Comórtas Mhí na Samhna
Íomhá
Luaithreach Angela

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Pádraic Breathnach, chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cár rugadh Pádraic Breathnach?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Samhain 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Samhna’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

LUAITHREACH ANGELA / ANGELA’S ASHES

Cuimhní Óige, Frank McCourt aistrithe ag Pádraic Breathnach

ISBN: 0780956281043

Ionad Scríbhneoirí Luimnigh 2011

Aistriúchán go Gaeilge le Pádraic Breathnach den leabhar ardéilimh Angela’s Ashes ó Frank McCourt. Sé atá sa leabhar, aistí beathaisnéise faoin saol a bhí ag an údar le linn a óige i Brooklyn Nua-Eabhrach agus i Luimneach chomh maith lena choimhlint le bochtanas agus le fadhb ólacháin a athar agus faoi iarrachtaí a mháthar an teaghlach a choimeád beo. Foilsíodh an leabhar i 1996 agus ghnóthaigh sé Duais Pulitzer san earnáil beathaisnéise

Tá Beo an-bhuíoch den Limerick Writers Centre as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.