TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Conallach ar an choigríoch
Colm Ó Baoill Colm Ó Baoill

Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas é Colm Ó Baoill ach tá cónaí air anois lena bhean chéile Seapánach i Sydney na hAstráile. Míníonn sé anseo na deacrachtaí a bhaineann le páistí a thógáil trí Ghaeilge i bhfad ó bhaile.

Íomhá
Radharc ar Áras Opera Sydney
Íomhá
Droichead an Chuain, Sydney
Íomhá
Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, ceantar dúchais Choilm Uí Bhaoill

Mo sheacht mallacht ar an ríomhaire. Tá an falsóir fágtha gan leithscéal. Is cuma cén cearn den domhan a bhfuil tú lonnaithe ann anois, thig leat teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeilge le cuidiú ón luchóg leictreach agus do mhéar sróna. Tá éagsúlacht iontach áiseanna le fáil ar an idirlíon, idir Raidió na Gaeltachta, *Beo! *ar ndóighe, agus lear mór eile suíomh eolais agus caidrimh.

Tá cónaí orm féin agus ar mo theaghlach anseo i Sydney na hAstráile le cúig bliana anois agus chaith muid seacht mbliana roimhe sin i dTóiceo na Seapáine. Anseo i Sydney tá scaifte ar dóigh cainteoirí dúchais fán chathair. Bíonn teacht le chéile achan oíche Luain ag na cainteoirí Gaeilge sa chlub Gaelach agus, lena chois sin, bíonn clár Gaeilge ar siúl oíche Chéadaoin ar feadh uaire ar an stáisiún raidió SBS. I rith na bliana bíonn go leor imeachtaí eile ann, an tAifreann Gaeilge agus an Scoil Gheimhridh, cuir i gcás, ag a dtagann baicle Gaeilgeoirí ó chuile choirneál den tír le chéile ar feadh deireadh seactaine le Gaeltacht bheag a bhunú. Creidim go mbíonn níos mó Gaeilge á labhairt inti ná mar a bhíonn i gcuid de na Gaeltachtaí sa bhaile.

Lena chois sin bíonn duine inteacht as an bhaile i gcónaí anseo ar cuairt agus bíonn sé deas bualadh leo agus an scannal uilig a fháil ón bhaile, scéalta ar ndóighe nach mbeadh le fáil ar Raidió na Gaeltachta!

Tá an damhsóir Breandán de Gallaí anseo i Sydney i láthair na huaire le Riverdance. Bhí sé scór bliain ó labhair mise le Breandán go deireanach. Bhí muid ag foghlaim na fidle i dteannta a chéile fá ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair, tá fada an lá ó shin nuair a bhí Dia ina ghasúr. Bhí sé deas bualadh leis arís. Fear uasal é atá iontach bródúil as a pharóiste dúchais agus as an chultúr Gaelach.

Easpa deiseanna

Tá triúr páistí agam féin agus an rud a chuireann as go mór dom ná nach bhfuil deis ar bith acu an Ghaeilge a úsáid go rialta agus go bhfuil leisce orthu í a labhairt siocar nach bhfuil sí le cluinstin thart orthu. Rugadh an bheirt is sine sa tSeapáin agus níor labhair siad nuair a tháinig an chaint chucu ach Gaeilge agus Seapáinis. Nuair a bhí muid ag dréim leis an fhear is óige shocraigh muid a dhul chun an bhaile don bhreith. Bhí muid sa bhaile ar feadh ceithre mhí agus bhí an péire acu ar naíonra lán-Ghaelach agus an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Nuair a shocraigh muid san Astráil, áfach, agus iad sa bhunscoil, thosaigh siad ag labhairt an Bhéarla agus ó shin i leith tá siad ag déanamh neamhiontais don Ghaeilge agus don tSeapainis. Is cuma cén teanga a labhrann tú leo tiocfaidh an freagra i gcónaí i mBéarla. Tionchar na teilifíse, na timpeallachta agus an bhrú atá ar pháistí a bheith cosúil lena gcairde, is cosúil. Le cuidiú Dé, nuair a bheas siad ina ndéagóirí agus béim níos mó acu ar an neamhspleáchas, tá seans go bpillfidh siad ar an Ghaeilge.

An t-aon uair a tháinig corraí orm féin fán teanga sa tír seo ná nuair a chuaigh mé le mo phas a athnuachan in Ambasáid na hÉireann. Líon mé féin na foirmeacha i nGaeilge ach cad é do bharúil ná gur sheol siad ar ais chugam iad ag rá nach raibh siad sásta glacadh leo. Chuir mé scairt orthu láithreach ach ní bhfuair mé sásamh ar bith uathu. Lena chois sin, an bhean a bhí ag caint liom bhí sí gan mhúineadh agus nuair chuala mé féin na focail “under no circumstances will we accept it”, bhí sé ina chogadh.

Chuaigh mé ar an ghuthán go hOifig na bPas i mBaile Átha Cliath agus mhínigh mé an scéal dóibh. Dúirt siad nach raibh fadhb ar bith ag baint leis an Ghaeilge a úsáid. Sheol mise an fhoirm iarratais ar ais chuig an ambasáid le litir i nGaeilge agus ainm agus uimhir an chailín ar labhair mé léi i mBaile Átha Cliath. Le scéal fada a dhéanamh gairid, fuair mé an pas ach ní róshásta a bhí mé.

Mí ina dhiaidh sin, agus mé ag éisteacht le “Clár na Gaeilge”, bhí an láithreoir ag caint fá na deacrachtaí a bhí aige féin nuair a thug sé iarraidh a ghnó a dhéanamh i nGaeilge leis an ambasáid chéanna. Thuig mé ansin go raibh muid uilig sa bhád amháin.

Níl Sydney cosúil leis an bhaile. Níl TG4 ná an tOireachtas, Éigse Uladh ná Teach Hiúdaí Beag againn. Ach, ar a laghad, bíonn scoith aimsire ann i rith na bliana agus caithfear a bheith sásta leis sin.

Tá Colm Ó Baoill ag obair leis an Commonwealth Bank of Australia i Sydney.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.