh siad an suíomh áirithe seo. Tugtar isteach de shiúl na gcos nó ar chapall tú, ach caithfidh tú an chuid is mó den achar go dtí an foirgneamh “The Treasury” a shiúl. Geallaim duit go mbainfidh sé radharc na súl uait. Tugtar isteach tú ag am áirithe, nuair a bhíonn an ghrian ag scalladh air, agus bíonn dath bándearg ar an gcloch.
Cuid d’áitreabh i bhfad níos mó é an foirgneamh seo agus is féidir lá nó cúpla lá a chaitheamh ag féachaint ar na hiontais chloiche ar fad. Bíonn asail agus camaill ar fáil agus thriail mé féin chaon cheann acu - bíonn tú níos gaire don talamh ar an asal, ach bíonn an camall in ann dul in áit ar bith agus tá sé thar a bheith compordach.
Chaitheamar an lá deireanach in Aqaba, calafort ar an Muir Rua. Bhí trá dheas shaorga ann ach bhí sé go hálainn, an fharraige an-ghlan agus seans agat báidíní beaga, agus gloine i dtóin an bháid, nó kayak, a fháil ar cíos chun turas gearr farraige a dhéanamh. Bíonn an-tóir ag tumadóirí ar an áit seo - is cosúil go bhfuil iontaisí le feiceáil go héasca i ndoimhneacht na farraige.
Más mian leat cuairt a thabhairt ar an Iordáin, is féidir le gníomhairí taistil saoire a shocrú duit féin go pearsanta - ní théann grúpaí ann as an tír seo. Is féidir seachtain a fháil san Éigipt, in Sharm El Sheik, mar shampla, agus seachtain san Iordáin. Nó is féidir leo saoire ar leith a shocrú duit san Iordáin féin - carr, tiománaí, treoraí mórthimpeall na láithreán, agus cuirfidh siad lóistín in áirithe freisin. Is féidir leo turas a eagrú duit freisin i jípeanna speisialta amach sa ngaineamhlach ina mbíodh Lawrence na hAráibe gníomhach, agus béile traidisúnta amuigh faoin aer san oíche mar chlabhsúr ar an lá.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi laethanta saoire san Iordáin ó: Gabrielle in Unique Destinations, Dún Laoghaire (01) 6638792.
Is as Bealach an Doirín, Contae Ros Comáin í Mairéad Ní Nuadháin. Tá sí ag obair in RTÉ mar Eagarthóir Coimisiúnaithe, Cláracha Gaeilge, Ilchultúrtha agus Oideachais. Is í a chuir tús leis an gclár mór-rachairte “Léargas” ar an stáisiún agus leis an gcéad chlár idirchultúrtha ar RTÉ, “Mono”.