CÚRSAÍ SPÓIRT
Comórtas Peile na Gaeltachta
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ba thábhachtach gné shóisialta Chomórtas Peile na Gaeltachta na blianta siar agus tá súil ag Colm Mac Séalaigh gur amhlaidh atá an scéal i gcónaí.

Íomhá
Ros Muc 2009
Íomhá
Murach RnaG agus TG4. is beag aird ...
Íomhá

Is minic na céad seachtainí de mhí an Mheithimh a bheith brothallach, meirbh, rósamhach, an ghrian ag scoilteadh na gcloch, an tarra ag leá ar na bóithre faoi dhianteas na gréine. Is minic leis gur le deireadh seachtaine na Cincíse a thagann an chéad bhabhta den bhrothall agus den teas sin a mbímid ag tnúth leis le míonna roimhe. Bliain ó shin, is amhlaidh a bhí an Chincís, agus bhí sé chomh te sin go bhféadfá ubh a róstadh ar na clocha mar a deireadh cara liom, dá mbeadh ubh agat.

Cúis ar leith dar ndóigh go bhfuil uathúlacht ag baint leis an gCincís ná go reáchtáiltear Comórtas Peile na Gaeltachta i gceann de na ceantair Ghaeltachta ag an deireadh seachtaine sin gach aon bhliain. Bíonn an aimsir go breá go hiondúil (nó samhlaítear dom go mbíonn ar aon nós), agus cuimhneoidh a lán daoine ar fhéile na bliana seo caite a bhí ar bun i Ros Muc agus an teas agus an brothall a bhí ann. Ach, cé gur breá é an teas agus an brothall, tá taobh eile leis mar scéal, taobh nach bhfuil taitneamhach ach a mhalairt, agus is é sin go ndúisítear na míoltógaí beaga as a suan agus go dtéann siad le báiní de thoradh an bhrothaill chéanna. Bhí féasta acu anuraidh thiar i Ros Muc, agus b’amhlaidh dóibh roinnt blianta ó shin ar an gCnoc in Indreabhán mar a raibh comórtas peile na Gaeltachta á reáchtáil ag Cumann Mhícheál Breatnach. Ní céasta go míoltóga beaga.

Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar phríomhtheanga phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é Comórtas Peile na Gaeltachta a thugann deis do na daoine, idir lucht peile agus lucht leanúna agus siamsaíochta, as na limistéir éagsúla Ghaeltachta teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar a sainiúlacht, ar a spiorad agus ar a bhféiniúlacht féin mar chine is mar phobal. Is cuid den ‘The Hidden Ireland’ mar a thug Dónal Ó Corcra uirthi, Comórtas Peile na Gaeltachta Éire, nach dtugann meáin chumarsáide mhóra Bhéarla na tíre (An Irish Examiner ina eisceacht) aird uirthi toisc nach bhfuil aon spéis acu inti is dóigh. Murach Raidió Na Gaeltachta agus TG4, is beag aird a thabharfaí ar cheann de mhórócáidí Gaelacha na bliana.

Mar a luaigh mé cheana, reáchtáladh an comórtas peile i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara anuraidh, cúpla céad slat ó theach an Phiarsaigh. ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann peile áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staideanna peile is deise dá bhfuil in iarthar na hÉireann tógtha ag CLG Na Piarsaigh i Ros Muc.

Tráth den saol, agus ní chomh fada sin ó shin é, criathrach, portach agus bolláin mhóra ó aois an oighir, a bhí san áit ina bhfuil Páirc na bPiarsach inniu. Insíonn Máirtín Ó Mainnín i gclár an chomórtas peile 2009 gur ar ‘chriathraigh bheaga’ is mó a d’imríodh ógfhir agus ógmhná Ros Muc/Chamuis an pheil, an iománaíocht agus an chamógaíocht sna blianta siar, agus gur ar an gcriathrach beag ó dheas ó Ghairmscoil Ros Muc an láthair ar a mbídís ag imirt go deireanach. Ach, a deir Máirtín, ‘ó lár na gcaogaidí amach ní raibh an pháirc feiliúnach le haghaidh cluichí ar bith mar bhí dochar mór déanta do dhromchla an chriathraigh ag peil, beithígh agus ag an mbáisteach’.

