COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Mheán Fómhair
Íomhá
An jócleabhar

Tabhair cuairt ar an tsuíomh idirlín Coiscéim chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cá háit, dar le ‘Moltóir Oireachtais eile’, arbh fhearr roinnt de scéilíní an jócleabhair a insint?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Meán Fómhair 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Mheán Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Jócleabhar Beag Bídeach na Gaeilge

Le Risteard Mac Gabhann

Bailiúchán de scéalta gairide grinn idir nua agus sean i nGaeilge shimplí atá anseo, iad ag dul i bhfad agus i ndeacracht de réir mar a théann tú tríd an leabhar. Tá an leabhar seo dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge ach, ar ndóigh, gheobhaidh gnáthléitheoirí na Gaeilge ábhar gáire go minic ann chomh maith.

Coiscéim 2011 978-0-9507059-6-5 Clúdach: John McCloskey – 134 lch.

Beidh triúr buaiteoirí ann.

Coiscéim

Tá Beo an-bhuíoch de Risteard Mac Gabhann agus do Coiscéim as ucht na leabhair seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.