Scríobh Risteard Ó Glaisne, nach maireann, alt iontach spéisiúil blianta fada ó shin ar ábhar a fhéiniúlachta féin. Ba dhuine de mhionlach de mhionlach de mhionlach srl. mar sin tharla gur Phoblachtánach é ina leagan amach polaitíochta, gur Ghael é ina theanga agus nuair a d’áirigh sé a chreideamh, cúlra staire a mhuintire, taobh tíre a thógála srl., bhraith sé nach raibh mórán eile cosúil leis ar an fhód. Cruthaíonn gach éinne a íomhá féin de féin. Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine agus imríonn eachtraí beaga pearsanta teaghlaigh, scoile agus gaolta go léir a dtionchair ar fhéiniúlacht an duine.
Móramh Palaistíneach na linne seo, maítear, de chogar leochaileach, ina leith gur iar-Iúdaithe agus iar-Chríostaithe iad agus gur iarsma dá mbealach ón Iúdachas is ea Clann Nasrani - Críostaithe na Palaistíne.
D’fhan na Sean-Ghaill lena seanchreideamh, ní a dhealaigh iad de réir a chéile le lucht cinsil nua na tíre, na Nua-Ghaill agus óna dtailte féin dá réir. Ní leideadh iontaofa creidimh an duine ar chúlra an duine ná ar dhearcadh an duine, bíodh gur samhlaíodh creidimh éagsúla le héagsúlacht féiniúlachta, ó thuaidh agus ó dheas, ó leagadh síos teorainn an dá stát. Ní gá ach féachaint ar shloinnte lastuaidh den teorainn le mearbhall a chur ort féin i dtaca le sloinnte agus creideamh daoine. Sloinnte de bhunús Gaeilge is ea go leor acu, ach nach féidir a rá go cinnte ar de bhunús na hÉireann nó na hAlban iad, mar go mbíonn an dá bhunús ceart cuid mhaith den am. Scríobh Robert Bell faoin cheist:
‘The result is that very many people in Ulster with English names who assume that they are of English descent may not be. ... A very great deal remains to be done to understand more fully the history of surnames in Ulster particularly at a local level. ... Even less work has been done on the history of post-Plantation names, though the work of such people as Dr Brian Toner has uncovered much in specified areas that was previously forgotten.’
Is Casta an Scéal
An duine bocht a rachaidh ag lorg smearadh eolais féin ar na sloinnte, beidh sé ag ransú na n-údar ó Litreacha Suirbhéireachta Uí Dhonnabháin, trí thaighde Matheson anuas tríd an Athair de Bhulbh, Mac Lysaght, Robert Bell agus Seán de Bhulbh, ag iarraidh adhmad a bhaint astu. D’eascair Donaldson (& Donnellson srl.) as Dòmhnullaigh na hAlban agus as Ó Donnghaile abhus thart ar Articlave, Cúil Raithin. D’eascair Faulker as bunúis éagsúla, Fauconnier, Ó Fachtna agus Ó Fáilbhe (ó dheas). Is liosta le háireamh na leagain éagsúla. Mar blaiseadh beag díobh, gheofar Hutchinson – McCutcheon agus McQuiston agus Kitchen/Kitson, Wright – MacAteer agus Freeman agus Tyrie, Molyneux – Baldwin agus Mulligan, Bryson – Breslin agus Morrison ar Shasanaigh/Normannaigh nó Gaeil iad.
Mhaígh Mac Lysaght i réamhrá ceann dá chuid leabhar (SI) nach hionann ‘English and Scottish names’ ár linne féin in Aontroim agus an Dún agus ‘those planted; this condition is due rather to modern commericial infiltration.’ Is iomaí sloinne ó thuaidh a bhfuil sliocht as leis an dá mhórchreideamh ar nós mhuintir Scullion. B’fhiú taighde féiniúlachta a dhéanamh ar an ábhar. Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart ó thaobh go taobh, mar feictear sloinnte Shasana agus na hAlban ar thaobh na bPoblachtach agus is dreamanna Náisiúnacha anois iad agus bíonn daoine ar thaobh na nDílseach a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte. An bhfuil bunús eile ag Dílseoirí thar Aontachtóirí nárbh bhain le ceist an aicmeachais amháin? Ba chóir taighde trasphobail a dhéanamh am éicint le teacht gar do fhírinne an scéil. Dhéanfadh sé leas dá gcuirfimis aithne cheart ar ár sinsear agus ar a chéile.
In iarthar Chorcaí, gheobhaidh tú muintir Brien, muintir Driscoll, muintir Kelly, Mara, Deane, Doherty (Ó Dubhartaigh / Doorty ó cheart is dócha), Donovan agus muintir Neill de chreidimh éagsúla Protastúnacha, gan trácht ar fhear an Choirn féin, Sam Maguire. Níor de lucht an tsaibhris é an fear céanna, Sam Maguire.
B’fhéidir gurb í an teanga a labhraíonn an duine an tsainghné is fearr agus is iontaofa le féiniúlacht an duine sin a dheimhniú i ndeireadh báire, thar aicme, thar féiníomhá a náisiúntachta nó eile. Thairis sin, is í an tsainghné chéanna sin is féidir a mhaíomh siar i sinsear mhórchuid de mhuintir na hÉireann breis is dhá mhíle bliain agus míle go leith bliain in Albain. Cad é tá mé a mhaíomh mar sin, tharla gur Béarla a labhraíonn formhór mór na nÉireannach faoi láthair, ó cheann ceann an oileáin? Fúthu féin an cinneadh sin dar liom. Oibríodh siad féin amach é.