Léirigh bás tragóideach Holly Wells agus Jessica Chapman i Soham Shasana chomh tábhachtach is atá sé cúlra daoine a bhíonn ag obair le páistí a sheiceáil. Mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, áfach, níl córas sásúil monatóireachtai gceist sa tír seo agus ní bheidh sé furasta a leithéid a chur i bhfeidhm.
Creid é nó ná creid, níor deineadh seiceáil riamh ar chúlra fhormhór na ndaoine a fhágann muid ár bpáistí faoina gcúram sa stát seo. Tá an Rialtas ag brath an scéal seo a athrú níos déanaí i mbliana. Ach níl bóthar éasca rompu. Cheana féin, tá Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí tar éis imní a léiriú maidir le seasamh Chumann Múinteoirí Éireann, atá i gcoinne aon seiceáil a dhéanamh ar aon mhúinteoir atá ag teagasc faoi láthair.
Nuair a bheidh dearmad déanta ar chomh holc is a bhí an aimsir an samhradh seo, beidh fós cuimhne ar Jessica agus Holly agus ar an tragóid a bhain don bheirt chailíní bhochta. Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d’imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo. Ach is é an fhírinne gur a bhuí le Dia, thar aon ní eile, Éire bheith slán óna leithéid.
Aon duine a chonaic an t-agallamh le Maxine Carr ar Sky News nuair a thaispeáin sí litir a scríobh duine de na cailíní chuici, ba dheacair a chreidiúint gur seo an duine céanna a bheadh á ceistiú ag na póilíní cúpla lá ina dhiaidh sin maidir le marú na gcailíní. Léiriú suntasach é seo ar conas nach féidir a thomhas trí bhreathnú agus éisteacht le duine, cé acu an bhfuil sé oiriúnach le bheith i bhfeighil páistí nó nach bhfuil. Ach i gcás fhormhór na ndaoine in Éirinn a bhíonn i dteagmháil le páistí trína gcuid oibre, níor deineadh riamh aon seiceáil ar an gcúlra atá acu.
Is é an Central Vetting Unit (CVU), atá lonnaithe i gceanncheathrú na nGardaí i bPáirc an Fhionnuisce, atá freagrach as eolas maidir le cúlra daoine a chur ar fáil. I bhformhór na gcásanna, cuireann an tAcht Um Shaoráil Faisnéise 2000 cosc ar na Gardaí aon eolas a thabhairt faoi chúlra duine gan cead d’fháil i dtosach ón duine féin. Tá roinnt eisceachtaí ann, áfach. Mar shampla, tá sé de dhualgas ar na Gardaí scrúdú a dhéanamh ar chúlra aon duine a chuireann isteach ar phost i mbord sláinte, ina bhfuil sé i gceist go mbeadh sé ag plé le páistí, nó aon duine a chuireann isteach ar phost in eagraíocht a bhíonn ag plé le páistí ag a bhfuil riachtanais speisialta.
Treoirlínte
I mbliana, de bharr aighneas cheardchumann na múinteoirí, an ASTI, beidh scoileanna ag fostú thart ar 2,500 daoine le hobair féitheoireachta agus ionadaíochta a dhéanamh. De réir urlabhraí thar ceann na Roinne Oideachais, deineadh socruithe leis na Gardaí le scrúdú a dhéanamh ar aon fhéitheoir, nó tiománaí bus scoile páistí faoi mhíchumasach, sula a bhfostófaí iad. Níl anseo, áfach, ach treoirlínte a mholtar do phríomhoidí a leanúint, ach níl aon bhealach lena chinntiú go leantar iad.
Ní múinteoirí agus féitheoirí amháin a scrúdaíonn an CVU. Caitheann siad an-chuid ama ag scrúdú cúlra daoine ar mian leo a bheith ag obair sa státseirbhís agus i seirbhísí slándala éagsúla, agus mar sin de. Tuigtear do *Beo! *nach bhféadfadh an fhoireann bheag seo, leis an ualach oibre atá acu cheana féin, cúlra chuile fhéitheora nua a scrúdú. Is féidir glacadh leis, mar sin, nach bhfuil aon seiceáil déanta ar chuid mhaith de na féitheoirí a fostaíodh anuraidh nó a bheidh á bhfostú i mbliana.
Thar aon áit eile is ar scoil is mó a chaitheann páistí am i gcomhluadar stráinséirí. In ainneoin seo, is fíorbheag an líon de mhúinteoirí na tíre seo, cuma iad a bheith ina múinteoirí seanbhunaithe, ina múinteoirí nua nó fiú ina n-ábhar múinteoirí, ar deineadh riamh seiceáil orthu. Mar a sheasann an dlí faoi láthair, níl aon dualgas ar phríomhoidí scoile cúlra aon duine a fhostaíonn siad a scrúdú. Ní hamháin sin, ach ní bheidh cead ag na Gardaí aon eolas a thabhairt amach faoi dhuine ar mian leis múineadh i scoil, gan cead a fháil i dtosach ón duine féin.
