CÚINNE NA nEALAÍON
Cruthaitheacht an Bholcáin
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar dhearcadh lucht ealaíne ar cheann d’eachtraí móra suntasacha an domhain, an bolcán, agus a thionchar ar shamhlaíocht an duine.

Íomhá
Veasúiv ó Phortico le Joe Wright
Íomhá
Ifreann láir

Níor samlaíodh riamh go dtiocfadh le réabadh aníos as bolcáin cosúil le Eyjafjallajökull san Íoslann cur isteach a oiread ar ghnáthshaol daoine ar fud an domhain is a rinneadh. “Is mór an ní an neart” arsa an dreolán, nuair a tharraing sé an chuiteog as an sioc! Ar a nós sin atá muid féin. Is iontach sinn go dtarlóidh bolcán. Cuireann bolcán i gcuimhne dúinn a leochaillí is atá muid i rith an ama ar ár bpláinéad agus an méid nach bhfuil faoi smacht againn sa saol.

Bhí diamhracht agus iontas i gcónaí ag baint le pléascadh bolcáin in ainneoin an scrios agus an dochar a thiocfadh leis a dhéanamh. Is iomaí scríbhneoir agus ealaíontóir a tháinig faoi dhraíocht chumhacht bolcáin agus a fuair spreagadh óna bhrúchtadh lasánta le saothar dramatúil a chruthú.

Tagann an léiriú bolcáin is luaithe atá ar eolas againn as Anatolia láir - Tuirc ár linne féin. Rinneadh 9,000 bliain ó shin é ar bhalla i seanchathair ársa in aice leis an bholcán Hasan Dagi, atá anois ina chodladh le cúpla míle bliain. Tháinig seandálaí a bhí ag tochailt sa cheantar ar an phictiúr den sliabh ag pléascadh agus creidtear gurb é seo ceann de na chéad samplaí de thírdhreach a rinneadh riamh.

Is cinnte gurb é an Sliabh Veasúiv, i ndeisceart na hIodáile, an bolcán is clúití san Eoraip. Ní haon iontas, mar sin, go bhfuil níos mó saothair ealaíne bunaithe ar Veasúiv ná ar bholcán ar bith eile. Taispeántar an Veasúiv ina shliabh caoin torthúil i múríomhá a aimsíodh i bPompeii, an baile a raibh i ndán dó a bheith báite ag an sliabh chéanna in AD 79. Léirítear an bolcán coirceogach clúdaithe le crainn agus feictear Bacchus, Dia an Fhíona, ag deimhniú ardchaighdeán na bhfíonchaora ag fás ar thalamh méith an tsléibhe. Tá cuma shéimh ar an léiríú ársa seo – i bhfad níos síochánta ná Veasúiv an lae inniu!

Samhlaíodh sa chéad aois roimh Chríost gur bealach isteach go hIfreann a bhí i mbéal bolcáin agus scríobh an file Rómhánach Virgil san Aeneid, go bhfuil an tslí isteach seo suite i bPáirceanna Phlegrea, an ceantar bolcánach in aice le Napoli.

A bhFuil i nDante Dúinn

Rinne file Iodálach eile, Dante Alighieri forbairt ar an mheafar seo ina dhán Inferno, a scríobhadh 1,300 bliain níos moille, inar shamhlaigh sé go raibh naoi leibhéal diachra ag baint le hifrinn, gach ceann níos measa ná a chéile.

Bhí Napolí agus Veasúiv mar chuid den turas mór san 18ú aois, nuair a d’fhill ealaíontóirí chun na hIodáile le foghlaim faoin saol clasaiceach. Bhí briseadh amach bolcáin ina ábhar mór iontais agus uafáis don turasóir san 18ú aois agus chuaigh ealaíontóirí mar an Sasanach, Joseph Wright, ann leis an radharc osréalaíoch seo a cheapadh agus a chur i láthair an phobail. Ina shaothar ‘Vesuvius ó Portici’ (1794) chruthaígh sé íomhá uafásach apacailipteach ag taispeáint an bholcáin ag scaoileadh a rachta le titim na hóiche.

Ag teacht níos cóngaraí dár n-am féin, thuig an t-ealaíontóir POP Andy Warhol gur íomhá íocónach a bhí i Sliabh Veasúiv agus rinne sé féin sraith bunaithe ar an bholcán chlúiteach seo.

Tá an urraim chéanna le brath sa tSeapáin do Shliabh Fuji agus déantar cur síos air go minic in ealaín an Oirthir. Is dócha gurb é an tsraith priontaí adhmaid a rinne an t-ealaíontóir Hokusaí, 36 Radharc de Shliabh Fuji, an saothar is mó aitheantas agus clú.

Níl an tionchar a bhí ag bolcáin ar scribhneoirí chomh sofheicthe is a bhí sé ar ealaíontóirí, ach is cinnte go ndeachaigh na brúchtanna lasracha i bhfeidhm go mór orthu mar sin féin. Cuir i gcás an scríbhneoir Mary Shelley, a chaith an samhradh in 1816 san Eilvéis lena fear céile, an file Percy Bysshe Shelley agus an file clúiteach An Tiarna Byron. Bhí an aimsir fliuch agus fuar mar gheall ar bhriseadh amach ollmhór an bholcáin Tambora san Indinéis an bhliain roimhe sin. Chuaigh an briseadh amach seo i bhfeidhm go mór ar aimsir an domhain agus d’fhág sé na cuairteoirí gafa ar feadh tamaill fhada san áit a raibh siad. Mhol An Tiarna Byron comórtas le scéal taibhse a chumadh leis an am a chur isteach agus is faoi thionchar Tambora a chum Mary Shelley scéal Frankenstein.

Cé aige a bhfuil a fhios nach bhfuil Frankenstein eile chugainn i ndiaidh Eyjafjallajökull.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.