CÚINNE NA nEALAÍON/AN DINNSEANCHAÍ
Cú na hAfraice
Mearbhall Ua Piacháin Mearbhall Ua Piacháin

Déanann an dinnseanchaí iomráiteach Mearbhall Ua Piacháin cur síos in altanna na sraithe seo ar áit-ainmneacha i gcéin is i gcóngar.

Íomhá
Íomhá

Mhair laoch agus ridire tráth in oirthear na hAfraice darbh ainm Gascar. An uair a bhí sé ag cleachtadh go laethúil le bheith ina laoch agus ina ridire, ní raibh a shárú sa cheantar. Ba chuma leis aon rud sa saol ach an troid, agus dea-nósanna agus compánachas a ghadhair bhig scigiúil. Ach bhí Gascar éirithe as an gcogaíocht le fada an lá agus ba chuma leis rud ar bith faoin tráth seo ach cairdeas agus dea-ghiúmar a mhaidrín mhíogaigh.

Cé nár thug Gascar aon ainm dá chúín neamhfhíochmhar dílis, bhí ardmheas acu beirt ar a chéile. Dheineadh an gadhairín dúr miongharanna dá mháistir an lá ar fad, idir léamair fhadruballacha, ghlice an dúthaigh a ruaigeadh uair go mbeadh a gcinn sa bhruscar bídh, agus phéint a chur ar an sciobóilín cluthar a roinneadar beirt cois Zambezi uair sa bhliain, nuair a thagadh an bláth den chéad uair ar chrainn lasracha an savannah.

Bhí go maith is ní raibh go hincredibly holc nó gur tháinig scéala lá go raibh fathach cosanta oirthear na hAfraice, Bod, tar éis titim as a sheasamh toisc an stró ar fad a bhíodh air. Agus Bod sínte ar chlár a dhroma, thuig an chosmhuintir go raibh géarchéim chosanta ann.

Chas na sinsir i dtreo Ghascair agus dúirt “Tusa”. Thuig Gascar go neamhstainceach, umhal gurb é ab oiriúnaí don phost, agus ghlac sé go neamhdheifreach, sciobtha, drogallach, mear leis an gcinneadh a dhein na sinsir chríonna. Ba bhastairdí iad, ach ba shinsir iad, leis, agus tagann sinsearacht roimh an uile ní.

Agus a mhada ag a shála, chinn Gascar ar an gceantar a chosaint ar ruathair agus chreach bhithiúnaigh na hEorpa agus eile a thiocfadh an treo.

Thuig an chosmhuintir go maith nach fada go mbeadh seansálaithe, amhais anaithnide agus murdaróirí modarthacha an treo ar thóir seod, óir agus vótaí. Bheadh sé deacair ag Gascar an fód a sheasamh agus dreamanna den chineál sin ag déanamh air.

Tháinig an lá agus tháinig an namhaid. B’ollmhór, draoibeach, bréan a bhí sé, mar namhaid, agus seanléine air nár níodh leis na blianta, mar aon le gruaig chasta, rópach, neamhfhaiseanta. An Broím Soghluaiste a bhí mar ainm aige. Ba nimhneamh agus ba díobhálach iad na briathra as a bhéal scaoilte dorcha agus ba throm, glioscarnach, ceannmhillteach a bhí an claíomh fada géar a bhí á chaitheamh aige ó lámh go lámh.

De léim leamh, lúfar thug gadhar Ghascair fén bhfathach tútach, onóir agus beatha a mháistir á gcosaint aige. Ní raibh sa mhada céanna ach dhá chloch meáchain agus, ar bhuille boise, seoladh mionchú Ghascair amach, amach, chomh fada leis an gcósta, agus isteach in uiscí teolaí an Aigéin Indiaigh, áit ar deineadh cloch láithreach den neach beag míchúramach.

B’in an seans do Ghascar féin agus thapaigh sé an deis críoch a chur le clampar an fhathaigh shalaigh; sháigh sé a chlaíomh go feirc ina cheann agus thit an Broím Soghluaiste marbh go doicheallach.

Agus is é sin an fáth gur bhaist muintir na háite Mada Ghascair ar an oileán cloiche úd a d’fhás san áit ar thit peata an laoich chróga chéanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.