COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Bealtaine
Íomhá
Donncha Ó Briain
Íomhá
Pádraig Mac Niocaill

Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín Gael-Linn chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén lá i mí Bealtaine 2011 a mbeidh Tráthnóna Siamsaíochta ag Gael-Linn in Amharclann Bewley’s?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Bealtaine 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Bealtaine’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

Mo Churachín le Pádraig Mac Niocaill

Teanór binn de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill ba ea Pádraig Mac Niocaill a fuair bás sa bhliain 2007. D’eisigh Gael Linn ceirnín leis i 1970 agus tá curtha go mór leis ar an eisiúint nua seo, a bhuíochas de RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chomh maith lena ghlór breá, tá soiléire agus cruinneas focal go sonrach ag Pádraig sna hamhráin seo. Tugtar na focail uile sa leabhrán a ghabhann leis an ndlúthdhiosca. Cód: CEFCD200

Donncha Ó Briain Ceol ar an bhFeadóg Stáin

Ball de chlann cheolmhar Uí Bhriain ó Bhaile Átha Cliath ab ea Donncha. D’fhoghlaim sé féin agus a chuid deartháireacha Mick, Tom, Andrew agus John a gcuid ceoil óna n-athair Dinny. In ainneoin go raibh an galar diostróife mhatánach air, d’éirigh le Donncha barr feabhais a bhaint amach ar an bhfeadóg stáin. Sa bhliain 1979, d’eisigh Gael Linn fadcheirnín leis a thuill ardmholadh agus tá dlúthdhiosca á eisiúint anois ar a bhfuil roinnt traiceanna breise a thaifead Raidió na Gaeltachta. Fuair Donncha bás sa bhliain 1990 agus é in aois 30.

Ceol feadóige den scoth atá le cloisteáil ar an albam seo - ‘The Dublin Reel’, ‘The Ivy Leaf’ agus ‘Seán sa Cheo’, píosa a thaitin go mór le Donncha. Paddy Glackin a rinne léiriú ar an albam agus dúirt sé ina leith:

Aoibhneas na beatha an tréith is suntasaí sa chnuasach seo. Castar gach fonn le dearfacht agus le stuaimtréithe nach mbíonn ach ag an té a thuigeann idir áilleacht agus chruálacht an tsaoil. Seinneann clann Dhonncha ar dhá rian agus ar ‘The Maid of Mont Cisco’, tá tionlacan ar an ngiotár ag Mark Kelly, cara mór Donncha. Ar an rian deiridh, cloistear Johnny Connolly ag seinm ‘An Chathaoir Rotha Scaoilte’, an port a chum Charlie Lennon in onóir do Dhonncha. Cód: CEFCD19;9

Tá Beo.ie an-bhuíoch de Gael-Linn as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.