Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Focail.ie chun freagra na ceiste seo a aimsiú:
An Cheist
An bhfuil fás faoi líon na gcuardach le himeacht ama sa bhunachar náisiúnta téarmaíochta ó seoladh é?
Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Feabhra 2012 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Feabhra’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.
An Duais
Ciste Téarmaíochta Focal.ie ar DD
Tá inneachar an phríomhbhailiúcháin téarmaíochta ar www.focal.ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge ar fáil anois ar dhlúthdhiosca.
Is féidir an bogearra a rith díreach ón dlúthdhiosca nó é a shuiteáil ar do ríomhaire, ionas go mbeidh cóip de bhunachar téarmaíochta www.focal.ie agat le cuardach agus tú ag obair as líne. Beidh cóip nuashonraithe den bhunachar ar fáil go tráthrialta. Tá an bogearra seo dírithe go háirithe ar dhaoine gan nasc seasta idirlín ar ardluas. Sa bhreis ar an mbogearra cuardaigh, tá breiseán ar an dlúthdhiosca don phróiseálaí focal, Microsoft Word. Déanann an breiseán téarmaí Gaeilge agus Béarla a scríobhtar nó a roghnaítear i gcáipéis Word a chuardach go huathoibríoch ar an dlúthdhiosca, rud a fhágann nach gá cóipeáil agus greamú.
Tá BEO an-bhuíoch de An Gúm as ucht an duais seo a chur ar fáil.