CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Craobh Naithí – tríocha bliain ag fás
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Bhí ceardlanna ceoil agus ceolchoirm mhór ar siúl i mBaile an tSaoir le déanaí, a d’eagraigh Craobh Naithí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí cúis mhaith acu a bheith ag ceiliúradh mar go bhfuil tríocha bliain caite acu ag seinm ceoil sa cheantar seo i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Tomás Mac Uileagóid faoi stair agus chúlra na craoibhe agus faoin dul chun cinn atá déanta acu ón am a bunaíodh í.

Íomhá
Íomhá
Cuid den dream a bhí i láthair ag dinnéar bliantúil agus céilí Chraobh Naithí i mbliana
Íomhá
Ag seinm ceoil le linn turais de chuid Chraobh Naithí go hInis Oírr in 2004
Íomhá
Páistí de chuid Chraobh Naithí ag seinm ceoil i gCaisleán an Bharraigh i mbliana

Antaine Ó Faracháin: A Thomáis, cathain go díreach a bunaíodh Craobh Naithí agus cé a bhunaigh í?Tomás Mac Uileagóid: Sílim gur duine darbh ainm Margaret Rose Fleming a bhunaigh an chraobh tríocha bliain ó shin. Bhí an chéad chruinniú ann ar 19 Aibreán 1976. Tá miontuairiscí an chruinnithe sin againn agus, spéisiúil go leor, is i nGaeilge a scríobhadh iad.AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí. Ní raibh mise thart timpeall an cheantair seo tríocha bliain ó shin, mar sin níl aithne phearsanta agam ar gach duine a bhí ann ag an am. Tá a fhios agam go raibh Mícheál Ó Gríofa mar rúnaí ar an gcraobh an chéad lá riamh. Tá Mícheál ina phríomhoide ar Scoil Mhuire Cois Bóthar i gCill Thiarnáin le fada an lá. Ciarraíoch go smior agus Gaeilgeoir den scoth é. Dár ndóigh, tá Eddie McCaffrey ann, a chaith seal fada sa ghort linn i gcónaí, a choinnigh rudaí ag imeacht nuair nach raibh sé éasca – i mblianta an ghorta, abraimis.AÓF: An i mBaile an tSaoir a bunaíodh í an chéad lá, nó cén áit?TÓU: Thosaigh an chraobh i mBaile an Teampaill ar dtús, ach bhog muid go Scoil Naithí i mBaile an tSaoir agus ansin go dtí Pobalscoil Bhaile an tSaoir. Bhí muid ansin go dtí i mbliana, nuair a d’aistrigh muid go Pobalscoil Cholmcille i gCnoc Liamhna. Is i ngeall ar easpa spáis a bhog muid chuile uair, mar bhí méadú ag teacht i gcónaí ar an líon daoine a bhí sa chraobh.

AÓF: Cá mbíodh na seisiúin ar siúl sna blianta tosaigh? Agus cá mbíonn siad ar siúl na laethanta seo agaibh?TÓU: Bhíodh seisiún ar siúl sa Bottle Tower i mBaile an Teampaill sna blianta tosaigh. Faoi láthair tá muid ag cuartú áite le haghaidh seisiún. Bhíodh sé i Rosie O’Grady’s i gCros Arailt tráth agus roimhe sin sa Willows i nDún Droma.AÓF: Ainmnigh cuid de na ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí a bhí mar bhaill den chraobh thar na blianta.TÓU: Sílim nach féidir Craobh Naithí a lua gan Michael Tubridy a lua freisin. Bhí Michael mar chrann taca na craoibhe i gcónaí. B’fhoinse den scoth é ó thaobh an cheoil de agus ba é a chuir le chéile an dá leabhair ceoil atá foilsithe ag Craobh Naithí, i dteannta le Méabh Ní Lochlainn. Bhí daoine aitheanta eile ann freisin ar ndóigh, an fidléir Máirtín Byrnes agus an damhsóir seiteanna Connie Ryan, mar shampla.AÓF: Cé mhéad ball atá anois ann, idir dhaoine óga agus dhaoine fásta?TÓU: Déarfainn go bhfuil muid ag druidim le 300 nó b’fhéidir níos mó anois. Tá thart ar 430 áit tógtha sna ranganna ceoil ar aon chaoi.AÓF: Cén fáth, meas tú, an bhfuil fás chomh mór sin tar éis teacht ar bhallraíocht na craoibhe thar na blianta? An mbaineann na ranganna ceoil a eagraíonn sibh leis seo, meas tú?

