Tá comhairle ag Balor dóibh siúd go léir ar mian leo dea-rúin a scríobh ach nach bhfuil fonn orthu cloí leo.
Ba í an oíche roimh Nollaig is ní raibh fuaim le clos. Bhí deireadh le fuaidreamh, le fuirseadh, le fuss. Ach bhí Balor míshocair ina luí ina phluais; Bhí rún ag cur as dó le gráin agus guais. Bhí scéala mór aige nár chuala riamh neach Ach ní bheidh suaimhneas riamh aige go dtig sé amach. Ar nós Labhraí a labhair leis an chrann sin fadó Chinn Balor ar chogar a chur i gcluais Beo!
Tá Balor bocht faoi gheasa droma draíochta gan an scéal seo a repeatáil le duine ar bith beo. Mar sin, níl sé sásta é a insint ach an t-aon uair seo amháin. Ní bheidh sé á repeatáil. Cuimhnigí gur ar Beo Ar Éigean a chuala sibh ar dtús é.
Bhí Banríon Shasana ar cuairt rúnda ar Bhanríon na hÉireann in Áras an Uascáin. Bhí an bheirt acu ina suí go teolaí sa chistin ag caitheamh siar G agus Ts agus ag ithe *Suggestive Biscuits *nuair a thosaigh Lizzie ag olagón:
“A Mhary,” ar sise, “tá mé trí chéile. Tá mé go mór in éad leatsa agus tú i do cheann stáit ar thír atá rathúil. Tá geilleagar s’agaibhse ag éirí níos láidre in aghaidh an lae. Níl dífhostaíocht ar bith agaibh. Tá an Tíogar Ceilteach sin ar a bhealach ar ais le cónaí a dhéanamh in Éirinn arís. Tá meas ar Éireannaigh ar fud na cruinne. Tá gach aon duine ar domhan ag iarraidh bheith ina Paddy. Tá bhur gcultúr ársa beo beathach, idir cheol agus litríocht, spórt agus rince. Níl oiread cultúir againne is a gheofá ag fás ar shean-yoghurt. Tá mise i mo cheann stáit ar thír atá ina chac agus ní maith le duine ar bith muid. Cad é mar a dhéanann sibh é? Cad é an rún atá agaibh? Ar mhiste leat é a roinnt liom?
“Bhail,” arsa Mary, agus í ag iarraidh scéal éigin a chumadh nach n-aithneodh Lizzie an bhréag mhór ann. “Bhail,” ar sise, agus í ag cur fios ar bhuidéal eile Cork Dry, “cuidíonn sé go mór má tá polaiteoirí agat atá réasúnta éirimiúil.”
“Ní thuigim,” arsa an Bhanríon.
“Bhí mé ag déanamh nach dtuigfeá,” arsa Mary. “Ach bhéarfaidh mé taispeántas duit.” Agus chuir sí fios ar an Taoiseach.
“A Thaoisigh na hÉireann,” ar sí nuair an tháinig sé i láthair. “Ceist agam ort: bhí leanbh ag d’athair is ag do mháthair, ach ní deartháir leat é nó ní deirfiúr leat í. Cé atá ann?”
“Sin ceist mhaith, a Bhanríon na hÉireann,” arsa Bertie, “ach tá a fhios agam an freagra: mé féin atá ann.”
“Maith thú, a Thaoisigh. Imigh leat anois ar ais go dtí Fagan’s,” arsa Banríon na hÉireann. Agus d’imigh sé leis. Bhí iontas ar Bhanríon Shasana.
“Tuigim anois,” ar sise. “Caithfidh mé triail a bhaint as an cheist sin amárach le mo Phríomh-Aire.”
Lá arna mhárach bhí sí ar ais i dTeach *Bucks Fizz *agus chuir sí fios ar Toe Knee an Príomh-Aire.
“A Toe Knee,” ar sise, “ceist an-tábhachtach agam ort. Ní miste duit an freagra a fháil i gceart má tá tú ag iarraidh do phost a choinneáil. Bhí leanbh ag d’athair is ag do mháthair, ach ní deartháir leat é nó ní deirfiúr leat í. Cé atá ann?”
“Sin ceist chrua, a Bhanríon,” arsa Toe Knee. “Beidh orm mo mhachnamh a dhéanamh air. An bhfuil cead agam teacht ar ais chugat amárach?”
“Tá,” ar sise, agus díomá uirthi, agus d’imigh seisean leis ar ais chuig Uimhir a Deich. Chaith sé an lá agus an oíche sin ag iarraidh teacht ar an fhreagra ach ní raibh aon mhaith leis. Lá arna mhárach bhí sé ag hooveráil a sheomra codlata nuair a shiúil a Thánaiste, John Pressed Coat, isteach agus canna *Mister Sheen *ina lámh aige le cuidiú leis.
“Tá cuma bhuartha ort, a Toe Knee,” ar seisean, agus é ag snasadh leis thall is abhus. “An dtig liom teacht i gcabhair ort?”
“Ní haon ionadh é go bhfuil cuma bhuartha orm,” arsa Toe Knee, “nuair nár chodail mé néal an oíche ar fad. Ach b’fhéidir go dtiocfadh leat cuidiú liom. Bhí leanbh ag d’athair is ag do mháthair, ach ní deartháir leat é nó ní deirfiúr leat í. Cé atá ann?”
“Sin ceann furasta,” arsa Pressed Coat. “Mé féin atá i gceist, dar ndóigh!”
“Bhail, Dia go deo leat, a chomrádaí,” arsa Toe Knee, agus as go brách leis síos ráille an staighre ar a thóin, amach an doras agus isteach sa mhótar mór a bhí pairceáilte ag an doras. “Go Teach Bucks Fizz gan mhoill,” ar sé leis an tiománaí.
As go brách leo fríd phlódú tráchta na maidine. Níor luaithe iad stoptha ag doras mór na Banríona nuair a léim Toe Knee amach. Dúradh le Lizzie go raibh sé ar a bhealach le faisnéis mhórchúiseach stáit agus bhí sí ag fanacht leis sa chistin, í leath bealaigh fríd bhabhla mór Coco Pops.
“An bhfuil an freagra agat?” ar sise nuair a tháinig sé i láthair.
“Tá a Bhanríon,” ar seisean, agus gealgháire ar a ghnúis.
“Bhí leanbh ag d’athair is ag do mháthair, ach ní deartháir leat é nó ní deirfiúr leat í. Cé atá ann?” ar sí.
“Tá sé furasta mar cheist,” ar seisean. “Tháinig an freagra chugam go gasta a luaithe agus a thosaigh mé ag smaoineamh air: is é John Pressed Coat an freagra.”
“Bhail, a liúdramáin chruthanta,” arsa Banríon Shasana leis. “Nach bhfuil meabhair ar bith agat? Tá mé chun tú a chaitheamh amach as do phost.”
“Bhail, a Bhanríon,” ar seisean. “Ar mhiste leat an freagra ceart a thabhairt dom sula gcuireann tú mé i scuaine an dóil?”
“Ní miste,” ar sise. “Is é an freagra ceart ná Bertie Ahern! Imigh leat.”
Tá sé fíor, a léitheoirí. Creidigí ó Bhalor é. Céad scúp na bliana 2005 do Beo Ar Éigean! Agus a leithéid de scúp! An bhfuil iontas ar bith nach raibh Balor in ann codladh agus rún mar sin ag suaitheadh thart ina chloigeann. Ach ná déanaigí dearmad go dtagann rabhadh leis mar scéal. Ná *repeatáiligí é *le duine ar bith!
Bliain úr mhaith daoibh uilig. Slán tamall.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)