THALL IS ABHUS
Conas Coileach a Cheannach san Afraic.
Seán Greif Seán Greif Seán Greif

An bhfuil Seán Greif ag iarraidh aos grá ealtaí is ainmhithe a chur le craobhacha, óir bhronn sé cead coise agus eite ar a pheata coiligh le taobh Loch Malawi.

Íomhá
Ag fuireach le síob
Íomhá
Le taobh an locha tráthnóna
Íomhá
Nandos
Íomhá
Radharc ón amóg
Íomhá
Sráidbhaile beag

Tar éis sé mhí a chaitheamh ag taisteal tríd an Afraic, thug mé faoi deara go raibh formhór mhuintir na háite ag taisteal lena gcearca féin. Seo cúnamh ó mo thaithí féin do na mzungus (ainm a thugtar ar dhaoine geala i Malawi, Mosaimbíoc agus an tSaimbia) go léir atá ag iarraidh glacadh leis an gcóras aisteach áitiúil seo.

Uimhir a hAon

Caithfidh tú an t-ainm áitiúil ar chirc a fhoghlaim ar dtús. Ní bhíonn, de ghnáth, ach Béarla bunúsach ag muintir na háite sna bailte beaga agus níos lú fós a bhíos amuigh faoin tuaith. Mar a tharla, ’sé ‘Nkuku’ a bhí ar chirc ar an oileán bheag i Loch Malawi ina raibh mé. Leis an eolas sin, fuair mé kayak amach ar cíos agus thug mé aghaidh ar an sráidbhaile beag ar thaobh eile an oileáin, ag lorg mo charad nua.

Uimhir a Dó

Bhíos ag lorg áite chun cearc a cheannach anois. Nuair a bhuail mé an cladach, gar do na mná a bhí ag ní éadaí, d’fhág mé an kayak agus thosaigh ag siúl suas an tsráid. As a bheith ag fiosrú agus ag ceistiú i rith an bhealaigh, tháinig mé ar an eolas nach raibh cearca le ceannach ach amháin ó mhuintir na tuaithe. Ar ais go dtí an kayak liom agus lean mé ar aghaidh go dtí tuaisceart an oileáin.

Uimhir a Trí

Stad mé arís tar éis roinnt tithe beaga a fheiceáil istigh ón gcladach. D’fhág mé an kayak arís agus le cúigear páistí gealgháireacha do mo threorú, shiúil mé chuig na tithe. Tar éis an áit a bhaint amach, bhuail mé le fear an tí. San Afraic, bíonn sé iontach tábhachtach a bheith béasach, agus gach comhrá a thosú (fiú ag ceistiú cén t-am atá sé) ar an modh seo a leanas

Muli bwanje? – Conas atá tú?

Ndili bwino, kaya uno? – Go maith, agus tú féin?

Ndili bwino, zikomo. – Go maith, go raibh maith agat.

Zikomo. – Go raibh maith agat

An tús sin déanta, lean mé orm leis an aon fhocal amháin eile a bhí agam sa teanga – nkuku. Phléasc an líon tí (a bhí bailithe i mo thimpeall ag an bpointe seo) amach ag gáire. Tar éis roinnt cainte eatarthu féin, d’imigh beirt agus tháinig siad ar ais le coileach breá mór álainn. Ní raibh coileach uaim ach ba léir go raibh an t-éan is fearr faighte acu dom agus in ionad a bheith drochbhéasach, d’íoc mé as, ghabh mé buíochas leo agus chroch mé liom mo chara nua ar ais i dtreo an kayak.

Uimhir a Ceathar

An bheirt againn sa kayak, d’fhágamar slán ag na leanaí a bhí ar an trá agus meanga mór gáire cairdiúil ar a n-aghaidh go fóill. Nandos an t-ainm a thug mé ar an gcoileach, agus é ina shuí os mo chomhair, d’fhilleamar ar an bpuball. Bhí sé déanach ag an bpointe seo agus bhí sé in am don bheirt againn dul ar an bhfara. Cheangail mé Nandos den phuball agus chuir mé i gcrann é. Níor smaoinigh an Bláth Cliathach seo ag an bpointe seo mórán ar an míbhuntáiste a bhaineann le coileach in ionad cearc, ach ag a ceathar a chlog ar maidin bhí sé iontach soiléir dom, agus arís ag leathuair tar éis, agus ag a cúig, agus a sé, go dtí gur thóg mé Nandos isteach sa phuball liom, chuir mé faoi t-léine é agus rinne mé iarracht dul a chodladh, ach ba bheag an rath a bhí ar an iarracht ina dhiaidh sin.

The Odd Couple

Níos déanaí sa lá bhí timpiste ann. Agus mé i mo shuí ar an trá, chuala mé gleo mór. Rith mé suas agus chonaic mé Nandos ar dhíon tí agus madra ag tafann thíos faoi. In éineacht le beirt ghasúir san áit, chuireamar tús leis an tarrtháil, agus níorbh fhada go raibh Nandos ar láimh shábhala i mo bhaclainn arís. Chuamar beirt isteach sa phuball agus Nandos bocht ag cur fola. Ghlan mé an fhuil de agus thug mé brioscaí agus uisce dó agus chuaigh mé go dtí an baile beag ar an taobh eile den oileán chun rudaí a cheannach agus teaichín a dhéanamh do Nandos. D’fhág mé Nandos sa phuball toisc go raibh an madra céanna fós thart ag fanacht leis. Botún mór eile a rinne an Bláth Cliathach...

Tháinig mé ar ais tar éis cúpla uair an chloig chuig puball lán de chac agus chleití. Bhí sé chomh salach go raibh orm gach rud a thógáil amach as, agus é a chur ar maos go díreach isteach sa loch. Anois ní raibh áit agam le codladh. Bhí bosca beag déanta agam do Nandos (ag ceapadh nach mbeadh sé ag scairteadh dá mbeadh sé faoi chlaibín dorcha) agus ansin an bheirt againn anois. Mise ag codladh in amóg ar an trá agus Nandos sa bhosca fúm, ach fós rinne sé gleo mór i rith na hoíche. Thóg mé an bosca isteach sa amóg liom ach ba é an scéal chéanna i gcónaí é. Bhíos ar buile le Nandos anois agus nuair nach ghlac sé leis an rabhadh deiridh, síos an trá linn, amach as an mbosca leis agus d’inis mé dó go bhfillfinn ar an áit an mhaidin dár gcionn, agus dá sé imithe, go dtuigfinn nach raibh sé ag iarraidh taisteal liom a thuilleadh. Chas mé mo dhroim leis ach nuair a chuala mé dhá cluc cluc brónach, le hosna mhór, chas mé ar mo sháil arís agus leisean ar bhacainn mo láimhe, d’aimsigh mé crann dó agus chuir mé ar ghéig é, agus bheannaigh mé oíche mhaith codlata leis.

Le croí trom a insím duit anois nár fill mé ar an áit an lá ina dhiaidh ...

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as BAC an t-údar. Bhain sé céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge amach agus chuaigh ag obair ar mhór-ranna dheisceart an domhain. Tá sé ag cur lena chuid Spáinnise sa Phatagóin faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.