COMÓRTAIS
Comórtas mhí Iúil Beo!
Íomhá

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Oideas Gael (www.oideas-gael.com) chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén t-ainm atá ar shiopa Oideas Gael?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Iúil 2006 agus bíodh na focail ‘Comórtas mhí Iúil’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh triúr buaiteoirí ann agus gheobhaidh gach duine acu cóip den DVD Gearrscannáin ar a bhfuil na scannáin is fearr ón tsraith Oscailt a craoladh ar TG4. I measc na saothar atá le fáil ar an diosca tá na sárscannáin “Yu Ming is Ainm Dom” le Daniel O’Hara agus “Lip Service” le Paul Mercier. Tá na scannáin go léir i nGaeilge agus fotheidil Bhéarla orthu.

Níl an DVD seo ar fáil sna siopaí. Tá Oideas Gael tar éis socrú speisialta a dhéanamh le Bord Scannán na hÉireann leis an diosca a dháileadh. Is féidir é a cheannach ó shiopa Oideas Gael (www.oideas-gael.com/siopa) ar €20.

Beo! an-bhuíoch d’Oideas Gael as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.