Tá binse fiosraithe san Astráil i ndiaidh a léiriú go raibh a fhios ag feidhmeannaigh de chuid AWB go raibh a gcomhlacht ag cur airgid i bpócaí Saddam Hussein, rud a shéan siad ar dtús. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.
Ní rómhinic a bhíonn cruithneacht i mbéal an phobail ach is mar sin atá faoi láthair. Thosaigh an scéal le scéim ola le haghaidh bia na Náisiún Aontaithe nuair a ceadaíodh don Iaráic ola a dhíol agus bia agus cógais a cheannach leis an airgead a chuirfí ar fáil, in ainneoin na smachtbhannaí a bhí i bhfeidhm in aghaidh na hIaráice. Bhí an scéim sin ar siúl idir 1996 agus 2003.
I 2004 tosaíodh fiosrúchán faoin scéim faoi cheannas Paul Volcker, iarchathaoirleach Bhanc Ceannais na Stát Aontaithe. Foilsíodh an tuarascáil mí Dheireadh Fómhair seo caite agus dúradh go raibh roinnt comhlachtaí a díoc breabanna le réimeas Saddam Hussein san Iaráic le go bhféadfaidís a bheith páirteach sa scéim sin. I measc na gcomhlachtaí a luadh bhí Daimler Chrysler, Siemens agus an comhlacht Astrálach AWB.
Cé gur dúradh sa tuarascáil sin gur cosúil nach raibh a fhios ag AWB go raibh breabanna á n-íoc acu, bunaíodh binse fiosraithe anseo, agus an t-iarbhreitheamh Terence Cole ina chathaoirleach air, leis an scéal a chíoradh. Is comhlacht poiblí é AWB ach ba leis an rialtas é tráth nuair a bhí an t-ainm Australian Wheat Board air. Tá monaplacht aige ar onnmhairiú cruithneachta as an Astráil, gnó gur fiú $4 bhilliún ( 2.5 billiún) in aghaidh na bliana é.
Tá an binse ar siúl le breis is mí anois agus cé go ndearna cuid dfheidhmeannaigh AWB iarracht a rá nach raibh a fhios acu céard a bhí ar siúl, is léir go raibh a fhios ag cuid mhaith daoine sa gcomhlacht go díreach céard a bhí ag tarlú. Bhí formhór an airgid á íoc mar tháillí iompair leis an gcomhlacht Alia san Iordáin. Ach ní raibh aon chruithneacht as an Astráil á hiompar ag Alia. Bhí an t-airgead ag dul díreach go dtí réimeas na hIaráice. Ar an gcaoi sin agus thrí seifteanna eile mar é, ceaptar go bhfuair réimeas Saddam breis is $2 bhilliún san iomlán, nuair a bhí an t-airgead ar fad in ainm is a bheith ag dul chun leasa an phobail san Iaráic.
Tá toradh ar an mbinse cheana féin. Tá sé ráite ag rialtas na hIaráice nach mbeidh aon bhaint acu le AWB go dtí go mbeidh deireadh le binse Cole. De bharr na monaplachta atá acu, fágann sin nach mbeidh aon chruithneacht as an Astráil á cheannach ag an Iaráic go ceann tamaill ar aon nós.
Ag cruinniú bliantúil AWB seachtain ó shin, rinneadh iarracht seisear de stiúrthóirí an chomhlachta a dhíbirt ach theip ar an iarracht sin. Tá cuid mhaith de na scairshealbhóirí míshásta faoi na breabanna a íocadh ($300 milliún) agus mar go bhfuil luach na scaireanna tite 30% ó thosaigh an binse. Tá scairshealbhóirí eile nach bhfuil chomh míshásta sin. Deir siadsan más mar sin a dhéantar gnó sa Meánoirthear nach raibh an comhlacht ach ag déanamh a gcuid oibre. Maidir leis na feilméaraí a bhfuil cruithneacht á táirgeadh acu, ní ceisteanna moráltachta atá ag cur as dóibh faoi na breabanna ach an baol atá anois ann nach mbeidh margadh le fáil dá gcuid cruithneachta.
Maidir leis an rialtas, tá siadsan ag rá nach raibh a fhios acu go dtí le gairid go raibh breabanna i gceist agus níor cuireadh fianaise os comhair an bhinse a thaispeáin go dearfach go raibh, ach tá go leor daoine nach gcreideann iad. Tá an freasúra ag iarraidh a rá go raibh a fhios acu go háithrid ag an Aire Trádála Mark Vaile nó ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Alexander Downer. Níor éirigh leis an bhfreasúra go dtí seo ach beidh tuilleadh le cloisteáil faoi seo ag an mbinse.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.