TÓU: Tá baint nach beag leis an gcaoi a mbíonn na ranganna eagraithe leis an méadú seo, ceapaim. Bhí sé de nós againn múinteoirí den scoth a fháil isteach a d’ardaigh an caighdeán ón tús, daoine mar Michael Tubridy, Mary Corcoran, John Regan. Chomh maith leis sin, tá daonra an-mhór timpeall an cheantair seo agus tá an-éileamh ar an gceol anseo. Anuas air sin, tá an ceantar seo báúil leis an nGaeilge agus le rudaí Gaelacha le fada an lá. Is gaelscoil í Scoil Naithí atá lonnaithe i mBaile an tSaoir agus tháinig cuid mhaith ceoltóirí ón stábla sin, mar shampla, muintir Chambers: Cormac, Feargal, Róisín agus Oisín. Tá clú is cáil bainte amach ag cuid de na daoine a tháinig trí Chraobh Naithí, ceoltóirí mar Sarah-Jane Woods agus Caoimhín Ó Raghallaigh. Chomh maith leis sin, bhí muintir Mhic Mhathúna, Séamus agus Úna agus a gclann, páirteach linn mar is sa cheantar seo atá cónaí orthu agus chuir siadsan go mór leis an gcraobh, leis an amhránaíocht go háirithe.

AÓF: Inis dom faoi na ranganna.TÓU: Bíonn siad ar siúl chuile Dhéardaoin i gCnoc Liamhna. Bíonn togha agus rogha na múinteoirí ann: Sarah-Jane Woods, Séamus Mac Mathúna, Janine Redmond, James Mahon, Emma Woods, Mick Glynn, Philip Denmead agus go leor eile.AÓF: Cé nach leagaim féin an iomarca béime ar chomórtais, tá ag éirí go maith libh iontu le tamall anuas, nach bhfuil? Inis dom beagán faoin taobh sin de.TÓU: Is dóigh go bhfuil ag éirí go maith linn ansin, cé nach gcuireann muidne an iomarca béime orthu ach oiread. Tá cúpla teideal buaite ag Janine Redmond ar an mbosca, ag Eoghan Ó Ceannabháin ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin, ag Niamh Denmead ar an gcruit, ag Sarah Jane í féin, gan trácht ar go leor duaiseanna don cheol beirte agus don cheol triúir agus a leithéid.AÓF: Inis dom beagán faoin gceolchoirm a bhí agaibh le déanaí. Cé hiad na ceoltóirí agus na hamhránaithe a bhí páirteach inti?TÓU: Bhí ceolchoirm den scoth ann. Bhí Páidí Ó Conchúir, Aoife Ní Chaoimh, Mícheál Ó Ruanaigh, June Nic Chormaic, Jack Talty, Mikie Smith, John Wynne, Lorcán Mac Mathúna, Macdara, Féilim agus Mícheál Ó Raghallaigh, Danny O’Mahony, Micheal Tubridy, Sarah Jane Woods, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Mícheál Ó Briain ar an stáitse an oíche sin. Agus ceoltóirí mar sin i láthair, ní fhéadfadh sé tarlú nach seinnfí ceol den scoth don lucht éisteachta mór a bhí i láthair. Agus seinneadh!

AÓF: An ndearna sibh an cheolchoirm a thaifeadadh? An bhfuil sé i gceist agaibh sin a eisiúint ar dlúthdhiosca amach anseo?TÓU: Rinneamar taifeadadh ceart go leor ach níl aon chinneadh déanta faoi é a eisiúint go poiblí.AÓF: Tríocha bliain ag fás. Is achar fada ama é agus go leor bainte amach agaibh sa tréimhse sin. Céard ba mhaith libh a bhaint amach anois sna blianta atá romhainn?TÓU: Leanúint leis an obair agus níos mó ionad a aimsiú inar féidir le daoine ceol a chasadh.AÓF: Tréaslaím libh bhur n-obair agus creidim gur féidir libh a bheith bródúil as a bhfuil bainte amach agaibh go dtí seo. Tá moladh mór tuillte agaibh agus guím gach rath oraibh sa todhchaí.Tuilleadh eolais: www.craobhnaithi.comIs amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.