COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Dheireadh Fómhair
Íomhá
Leabhar Laethanta
Íomhá
Splancanna ó shaol eile

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Cois Life

An Cheist

mhéad ríomhleabhar, dar leat, atá ar fáil ó Cois Life?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Deireadh Fómhair 2013 agus bíodh na focailComórtas Mhí Dheireadh Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

Duaiseanna

Cóip den leabharLeabhar Laethanta’ le Donla Bhraonáin.

Leabhar a thugann spás ar leith do gach den bhliain (365 ) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae. Fágtar spás beag bán in aghaidh gach lae inar féidir leis an léitheoir a c(h)uid nótaí/meabhrán féin a scríobh.

Cóip den leabharSplancanna ó shaol eile’ le Alex Hijmans.

Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnidatá i lár an aonaigh.

aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro. Go heacnamaíoch agus go polaitiúil, ról níos tábhachtaí riamh ag fathach Mheiriceá Theas ar an stáitse idirnáisiúnta.

Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaílaithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist. Léirítear sa saothar seo, go deimhin, mórchuid na gcúiseanna atá leis an achrann sóisialta a thosaigh sa tír sin le déanaí.

Nios eolas ar Cois Life

COIS LIFE

BEO an-bhuíoch de Cois Life as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.