COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Nollag
Íomhá
an Saol an Máistir
Íomhá
An Lámhscríbhinn

Tabhair cuairt ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht agus chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén t-achar blianta atá Cló Iar-Chonnacht ar an bhfód anois?

Nasc anseo: http://www.cic.ie

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 23 Nollaig 2010 agus bíodh na focailComórtas Mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo:

an Saol an Máistir

Filíocht Learaí Phádraic Learaí Fhínneadha Le Gearóid Denvir

Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Fhínneadha le cloisteáil an athuair. Lena bheo raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd. Ach taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh leis an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.

Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar. nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.

Clúdach: Crua, Tagairt: ISBN 978-1-905560-65-3

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.