COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Lúnasa
Íomhá
Dúlra Oileáin Árann
Íomhá
An Dragan Feasa

Tabhair cuairt ar an tsuíomh idirlín Cois Life chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cé atá ag léamh sleachta as an leabhar ‘Séadna’ ar Bhlag Chois Life?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Lúnasa 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Lúnasa’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

Na Duaiseanna

‘An Dragan Feasa’ le Rhiannon Watson

‘Dúlra Oileáin Árann’ le Con Ó Ruairc

COIS LIFE

Tá Beo an-bhuíoch de Cois Life as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

Con Ó Ruairc, Dúlra Oileáin Árann, Foilsithe: 2011

Oileáin Árann agus an saibhreas dúlra a bhaineann leo is ábhar don leabhar seo. Tugann Con Ó Ruairc léargas tuisceanach ar uathúlacht oidhreacht seo na n-oileán – an gheolaíocht, an aeráid, ainmhithe agus lusanna, an cladach agus an fheirmeoireacht. Comhlánú ar a chéile is ea an téacs grinn géarchúiseach agus na grianghraif ghleoite.

Foilseofar an leabhar seo i Meán Fómhair 2011 ach sleachta as an gcéad phrofa le feiceáil anois ar bhlag Chois Life mar réamlaiseadh ... Tá an féilire (do 2012) atá bunaithe ar an leabhar le fáil anois ó Chois Life chomh maith.

Faoin údar Con Ó Ruairc:

Rugadh Con Ó Ruairc i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (BAgrSc, MAgrSc) agus Cornell (PhD).

Chaith sé 40 bliain ag obair le Teagasc mar eolaí lusa, mar eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus mar phleanáil taighde. Bhí Diseases of Grasses and Forage Legumes in Ireland i measc líon mór na bhfoilseachán eolaíochta a scríobh sé. Rinne sé eagarthóireacht ar fhoilseacháin éagsúla de chuid Teagasc lena n-airítear leabhair ar chré thrí Chontae in Éirinn.

Chaith sé seal mar Uachtarán ar Institiúid Bitheolaíochta na hÉireann, Cathaoirleach ar Choiste Eolaíochta an RDS agus ar choistí éagsúla de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. D’eagraigh sé cláir ‘Bitheolaíocht Inniu’ do mhic léinn dara leibhéil leis an I.Biol.I agus chuir sé tús leis an gcéad chlár den chineál seo as Gaeilge.

Ó 1983 d’eagraigh sé léachtaí agus turais trí Ghaeilge ar Fauna agus Flora agus gheolaíocht Inis Meáin d’ábhair oide le linn a dtréimhsí sa Ghaeltacht. Thar na blianta bhí Éanna Ní Lamhna, Aisling Nic An tSithigh, Micheál Óg Ó Briain agus Con Breen ar a fhoireann teagaisc. Tá an clár seo ar Árainn níos ábhartha toisc go bhfuil dúlra agus eolaíocht curtha ar an siollabas bunscoile arís.

Rhiannon Watson, An Dragan Feasa, Foilsithe: 2011, Léaráidí le: Olivia Golden, Leathanaigh: 52

Scéal fantaisíochta é seo do dhaoine óga 9-12 bliain. Tá dragain go flúirseach anseo, cuid acu maith agus cuid acu olc. Tá triúr páistí óga sa scéal freisin a chaitheann dul i ngleic leis na dragain agus, níos tábhachtaí fós, leis an saol. Cuireann na léaráidí lándaite le hOlivia Golden go mór leis an leabhar.

Sliocht as An Dragan Feasa:

AN BHRIONGLÓID

‘Táimid i gcruachás, a Sheosaimh! Cabhraigh linn!’ Thosaigh mé ag casadh timpeall agus timpeall go míshuaimhneach i mo chodladh, ag dul i bhfostú sna héadaí leapa. Bhí na guthanna chomh fírinneach sin sa bhrionglóid – bhí siad ag glaoch orm, ag iarraidh orm iad a tharrtháil. ‘A Sheosaimh – Gabhadh an dragan feasa agus tá an domhan seo i mbaol!’ Tháinig an guth truamhéalach arís, ag brú isteach i m’intinn. ‘Cabhraigh linn! Téigh tigh Mhamó!’

Go tobann chuala mé fuaim an-ard, ghéar, agus mhothaigh mé scáil mhór ag titim orm. Dhúisigh mé de phreab agus d’fhéach mé timpeall an tseomra. Piú! Bhí sé ina phraiseach, díreach mar a d’fhág mé é! Léim mé amach as an leaba agus rith mé isteach i seomra Laoise.

Bhí Laoise ina codladh sámh, solas na gealaí ag soilsiú tríd an mbearna sna cuirtíní ag caitheamh scáileanna aisteacha ar fud an tseomra. Bhí a seomra chomh glan, chomh néata sin. Ní raibh aon rud ar na ballaí seachas póstaer amháin, póstaer de sheomra i seanchaisleán. Bhí leaba shingil faoin bhfuinneog ag taobh thall an tseomra, deasc adhmaid ag balla amháin agus vardrús le scáthán ar a thosach ag an mballa eile agus gan aon rud as áit. Seomraí réasúnta beag a bhí sa teach s’againne ach bhí mise an-sásta go raibh mo sheomra féin agam agus nach raibh orm roinnt le mo dheartháir óg, Máirtín.

‘Dúisigh! Dúisigh, a Laoise!’ a scairt mé, agus mé á croitheadh. ‘Bhí brionglóid chomh fírinneach sin agam!’ ...

Faoin údar Rhiannon Watson:

Rugadh Rhiannon Watson i 1977 i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil sí féin agus a fear, Cormac, ina gcónaí lena dtriúr mac. Tá siad seo á dtógáil le Gaeilge agus tá Rhiannon lánghníomhach i dtionscnaimh oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá suim ar leith aici sna healaíona ó bhí sí an-óg, tráth a chaitheadh sí na huaireanta ag scríobh ficsin. D’fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus bhain sí amach céim onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas araon. Bhí sí ina cisteoir ag an Chumann le Béaloideas Éireann agus tá Dioplóma sa Chleachtas Dátheangach gnóthaithe aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Agus í ag dul dá céim Ghaeilge bhíodh sí ag aisteoireacht agus ag scríobh don chumann drámaíochta i rith tréimhse a bhí an-rathúil dóibh nuair a d’éirigh leo aitheantas a bhaint amach mar chompántas sna comórtais náisiúnta drámaíochta. D’fhoilsigh Cois Life a céad leabhar An Dragan Feasa i mbliana; Scéal fantaisíochta é seo do dhaoine óga 9-12 bliain.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.