Is fíor don té a dúirt “Is minic gur i ndiaidh don chapall éalú a dhúntar geata an stábla”. Ó thárla an tragóid uafásach i Sohom tá fuadar faoi na húdaráis sa stát seo, eagla orthu go mb’fhéidir go dtarlóidh eachtra mar é anseo. Ba é an tAire Stáit Brian Lenihan ba thúisce a ghíomhaigh. Mhol sé go leathnófaí scéim sheiceála na nGardaí chun eagrais dheonacha agus phobail a thabhairt faoina mbráid. Ansin, gar do dheireadh na míosa seo caite, d’fhógair an Roinn Oideachais go mbeidís ag cur tús le cainteanna go luath le córas nua, mar atá sa Bhreatain, a thabhairt isteach a chinnteodh go scrúdódh na Gardaí duine sula gceapfaí é ar fhoireann scoile. Ach cheana féin tá na ceardchumainn mhúinteoireachta tar éis líne a tharraingt sa ghaineamh.
I ráiteas a d’fheisigh Rúnaí Ginearálta an INTO, John Carr, le gairid dúirt sé go rachadh an ceardchumann i mbun plé go luath le ranna stáit, leis na forais bhainistíochta agus leis na Gardaí le córas nua monatóireachta a thabhairt isteach, a scrúdódh cúlra aon duine nua a d’fhostófaí i scoil as seo amach. Dúirt an tUasal Carr gur chreid sé gur chóir go mbeadh ról ag na coláistí oiliúna sa mhéid seo agus go dtabharfaí tacaíocht dóibh é a chomhlíonadh. Leag sé béim freisin ar an líon ard eachtrannach atá ag múineadh anois sa chóras oideachais agus ar an ngéarghá atá le háis a chabhródh le cúlra na ndaoine seo a scrúdú. Ach dúirt sé nach n-aontódh an INTO go ndéanfaí seiceáil ar na múinteoirí atá ag múineadh faoi láthair.
Easpa teorann
Deir an ASTI nach bhfuil aon pholasaí acu ar an gceist go fóill, ach go mbeidís beagáinín buartha faoi conas mar a d’oibreodh a leithéid de chóras. “Ní bheadh sé sásúil dá mba rud é nár ceapadh múinteoir toisc go bhfuarthas amach gur gabhadh é ag léirsiú polaitiúil tamall de bhlianta roimhe sin,” arsa an t-urlabhraí. Mar a sheasann an dlí faoi láthair, má thugann duine cead do na Gardaí a chúlra a scrúdú, níl aon teorainn ó thaobh an dlí leis an réimse eolais is féidir leis na Gardaí a thabhairt.
Sa Bhreatain tá comhlacht príobháideach fostaithe le cúlra gach múinteora agus féitheora nua, mar aon le haon mhúinteoir atá ag bogadh ó scoil amháin go scoil eile, a scrúdú. Faoi láthair tá thart ar 22,000 múinteoir ag fanacht ar scéala ón chomhlacht seo sular féidir leo tosú ag múineadh. Toisc go bhfuil an cleachtas seo i bhfeidhm sa Bhreatain le fada an lá is beag múinteoir nó féitheoir atá ag obair faoi láthair nár deineadh a gcúlra a scrúdú uair éigin. A mhalairt atá fíor i gcás an stáit seo. Is ar an ábhar sin go gcreideann Peter Cox ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí cúlra múinteoirí seanbhunaithe a scrúdú chomh maith. I bhfianaise ar tharla i Sohom, tá sé tábhachtach go mbeadh muinín ag tuismitheoirí as múinteoirí agus creideann sé nach gcabhróidh seasamh an INTO leis an mhuinín seo a chothú.
Níl aon dabht ach gur gá córas monatóireachta níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm sa tír seo. Ach ba bhotún é a cheapadh gur panacea a bheadh in aon chóras nua agus nár ghá dúinn bheith ag faire amach d’ár bpáistí níos mó. I gcás Ian Huntley agus Maxine Carr, deir na póilíní gur deineadh scrúdú ar a gcúlra sular fostaíodh iad. Mar sin féin, más fíor don Sunday Tribune, theip orthu a fhoghlaim gurbh ionann Ian Hartley agus Ian Nixon, fear a bhí tar éis seal a chaitheamh sa phríosún toisc go raibh amhras faoi gur éignigh sé bean i mbaile Grimbsy cúpla bliain roimhe sin.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do Magill, i measc foilseachán eile.