Ach bhí fís ag daoine i Ros Muc agus i gCamus go mbeadh páirc peile cheart agus ionad le seomraí feistis agus seomraí cruinnithe dá gcuid féin acu. Bhí an suíomh ar fáil, criathrach garbh ar aghaidh na gairmscoile, agus bhí an fhís, an toil agus an tsamhlaíocht ag daoine cróga, dúthrachtacha an cheantair. Bunaíodh coiste na páirce i 1993, agus cuireadh tús le feachtas bailithe airgid, ní hamháin i bparóiste Ros Muc, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain mhóir. Cruinníodh an t-airgead i Meiriceá, i Sasana, san Astráil, in áit ar bith ar domhan a raibh na Gaeil, Gaeil Chonamara go háirithe, ina gcónaí. Díoladh ticéid agus reáchtáladh damhsaí, ceolchoirmeacha, lotto, tráth na gceist, crannchuir, ‘you name it a mhac’ mar a dúirt fear amháin, go dtí go raibh dóthain sa chiste. Osclaíodh an pháirc, na seomraí feistis agus an t-ardán nua in 2002 agus reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i Ros Muc don chéad uair riamh in 2009.

I mBliana

I mbliana, ag an gCincís mar is iondúil, is i gceantar Bhéal an Mhuirthead a eagrófar an comórtas peile agus ar nós mhuintir Ros Muc agus scata díograiseoirí eile ar fud na tíre go deimhin, tá dua agus airgead caite ag baill an chumainn áitiúil ar fhorbairt a gcuid áiseanna. €1.8 atá caite acu ar dhá pháirc, ceithre sheomra feistis nua, clubtheach nua, ardán faoi dhíon agus carrchlós a thógáil. Cúig fhoireann is fiche, idir fhir is mhná, idir shóisear agus shinsear, a bheidh páirteach sna comórtais peile i mbliana agus táthar ag súil le go bhfreastalóidh suas le deich míle duine ó gach aon chearn den Ghaeltacht ar an bhféile. Agus tá níos mó ná peil i gceist, mar beidh comórtas an Chailín Ghaelaigh ar siúl freisin chomh maith le ceol, damhsa agus siamsaíocht.

Is iomaí Cincís san am a caitheadh a thug mé féin cuairt ar chomórtas peile na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, Rath Cairn, Leitir Móir, ar an gCeathrú Rua, i gCorca Dhuibhne, Cois Fharraige, ar an Fhairche, cibé áit a raibh an comórtas ar bun. Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a bhíonn ann nuair a bhailíonn na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile. Bhíodh sé ar nós Oireachtas na nGael a tharlaíodh go luath sna seachtóidí: dream óg ag campáil nó ag codladh ar urlár éigin, ar chúl cairr, nó faoi na réalta dá dtiocfadh sé chuige sin, gan mórán airde ar chluichí peile, ach a lán airde ar chailíní Gaelacha. Níl fhios agam an mar sin a bhíonn inniu ach tá súil agam gurb ea.

Naisc: I mbliana http://www.gaeltacht.eu/imap.htmlhttp://www.clgbealanmhuirthead.com/index.htmlNa Piarsaigh http://www.youtube.com/watch?v=qsDvLoh4-rQhttp://www.cumannpeilenabpiarsaigh.ie/An Pháirc http://www.beo.ie/?page=cursaispoirt&contentid=897Mícheál Breathnach, camanachd agus iománaíocht http://www.youtube.com/watch?v=lUvxr-NQ6RQhttp://ga.wikipedia.org/wiki/Com%C3%B3rtasPeilenaGaeltachtaDomhnall Ó Corcra http://corkery.inchigeelagh.net/An nasc céanna le Gúgal translate!, nuair nach bhfuil teacht air i nGaeilge: http://translate.google.com/translate?js=y&prev=t&hl=en&ie=UTF-8&layout=1&eotf=1&u=http%3A%2F%2Finchigeelagh.net&sl=en&tl=ga

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.