COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Iúil
Íomhá
Aislingí Ceoil
Íomhá
Armhráin Ghrá
Íomhá
Ceolta Mhúscraí

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Gael Linn

An Cheist

Cén coláiste i gContae Chorcaí ina n-eagraíonn Gael Linn coláiste sa samhradh?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Iúil 2012 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Iúil’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den ddAislingí Ceoil’,

Cóip den dd ‘Amhráin Ghrá’

agus cóip den dd ‘Ceolta Mhúscraí’

Aislingí Ceoil:

Tá an ceol agus na seanamhráin Ghaeilge ar an scáthán is fearr atá againn ar chroí agus ar anam ár gcine. Is iontach go deo an taisce a tháinig slán agus atá faoi bhláth in Éirinn faoi láthair. Tá Tony Mac Mahon, Noel Hill agus Iarla Ó Lionáird ar an taifeadadh seo, triúr de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír, ag soláthar cuid den taisce ceoil sin. Tá an gol agus an gáire anseo, an greann agus an t-uaigneas agus, thar aon rud eile, ceiliúradh na beatha. Eisíodh an taifeadadh álainn seo den chéad uair i 1993 agus cuireann an dearadh úrnua go mór leis.

Amhráin Ghrá:

Bailiúchán d’amhránaithe mná é seo atá bunaithe ar cheirníní a d’eisigh Gael Linn idir na 1960í agus na 80í, chomh maith le roinnt rianta nár eisíodh cheana. Tá sé mar aidhm ag an díolaim seo aird a dhíriú ar an saibhreas a bhaineann leis an ngné áirithe seo dár dtraidisiún. Deis í seo le haoibhneas agus binneas na n-oirfideach a bhlaiseadh in athuair. Amhráin Ghrá is teideal don albam agus faightear léirithe ann ar shaghsanna éagsúla den ghrá: an grá rómánsúil, an grá máthartha agus an tírghrá. Tá na hamhráin mhóra anseo mar ‘An Draighneán Donn’ agus ‘Róisín Dubh’, chomh maith le suantraithe séimhe.

Ceolta Mhúscraí:

Cnuasach fíorluachmhar é seo ar a bhfuil oirfidigh ó cheantar Mhúscraí, ceantar iomráiteach amhránaíochta agus ceoil; ní fhéadfaí a sárú d’oirfidigh a fháil leis an dtraidisiún suaithinseach sin a léiriú. Níor eisíodh riamh cheana na taifeadtaí seo le Diarmuid Ó Súilleabháin (1947-1991), Seán Ó Liatháin agus Máire Ní Cheocháin. Cloistear anseo chomh maith taifeadtaí le Seán Ó Síocháin as Cill na Martra nár chualathas cheana iad ach ar fhadcheirnín a eisíodh i 1960. Bhain Seán Ó Síocháin cáil amach mar amhránaí ar chláir raidió i lár an chéid seo caite agus seo an t-aon taifeadadh leis atá ar fáil.

Mar sméar mullaigh ar an mbailiúchán seo, tá leagan diamhrach den bhfonn ‘Aisling Gheal’ á sheinm ar an bpianó ag Seán Ó Riada. Rinneadh an taifeadadh seo ag ceolchoirm de cheol na Mumhan a thug sé i gColáiste na hOllscoile, BÁC i Márta 1971, an bhliain chéanna a fuair sé bás. Níor eisíodh an rian seo riamh cheana.

Gael Linn Tá BEO an-bhuíoch de Ghael Linn as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.